Déantar cinneadh fúinn anois – tuairim dalta Ardteistiméireachta faoin ngéarchéim Covid-19

Tuigimid nach bhfuil réiteach draíochta ar an bhfadhb seo, ach caithfear cinneadh a dhéanamh go práinneach chun an strus, an imní agus an mearbhall atá ar dhaltaí na hArdteiste a laghdú

Déantar cinneadh fúinn anois – tuairim dalta Ardteistiméireachta faoin ngéarchéim Covid-19

Táimid i lár ré na héiginnteachta faoi láthair. Ó fógraíodh an chéad chás den choróinvíreas sa tSín i mí na Samhna anuraidh, scaip an galar agus an t-anbhá a bhain leis go sciobtha ar fud na cruinne. Ní rabhamar ábalta an rud a bhí i ndán dúinn a sheachaint, agus ní raibh ionadh ar dhuine ar bith nuair a thuirling Covid-19 in Éirinn ar an lá bisigh. Tháinig brú uafásach ar ár seirbhísí sláinte spíonta agus ní raibh an dara rogha ag an Taoiseach ach beartas an scartha shóisialta a chuir i bhfeidhm. I measc beartas eile, fógraíodh go raibh ar scoileanna a ndoirse a dhúnadh ar feadh coicíse, ach bhí sé chomh siúráilte agus atá gob ar ghandal go mairfeadh sin níos faide.

Is cuimhin liom go raibh mé i rang corpoideachais nuair a réab daltaí anlasánta isteach sa halla spóirt leis an nuacht. Tháinig mearbhall iomlán orm agus bhí mé  sa bhaile sular bhuail an imní mé. Ní raibh oiread is cúrsa amháin críochnaithe agam. Cén chaoi a bhféadfainn m’Ardteist a dhéanamh?

Mar sin féin, caithfidh mé a admháil go raibh an t-ádh liom. Shocraigh mo scoil go mbeadh múinteoirí in ann obair agus nótaí a chur in airde ar shuíomh na scoile. Cé nach raibh sé seo idéalach, níl aon rud faoin scéal seo idéalach agus caithfear na buanna beaga a cheiliúradh. Mhol ár gceann bliana gnáthlá scoile a leanúint chomh fada agus ab fhéidir linn ón mbaile. Tharraing sé aird ar thábhacht na sláinte chomh maith. D’impigh sé orainn aire a thabhairt dár meabhairshláinte agus gan díriú ar obair scoile amháin. Chuaigh na focail sin i bhfeidhm orm féin, agus thosaigh mé ag smaoineamh ar an gcor aisteach seo mar áiméar le dul siar a dhéanamh ar an obair dhian a bhí déanta agam go dtí seo.

Ní fada gur thit rudaí as a chéile, áfach. Nuair a cuireadh na scrúduithe cainte ar ceal, mhaolaigh ar an spreagadh agus an díocas oibre agus b’amhlaidh an scéal ag a lán daltaí eile ar fud na tíre. Tar éis dúinn obair dhian a dhéanamh ar an ullmhúchán, agus brú agus imní ollmhór orainn, ní bheadh an scrúdú cinniúnach ann chun ár dtallann agus ár gcumas a léiriú. Tá daoine ann a déarfadh gur díomasach na daltaí atá ag gearán faoi bhéaltriail agus paindéim ag creachadh an domhain, ach ní hamhlaidh an cás. Táimid tar éis a bheith ag obair go dícheallach agus  táimid ag lorg luach saothair. Aontaím leis an gcinneadh a rinne an tAire Oideachais Joe McHugh. Tuigim go raibh sé ag cur sláinte na ndaltaí agus na scrúdaitheoirí roimh gach rud eile. Ina ainneoin sin, is é an smaoineamh is mó atá in intinn daltaí faoi láthair ná an bhféadfadh sin tarlú don ardteist ar fad? Cruthaíodh tuilleadh éiginnteachta do scoláirí i ré seo na héiginnteachta.

An lá céanna ar chuir sé na scrúduithe cainte ar ceal, d’admhaigh Joe McHugh nach raibh sé cinnte céard a tharlódh leis na scrúduithe stáit eile, ach go ndéanfadh sé cinneadh faoin scrúdú sin go tapa agus go héifeachtach. Tá cinneadh geallta go luath arís, ach níl aon chinneadh déanta go dtí seo agus tá na daltaí marbh le himní. Tuigimid nach bhfuil réiteach draíochta ar an bhfadhb seo, ach caithfear cinneadh a dhéanamh go práinneach chun an strus, an imní agus an mearbhall atá ar dhaltaí na hArdteiste a laghdú. Ní féidir liomsa réiteach a sholáthar. Ní saineolaí mé, níl na fíricí ar fad agam, ach is é seo an t-am don dea-riail.

An glas iad na cnoic i bhfad uainn? Táimid ag fanacht le freagra ónár bpolaiteoirí….

– Tá Cian Mac Eochaidh ina dhalta i mBliain 6, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Contae Bhaile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Déantar cinneadh fúinn anois – tuairim dalta Ardteistiméireachta faoin ngéarchéim Covid-19'