‘Ceannaire cumasach tuisceanach cineálta’ – Pádraig Ó hAoláin, iarcheannasaí Údarás na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Deir Údarás na Gaeltachta gur chaith Pádraig Ó hAoláin a shaol ag obair sa dóigh is nárbh é ‘an long anonn’ a bheadh i ndán do mhuintir na Gaeltachta 

‘Ceannaire cumasach tuisceanach cineálta’ – Pádraig Ó hAoláin, iarcheannasaí Údarás na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Tá Pádraig Ó hAoláin, iar-Phríomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta, tar éis bháis.

Cumadóir amhrán ab ea Pádraig Ó hAoláin chomh maith agus i measc na n-amhrán a chum sé bhí Cóilín Phádraig Shéamis agus Cumha. I gCloch Shiúrdáin i gcontae Thiobraid Árann a tógadh é, ach bhog sé go dtí Gaeltacht Chonamara i 1970 agus is ann a thóg sé a chlann le Gaeilge agus a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta gur “údar mór bróin” bás an iar-Phríomhfheidhmeannaigh.

“Ceannaire cumasach, tuisceanach, cineálta a bhí i bPádraig. Fear pobail agus fear Gaeltachta go smior a bhí ann, cé gur tógadh i dTiobraid Árann é. Chaith sé a shaol ag obair sa dóigh is nárbh é ‘an long anonn’ a bheadh i ndán do mhuintir na Gaeltachta agus tá muid go mór faoi chomaoin aige.

“Thar ceann Údarás na Gaeltachta, ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean, Betty, lena gclann agus lena chairde go léir. Leaba i measc na naomh go raibh aige.”

Cé gur raibh suim sa Ghaeilge aige agus é ag fás aníos i dTiobraid Árann is le linn tréimhse a chaith sé ag obair i Sasana ag deireadh na 1960idí a cuireadh an síol dá shaol sa Ghaeltacht. 

Bhíodh sé ag obair thall ar thógáil na dtollán in éineacht le muintir Chonamara agus muintir Dhún na nGall, dream a ndeachaigh a dteanga agus a ndúchas Gaeltachta i bhfeidhm go mór air. Chomh maith leis sin, ba í an tréimhse sin agus an “patrún leanúnach imirce” a bhain le Conamara a spreag an t-amhrán is cáiliúla a chum sé, Cóilín Phádraig Shéamuis.

“Rith sé liom go raibh sé sa gcinniúint ag muintir Chonamara, go gcaithidís imeacht, go raibh an bád bán ag fanacht leo ón lá a rugadh iad agus go raibh ar chuile Chóilín Phádraig Shéamuis imeacht agus na rudaí a raibh cleachtadh acu orthu, rudaí a bhí sa nádúr acu, idir an teanga, an fharraige, an portach agus saol dúchais na Gaeltachta a thréigean. B’as sin a tháinig sin,” a dúirt sé.

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn i 1968 chríochnaigh sé a chéim in Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus thug sé cúpla bliain ina dhiaidh sin mar mhúinteoir i gColáiste Belvedere.

Bhog sé go dtí Gael Linn i 1970 chun cúrsaí a theagasc  dóibh ach an tseachtain chéanna a thosaigh sé sa phost sin d’iarr Gaeltarra Éireann ar Ghael Linn comhairleoir teanga a chur ar fáil dóibh agus roghnaigh sé bogadh siar go Conamra lena chlann.

Ceapadh ina bhainisteoir ar rannóg na dtionscal Gaeltachta é ina dhiaidh sin. Ba le linn dó a bheith sa phost sin a iarradh air dul ar iasacht ó Ghaeltarra go dtí Comharchumann Chois Fharraige. Ocht mbliana a chaith sé mar bhainisteoir ar an gcomharchumann.

Nuair a d’fhill sé ar Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980 in áit Gaeltarra, ceapadh ina bhainisteoir cumarsáide é post a bhí aige go dtí an bhliain 2000. Bhí cáil mhór air le linn na tréimhse seo agus ina dhiaidh as a scileanna cumarsáide agus as a chumas obair an Údaráis a chur chun cinn agus a chosaint go diongbháilte nuair ba ghá. 

Ceapadh é mar Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ansin agus ba é a bhí freagrach as an bhforbairt réigiúnach. In 2005 rinneadh Príomhfheidhmeannach de agus chuir sé roimhe athruithe bunúsacha a dhéanamh ar an eagraíocht. 

Bhí baint ag Pádraig Ó hAoláin le gach uile chineál togra, idir bheag agus mhór, le linn a shaoil sa Ghaeltacht. Bhí sé, mar shampla, ar dhuine de na daoine ba mhó in Údarás na Gaeltachta a chreid in aisling na teilifíse Gaeilge agus chinntigh sé féin agus daoine eile go ndéanfadh an eagraíocht airgead mór a infheistiú i dtógáil tionscal closamhairc sa Ghaeltacht. 

Bhí lámh mhór aige chomh maith i bhforbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. 

Maidir le cur chuige an Údaráis ó thaobh fostaíochta de chuir sé roimhe go leagfaí béim i bhfad níos mó ar thacaíocht a thabhairt do ghnóthaí beaga a mbeadh níos lú ná deichniúr ag obair iontu seachas ar mhonarchana móra a mbeadh cúpla céad duine ag obair iontu. 

