An gcaithfear deis phósta a thabhairt don sagart – bíodh bean nó fear i gceist?
‘Those wedding bells will never ring for me.’ Amhrán mall agus cineál brónach ó aimsir na Showbands i halla an Travellers Friend i gCaisleán an Bharraigh, oíche fómhair i 1964. Chuir mé ceist orm féin, a deir an Canónach Pádraig Standún: “Cén chaoi a raibh a fhios acu go raibh mé anseo?”
Tá cuimhne shoiléir ag an gCanónach Standún ar an amhrán agus ar an oíche sin fós; ba é an damhsa deireanach aige é sula ndeachaigh sé ina mhac léinn sagartóireachta go Coláiste Mhá Nuad scaitheamh beag ina dhiaidh sin.
Ní raibh aon chuimhne aige san am sin go mbeadh ceist stádas neamhphósta na sagart ina ábhar chomh conspóideach sna blianta ina dhiaidh sin. Ach, tháinig sé féin ar shoiléireacht intinne faoin ábhar seo – agus ní inniu ná inné é. Ba cheart go mbeadh cead ag sagairt pósadh agus, lena chois sin, ba cheart go bhféadfadh mná a bheith sna sagairt, a deir Pádraig Standún.
Is fada é an Canónach Standún i mbun cúraimí eaglasta, spioradálta agus pobail, i bparóistí Gaeltachta i gcontaetha Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Idir leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, tá os cion scór acu scríofa aige. Chonaic sé athruithe éagsúla ag tarlú i measc na ndaoine in imeacht na mblianta sin.
Tá an laghdú ar an líon fear atá ag dul leis an tsagartóireacht ar cheann acu.
Bhí 110 mac léinn ina chuideachta sa gcéad bhliain a raibh sé féin i Maigh Nuad i ndeireadh na seascaidí. Sa deireadh thiar, oirníodh tuairim is leath acusan. Ba mhór an lán é seachas mar atá an saol anois.
Bhain an scéal as Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath don bhliain acadúil 2024/2025 geit as cuimse daoine; ní raibh oiread agus duine amháin as an 1.6 milliún Caitliceach i réigiún na príomhchathrach gaibhte le staidéar sagartóireachta. Ach níl ansin ach cuid den cheann le fána. D’ísligh an céatadán de na daoine in Éirinn a théann ag an Aifreann ó 93% i 1993 go dtí 30% sa lá inniu agus tá laghdú 70% tagtha ar an lear sagart agus ball eile d’oird eaglasta ón mbliain 1970 i leith. Tugtar síos gur 70 bliain meánaois na sagart in Éirinn anois agus d’imigh 25% dá mbaill ar shlí na firinne le cúig bliana.
In ainneoin an scéil as Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, chuir an Eaglais Chaitliceach fáilte roimh an líon fear a thosaigh ar chúrsa oiliúna i dtreo na sagartóireachta i mbliana. Duine agus fiche acu atá ann ach ní athrú mór é. Thosaigh cúig dhuine fichead ansin in 2023, figiúr a bhí níb fhearr ná 2022 nuair nach raibh ann ach deichniúr.
Cé go gcuireann an cúlú cumha air, ní chuireann sé iontas air, a deir an tAthair Willie Purcell, stiúrthóir náisiúnta ar an gcóras earcaíochta ábhar sagart. “Sílim go bhfuil cultúr i measc na hóige anois nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh ceangal orthu i réimse amháin oibre i gcaitheamh a saoil,” ar seisean. “Féach,” a deir sé “go bhfuil sé deacair ag an nGarda Síochána a ndóthain ball nua a fháil isteach sa bhfórsa. Sé an scéal céanna é ag an Arm agus tá sé amhlaidh freisin sa saol múinteoireachta, agus tá ganntan altraí sa tír.”
Ach ní hin le rá go bhfuil droim láimhe tugtha ag an aos óg leis an Eaglais Chaitliceach ná don Chríostaíocht, dar leis an Athair Puirséal. “Táimse bainteach le go leor gluaiseachtaí óige atá dírithe ar an spioradáltacht agus an Chríostaíocht. Tá mé in ann a rá go bhfuil na mílte daoine óga ann a bhfuil dáiríreacht agus géarchúis ag baint leo maidir leis an gcreideamh Caitliceach.
“Tá siad ag iarraidh brí agus firinne a baint as an gcreideamh, agus a saol a chaitheamh bunaithe air sin,” a deir sé.
