Nocht an ghrian í féin as cúl na néalta dubha a bhfuil an pheil Ghaelach faoina scáil

Foirne den mhianach atá faoi láthair in Áth Cliath agus i gCiarraí a leagann síos an caighdeán – ag a gcéilí comhraic atá sin a shroichint agus a shárú más féidir…

Nocht an ghrian í féin as cúl na néalta dubha a bhfuil an pheil Ghaelach faoina scáil

Mo ghraidhin iad Doire agus Mickey Harte agus Dia go deo le hÁth Cliath.

Ar feadh dhá uair an chloig Dé Domhnaigh seo caite nocht an ghrian í féin as cúl na néalta dubha a bhfuil an Pheil Ghaelach faoina scáil. Ba dheacair do shúile a thógáil den cheacht a thugadar ar an gcaoi ar chóir an cluiche sin a imirt – faoi luas agus d’aghaidh chun cinn ar feadh formhór an ama.

Gan dabht thuigeadear an gá a bhain le bheith cosantach freisin. Nuair a theastaigh sin ní raibh aon drogall orthu formhór a gcuid imreoirí a bheith idir a gcúl féin agus an liathróid. Bíonn réimse leathan ábhar sa gcáca is milse.

Ar an bpolasaí cosantach sin atá mórán chuile chontae sa tír ag díriú le fada anois. An difríocht is suntasaí idir an bealach a dtugann siadsan faoi agus a bhfaca muid i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite go bhfuil straitéis chomh héifeachtach céanna ag Doire agus Áth Cliath nuair a bhíonn siad ar an ionsaí.

Is ag Ciarraí atá an t-aon fhoireann eile a bhfuil sin máistrithe acu.

Bheadh leathdhosaen contae eile ann nach bhfuil a gcumas cosanta i bhfad chun deiridh ar na trí cinn atá luaite agam, ach níos minice ná a chéile agus an liathróid ina seilbh bíonn an ghaoth imithe as a gcuid seolta faoin am a sroicheann siad lár na páirce. Níl acu ansin ach a bheith ag dul ó thaobh go taobh.

Méanfach i measc an tslua agus díshealbhú nó cailliúint na liathróide ar pháirc na himeartha is minice a fheictear mar thoradh air sin.

As lár na páirce a tháinig an cúl ba thúisce a scóráil Áth Cliath Dé Domhnaigh seo caite agus bí cinnte nach raibh aon ‘sall is anall’ ag baint leis.

An leathchúlaí láir, John Small a bhris liathróid i dtreo Colm Basquel a sheol chun cinn í chuig Killian McGinnis, a thug faoi chúilín. Sa gcearnóg bheag a thuirling a iarracht agus ós rud é go raibh báireoir Dhoire, Odhrán Lynch faoi bhrú ag Cian Murphy ní raibh aige ach í a bhualadh amach lena dhorn. Cé a bhí ansin? Basquel a choinnigh ag rith tar éis dó an pas a thabhairt uaidh agus a bháigh an liathróid san eangach.

Chomhair mé deichniúr imreoirí de chuid Dhoire a bhí timpeall nó laistigh den stua nuair a fuair Eoin McEvoy an tríú cúl a fuair Doire. Ní féidir ach gur chuir an scór sin meangadh faoi leith ar éadan a bhainisteora. Is léir go bhfuil cead tugtha aigesean do McEvoy a rogha fánaíochta a dhéanamh timpeall na páirce agus ní de thimpiste a tharla sé go mba leathchúlaí láir bhí ina phríomhscórálaí (2-2) sa gcluiche.

Riachtanas eile a bhaineann le himirt in aghaidh na bhfoirne atá luaite agam is ea a bheith in ann a bheith faoi lán seoil go séidtear an fheadóg dheireanach – tagadh sin agus beagán le cois 70 nóiméad caite, am breise a bheith i gceist, nó mar a tharla i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, ciceanna éirice.

Faoi thrí ab éigean do Dhoire an cluiche sin a bhuachan. Íoctar go daor as aon bhotún nó aon fheall a dhéantar, cuma cé chomh fánach agus a bhíonn sin.

Bhí lucht leanta ar a gcosa réidh chun ceiliúradh nuair a géilleadh an saorchic lenar shaothraigh Con O’Callaghan an t-am-breise – seilbh na liathróide ag Donncha Gilmore – Conor Doherty ciontach i bhfeall ag iarraidh sin a fháil ar ais agus an cúilín chomhscóir ag saorchic an Cheallachánaigh.

Níos cinnte fós den bhua a bhí lucht leanta Dhoire, iad ar a gcosa arís agus an t-am breise istigh. Bhí siad cúl chun cinn an uair seo agus an chearnóg mhór chomh plódaithe sin (20 imreoir) agus go gceapfá gur beag contúirt a bhain le saorchic 50m d’Áth Cliath a raibh Evan Comerford faoi réir lena tógáil.

Ach níor bhac an báireoir leis an gcearnóg mar go bhfaca sé comrádaí as féin ar thaobh na ciotóige. Ciarán Kilkenny a labáil an liathróid isteach agus ar bhealach éicint d’aimsigh Greg McEneaney bearna bhídeach sa tranglam. D’fhág a chúl comhscóir go rabhthas i dtuilleamaí ciceanna éirice.

Níos minice ná a mhalairt baineann Áth Cliath tairbhe as bronntanais dá sórt. Níorbh amhlaidh an babhta seo agus ba bheag lasmuigh den phríomhchathair agus a bhfuil timpeall uirthi a gheobhadh locht air sin.

Sin ráite, ní raibh mé riamh ar dhuine acu siúd a bheadh ag súil go mbuailfí iad mar go raibh dóthain buaite acu cheana.

Caith uait an maoithneachas agus an tsúil siar ar chúrsaí staire. Foirne den mhianach atá faoi láthair in Áth Cliath agus i gCiarraí a leagann síos an caighdeán. Ag a gcéilí comhraic atá sin a shroichint agus a shárú más féidir.

Ar fhianaise an Domhnaigh seo caite tá iomaitheoir nua ar láimh.

Fág freagra ar 'Nocht an ghrian í féin as cúl na néalta dubha a bhfuil an pheil Ghaelach faoina scáil'

  • WTF

    Cluiche iontach ó thús ….Doire!