FÍSEÁN: Teachtaireacht Chásca i nGaeilge ón Taoiseach
Tá teachtaireacht i nGaeilge curtha amach ag an Taoiseach Leo Varadkar don Cháisc.
“Is mór an difríocht a dhéanann an méid atá ar siúl agaibh. Tá scaipeadh an víris ag moilliú. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcoinnímid orainn.
“Nuair a bheidh sé thart, cuirfimid sochaí níos fearr le chéile ón méid a bheidh foghlamtha againn – sochaí den chéad scoth do mhuintir den chéad scoth. Cáisc Shona daoibh,” ar sé.
Is mór an difríocht a dhéanann an méid atá ar siúl agaibh. Tá scaipeadh an víris ag moilliú. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcoinnímid orainn. pic.twitter.com/TK1BbbdNkh
— Leo Varadkar (@LeoVaradkar) April 12, 2020
Ubh Chásca ceannaithe do chách ag duine anaithnid i mBaile an Fheirtéaraigh!
Draíocht na Cásca!
Tá duine anaithnid tar éis €500 a bhronnadh ar an siopa áitiúil chun uibhe Cásca a cheannach do gach leanbh agus gach seanduine atá ag clutharú i bParóiste an Fheirtéaraigh. #CorcaDhuibhne pic.twitter.com/As8BpVuCfr
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) April 12, 2020
Tá Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste ligthe amach as an ionad dianchúraim, mar a raibh sé go dona tinn leis an gcoróinvíreas le roinnt seachtainí anuas.
Bualadh bos ó oibrithe sláinte an @NHS do Niall Murphy, Gael aitheanta atá ligthe amach as an ionad dianchúraim, mar a raibh sé go dona tinn leis an gcoróinvíreas le roinnt seachtainí anuas. pic.twitter.com/oMbBAhkRQX
— Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) April 11, 2020
Lasaigí solas an dóchais ag a 9pm inniu #Lonraighansolas
Beidh feachtas ar siúl ag RTÉ an deireadh seachtaine seo chun dóchas agus dlúthpháirtíocht a chothú tráth seo an choróinvíris.
Tá RTÉ ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann solas a lasadh anocht, Dé Sathairn, ag a 9pm mar chomhartha dóchais i lár phaindéim seo Covid-19. #Lonraighansolas an haischlib Ghaeilge a bheidh in úsáid ag RTÉ an deireadh seachtaine seo chun an feachtas a chur chun cinn.
Beidh solas ag lonrú ó Áras an Uachtaráin agus mórfhoirgnimh eile ar fud na tíre ag a 9pm Dé Sathairn. Tá aisteoirí agus ceoltóirí amhail Glen Hansard, Sinéad O’Connor, Gabriel Byrne, Saoirse Ronan agus Colm Mac Con Iomaire i measc na ndaoine a bheas páirteach i lasadh na soilse.
Mar chuid den fheachtas beidh leagan speisialta de An Ghealach Ghorm le hÁine Hensey á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta san oíche anocht.
Beidh láithreoirí Beo ar éigean, podchraoladh Gaeilge le Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin, agus Philip King, láithreoir an chláir cheoil South Wind Blows a chraoltar ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall ag cur an haischlib Gaeilge #Lonraighansolas chun cinn ag an deireadh seachtaine.
Fear ón Rinn ag rith 65 míle timpeall a thí do Chumann Fiobróise Cistí na hÉireann
Tá fear sa Rinn ag tabhairt faoi ghaisce ar leith tráthnóna agus é ag iarraidh 65 míle a rith timpeall a thí féin.
Tá Tomás de Faoite ag tabhairt faoin dúshlán chun airgead a bhailiú do Chumann Fiobróise Cistí na hÉireann. Os cionn €8,000 atá bailithe ag an nDéiseach go dtí seo.
Thosaigh sé ag rith ag 4.30 ar maidin agus beidh air dul timpeall a thí i gCnocán an Phaoraigh 2056 uair chun an sprioc a bhaint amach am éigin tráthnóna.
Shocraigh de Faoite, a bhfuil fiobróis chisteach ar neacht leis, tabhairt faoin dúshlán nuair a bhí ar Chumann Fiobróise Cistí na hÉireann ócáid tiomsaithe airgid a bhí le bheith acu inniu, Aoine an Chéasta, a chur ar ceal de bharr phaundéim an choróinvíris.
Dúshlán an 65 Rós a bhí ar an bhfeachtas a bhí seolta ag Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann agus spreag sé sin an sprioc 65 míle atá aige anois.
Is féidir airgead a thabhairt d’fheachtas de Faoite anseo.
Dúshlán nua tugtha ag Ciarán Kilkenny agus é molta ag an Taoiseach
Scil iomána nua atá faoi chaibidil ag Ciarán Kilkenny san fhíseán is deireanaí atá curtha amach aige ar Twitter agus é ag díriú ar an bpas láimhe.
Lá a Cúig-Scil Iomána
An mó uair gur féidir leat an liathróid a chaitheamh i gcoinne an bhalla agus breith uirthi leis an gcamán ullamh i do lámh agat. Cinntigh go bhfuil tú 1.5m ón mballa. Déan postáil agus clibeáil orm. Bainigí taitneamh as, is faoi lámha gasta é seo. pic.twitter.com/pHanjHDNLi— Ciarán Kilkenny (@CKKilkenny93) April 10, 2020
Tá Kilkenny ag múineadh scileanna agus ag tabhairt dúshlán d’imreoirí CLG ó thús na géarchéime sa tír seo agus mhol an Taoiseach Leo Varadkar obair réalta Átha Cliath an tseachtain seo.