Ach an rachaidh mórán acu leis an tsagartóireacht?
“Tá mé ábalta an méid seo a rá,” arsa an tAthair Puirséal. “Beidh na daoine a thiocfaidh i dtreo na sagartóireachta as na grúpaí atá i gceist agamsa iontach i mbun a gcuid dualgaisí. Beidh siadsan tagtha i dtreo na gairme sin tar éis dianmhacnaimh agus níl amhras orm ach go mbeidh siad daingean agus dúthrachtach mar shagairt san Eaglais Chaitliceach.”
Idir an dá linn, beidh bearnaí le líonadh ar fud na hÉireann más leis an tír seo struchtúr na bparóistí, agus seirbhís na sagart, a choinneáil mar a chleachtaítí é. Sa gcás sin, táthar ag caint ar na huimhreacha, líon sagart a bheidh sách láidir agus neart intinne agus coirp iontu le haghaidh na hoibre.
Creideann an Canónach Pádraig Standún go láidir go bhfuil an bac ar phósadh ar cheann de na driseacha cosáin atá ag coinneáil fir ó dhoras. “Tá sruthanna an tsaoil ann agus athrú cultúir gan dabht, ach mar cheist a d’fhéadfaí a réiteach go praiticiúil, tá an cosc ar phósadh ar cheann acu – agus ceann mór.”
I lámha an Phápa Leon X1V atá an chumhacht anois. Céard a dhéanfaidh seisean?
Ní bheidh sé ag tabhairt stádas do na mná ar comhchéim leis na fir; ní bheidh cead acu a dhul sna sagairt. Níl aon cheilt aige ar an dearcadh sin. Beidh stádas riaracháin agus a leithéid sin acu ach ní bheidh éisteacht faoistine, an ola dheireanach, ná go leor eile faoina gcúram.
Céard faoi shagairt phósta? “Níl sé sin soiléir fós,” a deir an Canónach Pádraig Standún. “Is dóigh go gcaithfimid fanacht scaitheamh eile nó go mbeidh an Pápa nua socraithe síos ina chuid dualgas. Beidh le feiceáil ansin.”
Agus meileann muilte Dé, agus muilte na Róimhe, go mall.
Idir an dá linn, tagann focla an amhráin aniar thar na blianta chuig an gCanónach Pádraig Standún tar éis trí scór bliain. B’fhéidir gur mar sin a bheadh sé freisin ag an mbeagán fear óg a théann sna sagairt anois: “Those wedding bells will never ring for me.”
Damhlaic
Cheana féin 7 leis na céadta bl. tá cead 7 dualgas pósta ag na sagairt i líon mór
eaglaisí Ceart-chreidimh(!! ceart!!).
Is in Eaglais na Róimhe athá an deacracht. Agus an fhadhb/riail bunaithe ar
an tsealbh! Seilbh a choineáil ar rachmas saibhris na nEasbag.
Ní rabh “cead pósta” ag na Pápaí de chlann Borja (Borgia) ach níor mhothaigh
an dream údaí aon easpa ghnéis,geallaim dhuit!
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirtín Ó Catháin, ‘ “Those wedding bells will never ring for me” –– an gcaithfear deis phósta a thabhairt don sagart?’, tuairisc.ie, Dé hAoine, Meitheamh 13, 2025.
19 mbliana d’aois a bhí an Canónach Pádraig Standún nuair a tháinig deireadh leis an Dara Comhairle Vatacánach in 1965. Dá réir féin, 18 mbliana d’aois a bhí seisean nuair a glacadh isteach i gCliarscoil Phádraig Mhaigh Nuad é, in 1964. Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa go gcreidfeadh fear san aois sin go dtiocfadh sé i gceist, le linn a chuid féin sagartachta, go dtabharfaí cead do shagairt pósadh. Is minic cloiste agam féin é, gur ghnách le foirne teagaisc na gCliarscoileanna, é sin a rá le hábhair sagart sna blianta sin. Bhí sin an–éagórach ar ábhair sin na sagart. Is éagóir mhór ar fhear óg glacadh leis mar ábhar sagairt ar Chliarscoil, agus gan ach 18 mbliana a bheith slánaithe. De réir taighde a foilsíodh sa bhliain 2018, ní thagann deireadh go fisiceach leis an teacht in inmhe, go dtí go slánaíonn an duine óg cothrom beirthe 24 bliana [An tOllamh Susan M. Sawyer & údair eile, ‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 17, 2018)]. Tá seanchara dom féin a bhfuil céim sa tSíceolaíocht aige, agus meabhraíonn seisean domsa gurb é comhdhearcadh na Síceolaithe inniu, nach dtagann staidéarthacht an duine lánfhásta do dhuine, go dtí go sáraíonn an duine sin cothrom beirthe 30 bliain. Tuigtear coitianta gur timpeall le 30 bliain d’aois a bhí Íosa Críost féin, nuair a thosaigh seisean ar an misean poiblí aige. Is é is dóichí ná a chéile gur comhaoiseanna do Chríost ba ea na hAspail ar fad, ach Eoin Soiscéalaí, de réir dealraimh.