An dochar a d’fhéadfadh an cineál sin monarchan a dhéanamh don Ghaeltacht is téama dá amhrán Cumha. Thosaigh sé ag cur béime chomh maith ar an bpleanáil teanga áitiúil mar bhealach chun an Ghaeltacht a thabhairt slán, cur chuige a tháinig i réim faoi dheireadh blianta ina dhiaidh sin.

Ní raibh lá aiféala air gur bhog sé go Conamara i 1970 agus gur thug sé a shaol oibre ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

“Theastaigh uaimse teacht ag obair anseo, theastaigh uaim féin mo chuid féin a dhéanamh leis an teanga seo a threisiú agus a neartú agus, lena chois sin, mo shaol féin a chaitheamh ar an mbealach seo mar tá saol an-sásúil gairmiúil agam chomh maith. Ní cros í seo atá le hiompar!” a dúirt sé in 2006.

Fág freagra ar '‘Ceannaire cumasach tuisceanach cineálta’ – Pádraig Ó hAoláin, iarcheannasaí Údarás na Gaeltachta, ar shlí na fírinne'

  • Donncha Eile

    Fear uasal, nádúrtha, beannacht Dé leis. Theastódh a leitheid arís.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    D’oibrigh mé i gComharchumann Chois Fharraige nuair a bhí Pádraig i gceannas air. Duine ceannródaíoch, misniúil, cumasach a bhí ann. Cuimhním go minic ar an tréimhse sin. Suaimhneas síoraí dó.

  • Liam O Maolaodha

    An bhrón orm a cloisteáil faoi bhás Phádraig, beannacht Dé leis. Tá aithne agam ar le fada, fada an lá, tráth go raibh sé féin agus mé féin ag plé le Coláistí Samhraidh. Comhluadar breá é agus fuinneamh aisteach aige, ní bheadh a fhios agat cé as a dtáinig sé nó cá raibh a thriail. Tá an aistear seo curtha díot a Phádraig, suaimhneas síoraí agat.

  • Diarmuid JOHNSON

    Rinne sé go leor ar mo shon féin nuair ba chomharsain sinn in Aill an Phréacháin 1987-1989. Go dtuga Dia solas na bhFlaitheas dó.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Píosa breá in ómós do Phádraig. Níor mhiste a lua chomh maith go mba iománaí den scoth a bhí ann, a d’imir faoi aois dá chlub dúchais, Kilruane Mc Donaghs i dTiobrad Árann, agus ar fhoireann An Spidéal tús na seachtóidí. Ach an sliotar a chur i gcrúb Phádraig, is minicí ná a mhalairt go bhfaighfeadh sé cúilín gleoite. Togha fir a bhí ann, a rinne a chion féin ar mhaithe leis an nGaeltacht.

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Tuisceanach, uasal, físiúil agus groíúil a bhí Pádraig, agus luí i gcónaí aige leis an duine beag. Dá mhéad a déarfar faoin maitheas a rinne sé ar an bhfód seo, beidh a mhíle oiread eile nach mbeidh ar eolas ach ag Pádraig féin agus iad sin a chuidigh sé leo. Fathach fir! Codladh sámh, a Phádraig.
    Ré Ó Laighléis

  • Pádhraic Ó Ciardha

    Gan a thacaíocht láidir leanúnach ní dóigh go mbláthódh an earnáil léiriúcháin Ghaeltachta ar a raibh TnaG ag brath agus muid á bhunú. Rinne sé go leor eile freisin. Fear cumasach ildánach. Laoch gan amhras. Go ndéana Dia trócaire air.

  • Antoine Ó Coileáin

    Tá saol Fódhla faoi chomaoin ag Pádraig as an dúthracht phearsanta a chaith sé leis an nGaeilge a threisiú mar theanga phobail. Bhain sé sásamh as a thréimhse mar theagascóir ar chúrsaí Ghael Lin do dhaoine fásta ach is i gConamara a d’aimsigh sé mian a chroí. Tá toradh céadach ar shaothar Phádraig agus cuimhní geala againn uile a raibh sé de phribhléid againn aithne a chur air. Solas na bhFlaitheas dá anam uasal.

  • Pádraig Ó Loirgneáin

    Fág slán ag cladagh, fág slán ar sliabh, fág slá ag Conamara
    Ach feicfidh muid arís thú ar dheis lámh Mhic Dé
    Amhránaí agus cumadóir don scoth a bhí ann

  • uinseann mac thómais

    Chuir mé aithne ar Phádraig ar dtús mar oide i gColáiste Belvedere i 1968. Chuir mé aithne air an athuair mar Bhainisteoir ar Chomharchumann Chois Fharraige nuair a thosnaigh mé ag obair le Roinn na Gaeltachta i 1978. Chaith muid go maith le chéile i gcónaí. Bhí féith an ghrinn ionainn beirt agus is iomaí gáire a bhí eadrainn. Bhí agus beidh ard-mheas agam ar Phádraig i gcónaí. Suaimhneas síoraí air.

  • Séamas Mac Coitir

    Sea, tá Pádraig Ó hAoláin molta dá mbeinn i mo thost, agus é tuillte go maith aige. Go dtuga Dia solas buan na Glóire agus suaimhneas síoraí na bhFlaitheas dá anam uasal geanúil. Is ar éigean go mbeidh a mhacasamhail ann arís go brách!