Ní ré gruama ar fad a bhí i ré an Housewife of the Year
B’fhéidir nach raibh sé chomh mór sa sceideal is a bhí Rós Thrá Lí, ach cuimhním go maith a bheith ag breathnú ar an gclár Housewife of the Year ar an teilifís sna 1980idí. Comórtas a bhí ann a chuaigh ar aghaidh ó 1967 go dtí 1995 agus bhíodh na babhtaí ceannais á gcraoladh ar RTÉ ar feadh deich mbliana acu sin.
Tá mé in ann an radharc a shamhlú i m’intinn, mo mháthair, mise agus mo dheirfiúracha suite ar an tolg in aice leis an tine agus Gay Byrne ar an teilí ag cur agallaimh ar na housewives. Bhí an comórtas ina Rós Thrá Lí do na mamaithe.
Tá an clár ar ais i mbéal an phobail arís ó craoladh clár faisnéise ar RTÉ an tseachtain seo caite. Ní raibh de chaint ag na máithreacha ar an taobhlíne ag an traenáil CLG i rith na seachtaine ach é.
Baineann an clár úsáid as meascán de mhíreanna cartlainne agus agallaimh nua le mná a ghlac páirt sa gcomórtas ag an am. Tugann sé súil isteach ar shaol na mban in Éirinn agus tuiscint ar na dearcthaí atá ag cuid de na mná sin anois agus iad ag breathnú siar air.
Ag tús an chláir taispeántar an téacs d’airteagal 41.2 den bhunreacht a deir go bhféachfaidh an stát chuige nach mbeidh ar aon bhean a ghabháil ag obair mar gheall ar chúrsaí airgid agus faillí a dhéanamh ina ndualgas sa mbaile dá bharr. Is sa chomhthéacs sin atá an clár ag breathnú ar an saol in Éirinn sa tréimhse ina raibh comórtas Housewife of the Year ar bun.
Labhraíonn cuid de na mná ar an riail a bhí i bhfeidhm go gcaithidís éirí as an obair san earnáil phoiblí nuair a phósaidís siad. Bhí bean amháin as Co. Chorcaí a bhí cáilithe ina banaltra agus a chaith cúpla bliain ag obair i Londain sular tháinig sí abhaile arís le cúnamh a thabhairt dá máthair sa mbaile nuair a buaileadh a hathair tinn. Phós sí ina dhiaidh sin agus bhí uirthi éirí as an obair mar nach raibh aon chead (taobh amuigh de roinnt eisceachtaí) ag mná poist sa tseirbhís phoiblí a choinneáil i ndiaidh dóibh pósadh.
Bhí bean eile ar an gclár ar cuireadh isteach i gceann de na tithe Magdalene í agus í ina déagóir nuair a thug sí rolla pictiúirí ag an gcógaslann le forbairt a dhéanamh air agus nuair a chonaic an fear sa gcógaslann na pictiúirí chuaigh sé ag an sagart leo. Chuaigh an sagart ina dhiaidh sin ag a muintir agus dúradh leo go raibh sí ar bhóthar a haimhleasa agus í a chur isteach sa neachtlann.
Chuirfeadh sé iontas ort an líon gasúr a bhí ag na mná agus is deacair a chreidiúint go raibh siad fós beo is ag siúl thart, is ag caint le Gaybo agus trí dhuine dhéag sa mbaile acu. Bean amháin ar taispeánadh a hagallaimh ón gcartlann, bhí sí ag liostú ainmneacha na ngasúr agus cén aois a bhí siad agus chuaigh sí amú sa gcomhaireamh. Cén t-iontas é? Bhí cion aici orthu uilig, ar ndóigh.
Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol sna blianta ó bhí an comórtas Housewife of the Year ar bun, agus léiríonn an clár é sin. Ach sílim go dtéann sé thar fóir beagán leis an bport gur laethanta dorcha uilig a bhí iontu.
Dá mbreathnódh muid siar faoi cheann 30 bliain eile ar na comórtais agus na cláir atá ar an teilifís anois, cén léamh a bheadh againn orthu? Céard a cheapfadh daoine faoi leithéidí Love Island nó Swan, ina raibh ‘makeover’ máinliachta á dhéanamh ar na hiomaitheoirí meánaosta le go bhfeicfí cé acu ab óige a bhreathnódh ag deireadh an chláir? Cén léamh a bheadh againn ar botox agus fillers agus tionscal mór na háilleachta?
