An féidir le Corcaigh buachan in aghaidh na foirne is fearr sa tír?

Sa chraobh shinsir an deireadh seachtaine seo, táimid i gceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann, ag tosú inniu le contae an Chláir in aghaidh Chill Chainnigh

An féidir le Corcaigh buachan in aghaidh na foirne is fearr sa tír?

Comhghairdeas le hógánaigh Thiobraid Árann a thug taispeántas a bhí lán de chroí, misneach agus féinmhuinín Dé Sathairn seo caite chun an bua fháil i gcluiche ceannais Chraobh Mionúir na hÉireann. Bhíodar I dtaobh le triúr déag roimh leath ama ach thugadar taispeántas iontach ar fad sa dara leath agus in am breise.

Bunaithe ar an dtaispeántas sin tá spiorad Knocknagow, a scríobh Charles Kickham in 1879, beo fós inár gcluichí Gaelacha.

Sa chraobh shinsir an deireadh seachtaine seo, táimid i gceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann.

Tá an chéad chluiche ceannais, idir an Clár agus Cill Chainnigh, ann inniu agus é ag tosú an-luath, ar a 3pm. Thug na foirne seo aghaidh ar a chéile sa bhabhta céanna anuraidh agus arú anuraidh agus bhuaigh Cill Chainnigh an dá choimhlint sin. Is iomaí ceist agus cúis aiféala a bhí ag an gClár an dá bhliain sin agus iad ag filleadh abhaile dealbh.

Tá craobh na sraithe buaite acu i mbliana agus bhain siad cluiche ceannais Chraobh na Mumhan amach don tríú bliain as a chéile. Ar ndóigh chaill siad na cluichí sin go léir in aghaidh na bhfoirne is fearr sa tír le tamall.

I ndiaidh chluiche ceannais na Mumhan i mbliana sin bhí díomá ar leantóirí agus imreoirí an Chláir nach raibh a bhfoireann i mbarr a maitheasa. Ach le trí bliana bíonn siadsan á lua nuair a bhíonn comhrá againn faoi cé a chuirfidh deireadh le forlámhas Luimnigh. Ach tá céim eile le tógáil ag an gClár i gcónaí – cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Caithfidh, ag an bpointe seo go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu faoi conas tabhairt faoi Chill Chainnigh. Mura mbuann siad an ceann seo ceapaim go mbeidh deireadh le ré Brian Lohan agus leis an fhoireann seo. Mar a déarfadh Mícheál Ó Muircheartaigh ‘níl in aon rud ach seal ‘ agus tá an t-am á mheilt do mheitheal bainistíochta seo an Chláir.

Ceapaim go bhfuil Cill Chainnigh níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh. Bhíodar an-mhaith i gcluiche ceannais Chúige Laighean nó an é gur fhéach siad an-mhaith toisc go raibh Áth Cliath go dona an lá sin? Bhí Cill Chainnigh ag imirt ina seachtú gcluiche ceannais as a chéile i gCúige Laighean.

Bhuaigh siad trí chluiche sna babhtaí cáilithe agus bhí dhá chomhscór acu. Tá Derek Lyng ina bhainisteoir le trí bliana agus tá craobh Laighean buaite acu gach bliain acu sin. Mar sin féin, tá cluiche ceannais na hÉireann caillte acu le dá bhliain anuas. An mbeidh seans acu é sin a chur ina cheart i mbliana? Ceist mhór.

Ní dóigh liom go mbeidh faic eatarthu ach ag deireadh an lae, agus b’fhéidir go mbeidh am breise agus níos mó ag teastáil, ní dóigh liom go gcaillfidh an Clár.

Ar an Domhnach, ceapaim go mbeimidne, muintir Chorcaí, ag taisteal le dóchas seachas le muinín. Bhí an-mhuinín sa chontae i ndiaidh an dá bhua iontacha i gcoinne Luimnigh agus Thiobraid Árann. ach bhí an dá thaispeántas deireanach leamh go leor.

Dar ndóigh níor cheap mórán sa chontae go gcaillfidís an dá chluiche sin agus b’fhéidir gur cheap na himreoirí an rud céanna. Bunaithe ar an dá thaispeántas deireanach sin tá maolú ar an tnúthán sa chontae. Ach… bhuel, nach bhfuil sotal na gCorcaíoch go domhain ionainn? Nach bhfuil traidisiún fada againn a bheith ag buachan ar Luimneach? Nach bhfuil luas, scil agus cumas san fhoireann seo? Agus nár bhuamar an cluiche deireanach eadrainn? N’fheadar cad is fiú aon chuid de sin nuair a thosóidh an cluiche amárach.

Mar seo iad Luimneach. An fhoireann is fearr sa tír le tamall, ceann de na foirne is fearr a d’imir an spórt ársa riamh, foireann atá ar thairseach na staire, foireann atá lán-ábalta déileáil le haon sórt teaicticí, foireann nach bhfuil ag brath ar an gcéad chúigear déag. Ach níl in aon rud ach seal…

An dtiocfaidh deireadh le ‘seal’ Luimnigh amárach?

Caithfidh Corcaigh a bheith fíochmhar i mbun taicleála ó thús deireadh. Caithfidh siad an spás os comhair Aaron Gillane agus an tosaí eile istigh a líonadh. Caithfidh siad formhór na gcathanna pearsanta a bhuachan. Caithfidh sciorta den ádh a bheith leo. Caithfidh an radar a bheith ag feidhmiú do Patrick Horgan ar leis na pocanna saora.

Agus fiú dá dtarlódh an méid sin, an mbeadh an bua acu? Bunaithe ar an bhfianaise is déanaí, agus fiú má bhíonn Luimneach d’uireasa Barry Nash, bheadh seans acu ach chuirfeadh sé iontas orm.

Idir an dá linn, tá timpeallán na mbainisteoirí ag casadh arís, Davy FitzGerald ag éirí as i bPort Láirge, agus Henry Shefflin ag fágáil slán le Gaillimh. Tá na ráflaí tosaithe cheana féin.

Fág freagra ar 'An féidir le Corcaigh buachan in aghaidh na foirne is fearr sa tír?'