An tslí ar gnách an cheist a chur, cuireann sé mearbhall ar a lán daoine. Ní bhíonn cead ag sagairt pósadh tar éis a n–oirnithe in Eaglais Chaitliceach an Iarthair [sa Ríotas Laidineach], ach amháin má scaoiltear ó ghealltanas na hAontumha iad, i gcás na sagart deoise, nó ó mhóid na hAontumha i gcás na sagart rialta. Ach má bhíonn duine ag fáil bháis ar thaobh an bhóthair, agus má bhíonn sagart a scaoileadh ó ghealltanas, nó ó mhóid, na hAontumha, ag gabháil thar bráid, agus má iarrann an duine atá ag fáil bháis go n–éistfeadh sagart faoistin an duine atá ag fáil bháis, tá sé de dhualgas ar an sagart a scaoileadh ón ngealltanas, nó ón móid atá luaite, faoistin an duine atá ag fáil bháis a éisteacht, agus más féidir é, an Ola Dhéanach a chur ar an té atá ag fáil bháis.
Tá Eaglaisí go leor ag Caitlicigh an Oirthir, Eaglaisí atá comhaontaithe leis an Róimh, ina ndéantar fir phósta a oirniú ina sagairt. Ach ní thugann na hEaglaisí seo cead pósta do shagart oirnithe, agus an sagart pósta sin a fhanacht gníomhach sa tsagartacht. Go bhfios domsa, tá aon eisceacht amháin ón riail sin: tá Eaglais amháin de chuid Chaitlicigh an Oirthir a ligeann do shagairt, atá ina mbaitsiléirí, pósadh. Ní ligeann Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir do shagairt atá ina mbaitsiléirí, pósadh. Na hEaspaig ag Eaglaisí Caitliceacha an Oirthir, agus na hEaspaig ag Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir, ní foláir dóibh a bheith ina mbaitsiléirí chun go gcoisreacfaí ina nEaspaig iad an chéad lá riamh.
Nuair a iompaíonn ministir Anglacánach, nó minisitir Liútarach ina gCaitlicigh, agus go ndéantar iad a oirniú ina sagairt Chaitliceacha ina dhiaidh sin, bíonn cead ag na sagairt seo leanúint de shaol an phósta, má bhíonn bean acu, sula n–oirnítear ina sagairt Chaitliceacha iad. Ach dá ainneoin sin, maítear gurb iad mná na n–iarmhinistrí Protastúnacha seo, na daoine is láidre ar son ghealltanas na hAontumha ag Eaglais Chaitliceach an Iarthair! 7 gcinn de Shacraimintí a bhíonn le riar ag an sagart Caitliceach. Ní bhíonn ach 2 Shacraimint, ar a mhéad, le riar ag an ministir Protastúnach.
Timpeall le 1% de mhuintir Shasana a fhreastalaíonn ar sheirbhís Anglacánach ar an tSabóid.
Ón 16ú céad, tá cead pósta ag ministrí Anglacánacha. Lenár linn féin thosaigh an Eaglais Anglacánach ar mhná, agus ar dhaoine homaighnéasacha, a oirniú ina ministrí. Scar a lán Anglacánach san Afraic leis an gComaoin Anglacánach dá bharr sin, agus ghabh leis an eagraíocht Gafcon, Global Anglicans. Bhí Gavin Ashenden ina Easpag Anglacánach tráth, agus ar dhuine de na 36 Shéiplíneach a bhí ag freastal ar Bhanríon Eilís II Shasana. Cuireadh brú ar Ashenden an post sin a thabhairt suas, mar go raibh blas ró–Chaitliceach tagtha ar a chreideamhsan. D’iompaigh Ashenden ina Chaitliceach ina dhiaidh sin, agus bíonn sé ag craoladh i dteannta beirt eile go rialta, Katherine Bennett, agus Mark Lambert, faoin teideal Catholic Unscripted. Dúirt Ashenden le déanaí gur móramh Muslamach atá i 7 gcinn de chathracha Shasana i láthair na huaire, agus nach fada go dtí go mbeidh Sasana ina tír Mhuslamach. Dá ainneoin sin is uile, tá borradh agus fás ag teacht faoin gCreideamh Caitliceach i Sasana le tamall anuas, agus is daoine óga is mó atá ag gabháil leis an gcreideamh sin i Sasana. Tá sin i gceist sa Fhrainc, san Iodáil, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith, de réir mar a thuigim. Tá dúil ag a lán de na daoine óga sin san Aifreann Laidine.
