Bhí croí ag Mícheál Ó Muircheartaigh gach pioc chomh mór le Cnoc Bréanainn

D’fhág Mícheál Ó Muircheartaigh seoda agus péarlaí áille mar oidhreacht i gcartlann CLG, a dúirt Mícheál Ó Sé ina aitheasc ag Aifreann sochraide a dhlúthchara. Is féidir an t-aitheasc a léamh agus éisteacht leis thíos

Tuairisc · Aitheasc Mhaidhc Sé 290624

A phobal na páirte, léiriú ar an ardmheas ar fad a bhí ar Mhícheál Ó Muircheartaigh na sluaite go léir a bhí ar gach taobh den mbóthar an slí ar fad anuas ó chontae na Mí go dtí an áit seo, na sluaite atá anseo agus a bhí anseo inné, agus na sluaite gur bhreá lena gcroí a bheith anseo inniu. Mar seod náisiúnta ab ea Micheál Ó Muircheartaigh, Ard-Ri na craoltóireachta, go raibh grá, cion agus gean ag gach n-aon air. An moladh is mó a d’fhéadfainn a thabhairt d’aon Éireannach a rá gur scéalaí maith é. Scéalaí den scoth ab ea Mícheál Ó Muircheartaigh.

Bhíodh nathanna, seoda agus deismireachtaí cainte, scéalta thairis go minic, ag ráthaíocht ina slaoda trína thráchtaireachtaí, iad cniotáilte go healaíonta le chéile aige, díreach mar a bheadh ball seirce id’ mhealladh chun éisteacht lena ghuth, ceolmhar, binn, blasta Dún Síonach. Guth a chuir na mílte faoi dhraíocht le cumas a dheise labhartha.

B’ionann an mic i lámh Mhíchíl agus an scuab i láimh sár-ealaíontóra. B’aoibhinn lena chroí na hócáidí móra spóirt ina mbíodh na sluaite cruinnithe. Thugadh an slua fuinneamh breise dá thráchtaireachtaí aoibhne, dosháraithe, gan cháim.

Bhí sé bródúil i gcónaí as a dhúchas, as teanga na cosmhuintire agus cion ar leith ina chroí dos na cluichí a thugadh taitneamh thar na bearta dó, sa tslí is agus gur bhaineamarna an lucht éisteachta an sásamh agus an taitneamh céanna astu.

B’é guth na tíre é agus ní raibh aon áit in Éirinn ná ar fud na cruinne déarfainn ná go raibh aithne air. Is ar éigean a bhí poll ná póirse, cumann ná club sa tír nár thug sé cuairt orthu go minic chun bronnadh a dhéanamh. B’fhéidir i gcorplár an gheimhridh i ndúluachair na bliana agus dhéanfadh sé an t-aistear i gcónaí thar n-ais abhaile agus fiú amháin oícheanta seaca ann, ach ní raibh sé ina nádúr riamh aon luach saothair a lorg ar éinne.

Bhreá lena chroí comhluadar daoine. Cara ní ba dhílse, fear ní ba dheise meon ná ní ba dheisbhéalaí ní raibh ar m’aithne. Bhí croí ag an bhfear gach pioc chomh mór le Cnoc Bréanainn. B’é cara gach éinne é.

Tháinig athruithe móra ar chúrsaí craoltóireachta ón uair a thosnaigh Mícheál i 1949 nó gur éirigh sé as sa bhliain 2010. Má sea, ní raibh aon ghá ag Mícheál aon athrú a dhéanamh. Bhí a stil shainiúil féin aige ó thús deireadh, agus an t-eolas ar fad, mar a bheadh pota stóir ar ancaire, istigh i scioból a intinne.

Ní raibh uaidh ach an cóipleabhar, an dá fhoireann scríofa aige féin, agus biros den uile dhath in oiriúint dos na clogaid a bheadh ar na hiománaithe. Doireann ar thaobh amháin dó agus Aonghus ar an dtaobh eile nó éinne eile dá ochtar clainne, mar dheineadar go léir a seal – Niamh, Neasa, Nuala, Éadaoin, Éamon agus Cormac – agus táimid buíoch díobh. Ansan nuair a bhíodh sé faoi lán tseoil, ní raibh ceamara ná fearas nua-aimseartha dá laghad a thabharfadh atmaisféar ná pictiúir ná fuinneamh ná cuisle na himeartha duit ní b’fhearr, ní ba chruinne agus ní ba phointeáilte ná Mícheál.

San am céanna, bhí sé lách cineálta cneasta agus an tír ar fad leighte anuas air. Ach bhí féith an ghrinn go smior ann. Tá a fhios agaibh go léir nuair a stop an stopwatch cad a dúirt sé, The stopwatch has stopped. It’s up to God and the referee now. The referee is Pat Horan. God is God.’

Bhíos ina theannta lá eile i gCill Airne agus d’iarr Ian Corr air tuairisc a dhéanamh ar an gcluiche.

‘I want a report,’ a dúirt Ian Corr leis, ‘No more, no less than 55 seconds.’

Thosnaigh Mícheál agus dhein sé an tuairisc go binn.

‘That was 59 seconds,’ a dúirt Ian leis. ‘From the top again. 55 seconds,’ a dúirt sé le Mícheál.

‘I suggest,’ a dúirt Mícheál leis, ‘you check your stopwatch.’

‘Why?’ a dúirt Ian.

‘It may be going that little bit faster than it should be,’ a dúirt Mícheál.

Is mó áit a thaistealaíomar i dteannta a chéile, Seán Bán agus ár ndlúthchara Mártan Ó Ciardha, ach an babhta áirithe seo bhíomar thall i Cheltenham.

Ba mhinic a déarfadh Helena nuair a bhímis ag fágaint an tí go raibh muid cosúil le déagóirí éaganta, ach bheartaíomar hata an duine a thabhairt linn agus níor thúisce laistigh den ngeata sinn ná gur tógadh ár bpictiúr. Bhí an pictiúr ar an leathanach tosaigh den Independent an lá ina dhiaidh.

D’éirigh Mícheál, ina dhúiseacht le dúthracht le breacadh an lae, agus bhuail sé an Independent ar bhord bhricfeasta bhean an tí a bhí againn. D’fhéach sí ar an bpictiúr agus d’fhéach sí ar Mhícheál agus d’fhéach sí arís.

‘You must be famous,’ a dúirt sí le Mícheál.

“Oh, but we are not happy,’ a deir Mícheál.

‘Why wouldn’t you be happy?’

‘Because our wives don’t know we’re here,’ a dúirt sé.

Fuair Mícheál an saol a bhí uaidh, saol iontach ar fad, saol iontach na ndán is na n-iontas. Bhronn Dia an méid sin air. Agus táimid buíoch, ach táimid dobhrónach inniu ina éagmais, ach is le mórtas, agus le bród atáimid á chaoineadh mar tá seoda agus péarlaí áille fágtha mar oidhreacht aige dúinn i gcartlann Chumann Lúthchleas Gael. Cuimhní órga a mhairfidh faid a bheidh féar ag fás agus uisce ag rith. Slán leat a Mhíchíl, a chara dilis don uile dhuine dár casadh ort, go Geataí na Glóire, i bhfochair do mhuintire.

Fág freagra ar 'Bhí croí ag Mícheál Ó Muircheartaigh gach pioc chomh mór le Cnoc Bréanainn'