Ar an iomlán tá foireann an Chláir níos buanseasmhaí

Is maith an rud nach ón gcúige céanna an dá fhoireann i gcluiche ceannais na sraithe agus nach mbeidh siad ag imirt a chéile arís go luath

Ar an iomlán tá foireann an Chláir níos buanseasmhaí

I ndiaidh cluiche nó dhó den fheachtas sraithe ní dóigh liom go raibh mórán nach raibh den tuairim go mbeadh Luimneach ag imirt sa chluiche ceannais. An cheist chrua ná cé eile a bheadh ann.

Ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí agus coicíos ó shin tharla an rud nach raibh súil ag mórán leis. Sea, chaill Luimneach agus ní hamháin gur chailleadar ach fuaireadar greadadh de shórt. I ndiaidh tosach a bhí sách mall ag na Cait chuadar ar thóir na gcúl agus chuadar isteach ag leath ama agus trí cinn ar chlár na scór acu. Ach ní dóigh go raibh mórán imní i seomra feistis Luimnigh ag an mbriseadh. Bheadh cóir na gaoithe acu sa dara leath agus é dingthe ina n-intinn gurbh iomaí sin cluiche a bhuadar nuair a rinneadar slad ar a gcéilí comhraic sa tríú ceathrú.

Ach an rud is annamh is iontach agus ní hamhlaidh a tharla sa dara leath. Bhí Lynch, Declan Hannon, Aaron Gillane agus Gearóid Hegarty bainte den pháirc acu agus baineadh stangadh as an bhfoireann iomráiteach seo.

Bhuaigh Cill Chainnigh an chuid is mó de na cathanna pearsanta. Cuireadh Eoin Cody den bpáirc go luath sa dara leath ach fós ní raibh Luimneach ábalta greim a fháil ar an gcluiche. Ghéill Luimneach mórán buillí saora agus d’íoc siad go géar as an bhfaillí sin agus cé nár scóráil na Cait ach trí chúilín ón imirt sa dara leath ar fad, chríochnaíodar go láidir agus bhí an bua tuillte acu.

Le linn feachtas na sraithe sheas an Clár amach go luath freisin agus is iad a bheidh mar fhreasúra ag na Cait i Staid Semple níos déanaí inniu. Is fada uainn anois chéad bhabhta na craoibhe anuraidh nuair a thug na Tiobraid Árannaigh greadadh ceart don Chlár in Inis, lá ar chuir siad 5-22 ar chlár na scór. Coicíos ó shin sa chluiche leathcheannais eatarthu, bhí an Clár níos fearr ar fud na páirce. Bhí na Tiobraid Árannaigh marbhánta gar bheagán fuinnimh ar feadh tréimhsí fada agus bhíodar thar a bheith míchruinn (19 buille amú).

Inniu táim ag súil le hardchoimhlint. Is maith an rud nach ón gcúige céanna an dá fhoireann agus nach mbeidh siad ag imirt a chéile arís go luath. Ní dóigh liom go mbeidh aon chur i gcéill i nDurlas inniu. Dar ndóigh d’imríodar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus an Clár mar rogha an lá sin. Ach sa chluiche féinig bhí mórán díocais chun oibre ar na Cait chomh maith le sciorta den ádh agus ba mhó a bhí acusan ar chlár na scór ag an deireadh.

Tá an Clár ag bagairt le cúpla bliain anois ach níl aon cheann de na coirn mhóra buaite acu fós i ré Brian Lohan. Tá siad d’uireasa beirt de mhórlaochra na hiomána, Tony Kelly agus Shane O’Donnell sa bhfeachtas seo ar fad. Níl an soicind féin imeartha ach an oiread ag Ryan Taylor, imreoir an-tábhachtach eile agus tá David McInerney gortaithe le tamall. Mar sin tá éacht déanta ag an bhfoireann a bheith tagtha chuig craobh um thráthnóna ach ar thóir an bhua atá siad agus bí cinnte de sin.

Maidir le Cill Chainnigh, bhuel níl an corn is tábhachtaí buaite acu fós faoi Derek Lyng. Seo a thríú bliain agus tá craobh na hÉireann sroichte acu faoi dhó agus craobh na sraithe faoi dhó freisin. Tá craobh Laighean buaite acu faoi dhó. Ní haon drochcháilíocht iadsan ach i gCill Chainnigh ní ach sprioc amháin ann agus sin Corn Liam Mhic Cárthaigh. Mar a bheidh an Clár, beidh na Cait ag taisteal go Durlas Éile inniu chun corn a bhailiú. Tá meascán maith acu agus triúr tosaithe den scoth acu – Adrian Mullen, Eoin Cody agus TJ Reid.

Go dtí an cluiche leathcheannais, ní fhéadfá a rá go raibh Cill Chainnigh go hiontach sa bhfeachtas ina iomlán. Bhí tréimhsí nuair a bhíodar an-mhaith agus tréimhsí eile nach rabhadar ach measartha. Ar an iomlán bhí foireann an Chláir níos buanseasmhaí. Ach mar atá scríte agam go mion minic anseo, is ar an lá a bhuafar agus a caillfear cluichí. Ní bhíonn Cill Chainnigh riamh gan spiorad agus is deacair iad a bhualadh aon uair.

Dá mbeadh pingin nó bitcoin le spáráil agam is dócha gur ar leads an Chláir a chuirfinn é.

Fág freagra ar 'Ar an iomlán tá foireann an Chláir níos buanseasmhaí'