Ní chreidimse go gceadóidh Eaglais Chaitliceach an Iarthair go deo do shagairt pósadh, agus fanacht gníomhach sa tsagartacht.
Tá dlúthbhaint ag gealltanas, agus ag móid na hAontumha, leis an teagasc ag an Eaglais Chaitliceach nach bhfuil cead ó Dhia aici, mná a oirniú ina sagairt. Creideann formhór na gCríostaithe nach Pearsa Dhaonna, ach Pearsa Dhiaga, is ea Críost, agus gur comhcheangailte dá nádúr diaga–san, atá an nádúr daonna aige. Ní mar a chéile agus formhór na gcreideamh Págánach aimsir Chríost, ní bhaineann an ghiniúint de bharr inscne le Dia na Críostaíochta. Saol in aontumha a chaith Íosa Críost, agus pósadh in aontumha ba ea pósadh Mhuire le hIósaf Naofa. An cineál sin aontumha ar an saol seo, is léiriú í ar na Flaithis tar éis an Aiséirí [‘ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile’ (Bíobla Naofa Mhaigh Nuad, Lúcás 20:35)].
Níl Dia, ann féin, fireann ná baineann. Ach tarlaíonn sé gur ina fhear a coimpríodh, agus a saolaíodh, an Dara Pearsa den Tríonóid, Íosa Críost. Deirtear mar gheall ar an sagart Caitliceach gur in Persona Christi Capitis a bhíonn sé, is é sin ‘i bPearsa Chríost an Ceannasaí’. Chreid formhór an tsaoil riamh gur dhá inscne atá ann: ceann fireann, agus ceann baineann. Creidimidne Caitlicigh gur mó an chumhacht spioradálta atá ag Muire Máthair Dé, ná cumhacht spioradálta na naomh eile go léir, agus iad a chur le chéile. Dá ainneoin sin agus uile, níl fianaise ar bith ann gur sagart ba ea, nó is ea, an Mhaighdean Bheannaithe. Creidimid go ngéilleann Críost do gach uile éileamh ag a Mháthair, agus gur féidir don Choróin Pháirteach cogaí a stopadh, agus a bhuachan, cuir i gcás, Cath Lepanto [Deireadh Fómhair 7, 1571]. Dá réir sin, ní mar a chéile tuiscint an duine ar an gcumhacht, agus tuiscint Dé ar an gcumhacht.
Rialaigh an Pápa Eoin Pól II nach bhfuil cead ar bith ó Dhia ag an Eaglais Chaitliceach, mná a oirniú ina sagairt [Ordinatio Sacerdotalis (Bealtaine 22, 1994)]. Nuair a músclaíodh an cheist: an teagasc do–earráide é sin? ba é freagra Joseph Cairdinéal Ratzinger uirthi, le linn dó seo a bheith ina Chinnire ar an gComhdháil le Teagasc an Chreidimh, nach foláir géilleadh go críochnaitheach don teagasc sin, mar gur mar theagasc do–earráide, de réir Mháistreachas Gnách agus Uilechoiteann na hEaglaise Caitlicí, a cuireadh in iúl é [Lumen Gentium 25, 2], [‘Responsum ad Propositum Dubium i dtaobh an teagaisc atá in ‘Ordinatio Sacerdotalis’ [Deireadh Fómhair 28, 1995]. Aon duine a dhiúltaíonn do theagasc do–earráide, agus a leanann air ag diúltú dó, déanann sé eiriceach de féin, agus cuireann coinnealbhá uaidh féin [latae sententiae] air féin [Canóin 751 & Canóin 1364, de Chód an Dlí Chanónta, ag an Eaglais Chaitliceach].