Ghabh an Taoiseach buíochas le Kilkenny agus na traenálaithe spóirt ar fud na tíre atá ag iarraidh daoine a choinneáil ag imeacht agus ag cleachtadh fiú agus iad sáinnithe sa bhaile.
GRMA a Thaoisigh, ardaíonn sé mo chroí na páistí a fheiceáil! Caithfimid ar fad ár gcuid a dhéanamh! Cosúil le gach spórt, caithfear cloí leis na rialacha & obair go dian chun an sprioc a bhaint amach. Guím gach rath ortsa & ar na daoine ar fad atá ag obair ar ár son #LeChéile https://t.co/XuXsKpQbmH
— Ciarán Kilkenny (@CKKilkenny93) April 8, 2020
FÍSEÁN: Ceacht do ghalfairí ó bhuachaill cúig bliana d’aois as Gaeltacht Chorca Dhuibhne
Tá sé seo go hiontach:
Video déanta ag Roibeárd Ó Lúing (5 bliana d’aois) a chabhróidh le galfairí liathróid a bhualadh amach as an mbuncar.
Ceann críonna ar cholainn óg! #COVID19 #IrelandLockdown #CorcaDhuibhne pic.twitter.com/emxZh37fsC
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) April 10, 2020
Scéal an Lae ó Futa Fata
Amhrán Gaeilge ó dheisceart Ard Mhacha á rá in árasán sa Bhruiséil
Rinne Tomaí Ó Conghaile, aistritheoir agus úinéir na hirise Nós, a bhreithlá a cheiliúradh an tseachtain seo agus amhrán óna cheantar dúchais, deisceart Ard Mhaca, á rá aige i mbarr a ghutha ina árasán sa Bhruiséil.
“Ar an lá seo tráth a rugadh mé, le solas na gréine agus neart mo mháthar. Mar sin déarfaidh mé amhrán as mo pharóiste féin, ‘Amhrán na Craoibhe’ a cheol anois i gcéin,” a deir Ó Conghaile sula dtéann sé i mbun amhránaíochta.
Bailíodh Amhrán na Craoibhe i 1908 ó Sarah Humphreys, amhránaí as an Mhullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha agus chuir Pádraigín Ní Uallacháin fonn ó Chuaille, i gContae Lú leis, fonn a fuair sí óna hathair Pádraig Ó hUallacháin.
Gaelphobal Ard Mhacha Theas a d’iarr ar an Chonghaileach amhrán a chanadh mar chuid den tsraith físeán atá á cur amach acu ar na meáin shóisialta in aimsir an choróinvíris a thugann ardán d’amhránaithe Gaeilge.
Deireadh leis an obair sa Scoil sa mBaile agus tús le ‘fanacht istigh’ na Cásca!
Tránna Gaeltachta i measc na dtránna nach bhfuil oscailte do chuairteoirí – Comhairle Contae Dhún na nGall
Tá trí thrá Ghaeltachta i measc na dtránna i nDún na nGall a bhfuil cosc á chur ar dhaoine cuairt a thabhairt orthu le linn na Cásca.
D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall inné go bhfuil roinnt de na tránna is mó a mheallann turasóirí dúnta do chuairteoirí agus iarrachtaí á ndéanamh acu daoine a choinneáil amach ón cheantar.
Deir an Chomhairle go bhfuil “cead isteach teoranta” i bhfeidhm ar an 12 trá agus nach mbeidh ach roinnt spásanna páirceála sna carrchlóis ar fáil.
I measc an 12 trá a bhfuil srianta ar líon na ndaoine a cheadaítear ar an láthair, tá Trá Machaire Uí Rabhartaigh, Trá Mhachaire Chlochair agus Trá Mhullach Dearg.
Éistigí le Seán Ó Ríordáin ag léamh a dháin ‘Fiabhras’
Tá moltaí éagsúla maidir le dánta tráthúla á roinnt ag daoine ar líne le linn na géarchéime. Seo ceann a seoladh chuig Ar Scáth a Chéile
Fiabhras
le Seán Ó Ríordáin
Tá sléibhte na leapa mós ard,
Tá breoiteacht ’na brothall ’na lár,
Is fada an t-aistear urlár,
Is na mílte is na mílte i gcéin
Tá suí agus seasamh sa saol.
Atáimid i gceantar bráillín,
Ar éigean más cuimhin linn cathaoir,
Ach bhí tráth sar ba mhachaire sinn,
In aimsir choisíochta fadó,
Go mbímis chomh hard le fuinneog.
Tá pictiúr ar an bhfalla ag at,
Tá an fráma imithe ina lacht,
Ceal creidimh ní féidir é bhac,
Tá nithe ag druidim fém dhéin,
Is braithim ag titim an saol.
Tá ceantar ag taisteal ón spéir,
Tá comharsanacht suite ar mo mhéar,
Dob fhuirist dom breith ar shéipéal,
Tá ba ar an mbóthar ó thuaidh,
Is níl ba na síoraíochta chomh ciúin.
(As Scáthán Véarsaí, CIC 2009)
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Teachtaireacht Chásca i nGaeilge ón Taoiseach'