Cén léamh a bheadh againn air an scéal go bhfuil fir agus mná ag obair sa gcuid is mó de na tithe anois, ach go bhfuil beagnach 16,000 duine gan dídean sa tír? Is páistí iad suas le 6,000 de na daoine sin.
Taispeáin dom an teaghlach inar féidir le duine amháin fanacht sa mbaile le haire a thabhairt do na gasúir nuair atá siad beag? Ní ligfidh na billí do mhórán daoine é sin a dhéanamh agus tá an t-airgead le saothrú le n-íoc as an gcúram leanaí é féin.
Cinnte, tá dul chun cinn déanta. Ach ní dul chun cinn ar fad é. Ag breathnú siar ar The Housewife of the Year agus ag déanamh breithiúnas ar an saol sin, tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh go bhfuil rudaí caillte againn freisin.
An cóitseálaí teanga
Chuala tú caint ar chóitseálaí spóirt, cóitseálaí saoil, fiú an cóitseálaí oibre, ach anois tá réimse nua sa gcóitseáil agus sin í an chóitseáil teanga. Ní hionann é agus múineadh teanga agus ní hionann é agus oifigeach teanga. Rud nua atá ann atá forbartha i gcomhar le hAonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh.
Tá ‘An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre’ á tairiscint mar chúrsa ag Ollscoil Luimnigh. Dearadh an modúl MicriDhintiúr le tacú leis an gcóitseáil teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla san ionad oibre. Pléann an cóitseálaí teanga le rudaí amhail an “imní theangeolaíoch”, an eagla a bhíonn ar fhoghlaimeoir an Ghaeilge, nó an dara teanga eile, a labhairt.
Luadh an cúrsa ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo agus spriocanna earcaíochta an stáit i leith na Gaeilge á bplé. Agus plean ann gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030, beidh cúpla cóitseálaí maith teanga ag teastáil.
***
Slán leis an scoil
Is gearr anois go mbeidh na laethanta saoire ón scoil againn, tá bliain eile imithe de léim. Tá na seachtainí deireanacha seo de mhí an Mheithimh ar nós an 5km deireanach de mharatón. Meas tú an mbeidh muid in ann é a dhéanamh chomh fada le ceann scríbe?
Fuair muid an aimsir bhreá buille beag róluath i mbliana agus táimid uilig anois ag guí go mbeidh déithe na haimsire go maith dúinn arís sula mbeidh an samhradh thuas. Tá na meánscoileanna críochnaithe cheana féin ar ndóigh, taobh amuigh de na créatúir bhochta atá ag déanamh na scrúduithe stáit. Níl aon scrúdú sa teach s’againne i mbliana, buíochas mór le Dia. Beidh sé romhainn an t-am seo an bhliain seo chugainn.
Bhí muid ag saoire san Iodáil an tseachtain seo caite agus tháinig muid ar ais go luath maidin Dé Luain agus é fuar agus fliuch agus ina cheo ag aerfort Chnoc Mhuire. D’fhág muid an ghrian agus teocht 27 céim Celsius inár ndiaidh agus má bhí codladh orainn ag éirí aníos den suíochán, ní fada gur dhúisigh aer fionnuair an Atlantaigh muid nuair a sháigh muid poincín [caincín] amach doras an eitleáin.
Caithfidh go bhfuil mearbhall éigin orm, bhí mé chomh sásta is a bhí mé riamh nuair a bhuail an ghaoth is an bháisteach m’éadan. Tá muid sa mbaile, buíochas mór le Dia, a dúirt mé. Is deas imeacht anois is arís, ach ní bhuailfeadh rud ar bith an baile, fiú agus é ina bháisteach.
***
Ag éisteacht le…
‘Ryan’s Rant’ an chéad traic ar an albam nua Into the Loam le Cormac Begley agus Liam O’Connor a bheidh á eisiúint ag deireadh mhí Iúil.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: An Housewife of the Year, an chóitseáil teanga agus laethanta saoire'