Éamonn Ryan, sárbhainisteoir Chorcaí, ar shlí na fírinne

Bhí Éamonn Ryan, cainteoir líofa Gaeilge, ar dhuine de na bainisteoirí peile ba mhó rath riamh agus é i gceannas ar fhoireann ban Chorcaí le linn ré órga an chontae

Éamonn Ryan, sárbhainisteoir Chorcaí, ar shlí na fírinne

Tá ómós á léiriú d’iarbhainisteoir Chorcaí Éamonn Ryan atá ar shlí na fírinne.

Bhí Ryan ar dhuine de na bainisteoirí peile ba mhó rath riamh agus é i gceannas ar fhoireann ban Chorcaí le linn ré órga an chontae. Bhuaigh Corcaigh Craobh Shinsir na hÉireann deich n-uaire sa 12 bliain a chaith Ryan i gceannas orthu.

Bhuaigh an fhoireann Craobh na Mumhan deich n-uaire agus an tsraith náisiúnta naoi n-uaire le linn na tréimhse iontaí sin idir 2004 agus 2015.

Chaith Ryan, cainteoir líofa Gaeilge, seal i gceannas ar fhoireann na bhfear i gCorcaigh chomh maith sna 1980idí agus bhí sé ina roghnóir ar an bhfoireann arís idir 2015 agus 2018 tar éis dó éirí as mar bhainisteoir ar fhoireann na mban.

Chaith sé tréimhse ag imirt d’fhoireann Chorcaí freisin i lár na 1960idí.

Ba as Cnocán na Biolraí i gCorcaigh do Ryan ó dhúchas ach bhíodh an t-iarmhúinteoir bunscoile ina chónaí i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus an-bhaint aige leis an gcumann áitiúil.

“Fear as an ngnáth ab ea Éamonn Ryan a raibh rath iontach ar Chorcaigh faoina stiúir,” Uachtarán Pheil na mBan, Marie Hickey tráthnóna.

“Scoth an bhainisteora a bhí in Éamonn agus idir 2005-2009 bhuaigh Corcaigh cúig Chraobh na hÉireann TG4 as a chéile faoina láimh agus cúig cinn eile idir 2011-2015.

“Bhí dáimh ar leith ag Éamonn leis an himreoirí agus molann siad ar fad go hard na spéire an tionchar iontach a bhí aige orthu,” a dúirt Marie Hickey.

Fág freagra ar 'Éamonn Ryan, sárbhainisteoir Chorcaí, ar shlí na fírinne'