AR SCÁTH A CHÉILE: Conas siopadóireacht shábháilte a dhéanamh?

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

‘Scoil sa mBaile’ le Bridget Bhreathnach

Conas siopadóireacht shábháilte a dhéanamh?

Tá leabhrán eolais curtha ar fáil ag an Líonra Domhanda Sláinte, Cumann Sláinte Comhshaoil agus ag an Institiúid Sláinte Comhshaoil le comhairle maidir lena sláinte a chur ar dhaoine a mbíonn orthu dul amach ag siopadóireacht.

an bhileog eolais á cur ar fáil in Éirinn agus sa Bhreatain.

Maíonn na saineolaithe sin go bhfuil an-bhaol ionfhabhtaithe ag baint le hollmhargaí agus nár mhór do dhuine a bheith fíorchúramach iontu agus gan dul in aon chor má bhíonn a mhalairt de rogha agat.

Ar ndóigh má tá tú os cionn 70 bliain d’aois, má tá ag aireachtáil tinn nó má tá aon easláinte ag gabháil duit, ní cóir duit an teach a fhágáil in aon chor agus ba chóir duit duine éigin eile a chur ag an siopa ar do shon.

Ba chóir duit na hamanna is gnóthaí an siopa a sheachaint agus fanacht dhá mhéadar amach ó chuile dhuine eile, oibrithe an tsiopa chomh maith.

Má thugann tú ciseán nó tralaí leat, díghalraigh é – le do dhíghalrán féin nó ceann an tsiopa más ann dó.

B’fhearr gan a bheith ag breith ar rudaí ach le lámh amháin, an lámh is lú a úsáideann tú de ghnáth.

Seachain a oiread dromchlaí agus is féidir leat sa siopa agus ná bí ag crochadh thart sa siopa ná ag cabaireacht le daoine.

Ná tabhair leat ach earraí a bhfuil pacáiste orthu agus ceannaigh bia a sheasfaidh tamall sa gcaoi nach mbeidh ort a bheith ag siopadóireacht rómhinic.

Díghalraigh do lámha arís ar fhágáil an tsiopa duit. Ná cuir do lámha in aice le d’éadan ná do shúile.

Más do dhuine leochaileach an tsiopadóireacht, fónáil iad nó cnag ar an doras, fág na hearraí ar an tairseach agus seas amach ón doras ar eagla na heagla.

Nigh do lámha ar theacht isteach duit i do theach féin. Faigh spás glan díghalraithe agus leag an tsiopadóireacht ansin. Is féidir leis an gcoróinvíreas maireachtáil ar dhromchlaí crua ar feadh trí lá, agus mar sin cuimil gach canna agus pacáiste crua le tuáille páipéir agus uisce te gallúnaí. Sin nó fág in áit shábháilte iad ar feadh 72 uair an chloig.

Cuimil díghalrán don chuntar agus do dhoirse na gcófraí agus an chuisneora. Bí cinnte go níonn tú do lámha arís ach a mbeidh na málaí agus an tsiopadóireacht curtha i dtaisce agat.

Dúshlán nua tugtha ag Ciarán Kilkenny d’iománaithe óga

Tá ceacht iománaíochta nua curtha amach ag réalta Átha Cliath…

Eagraíocht Bhascaise ag éileamh go léireofaí meas ar chearta teanga le linn na géarchéime

Tá ráite ag Kontseilua, scáthghrúpa a thugann cosaint don Bhascais, go gcaithfear meas a léiriú ar chearta teanga le linn na géarchéime ar mhaithe le sláinte lucht a labhartha.

Deir Comhairle na hEorpa go bhfuil sé “ríthábhachtach” do shláinte cainteoirí mionteangacha go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil dóibh ina dteangacha féin.

Agus an saol curtha bunoscionn ag an bpaindéim, dúirt Comhairle na hEorpa nár chóir do thíortha dearmad a dhéanamh ar theangacha mionlaigh.

Dúirt grúpa saineolaithe Chomhairle na hEorpa go raibh sé tugtha faoi deara acu nach raibh tíortha áirithe ag cur a gcuid eolais, treoracha, agus moltaí  faoin ngéarchéim ar fáil “go córasach” i mionteangacha agus teangacha ‘traidisiúnta’.

Maidir le cás na hÉireann, tá roinnt ábhar faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí curtha ar fáil ag an Roinn Sláinte, an Rialtas agus na húdaráis eile i nGaeilge agus tá roinnt bheag curtha ar fáil i dteangacha eile acu chomh maith.

Bean Gaeltachta ag obair le comhlachtaí móra chun aerálaithe a sholáthar don NHS

Tá bean de bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall ag obair le comhlachtaí móra i Sasana chun aerálaithe a sholáthar don NHS agus ganntanas mór ann i lár phaindéim an ghalair Covid-19

Tá comhlachtaí i réimsí leighis, carranna, teicneolaíochta, aeraspáis agus tuilleadh tagtha le chéile sa Bhreatain chun aerálaithe a tháirgeadh don tseirbhís sláinte chun dul i ngleic leis an nganntanas atá sa tír faoi láthair.

Tá Ruth Nic Aoidh, arbh as Gaoth Dobhair dá hathair Micheál, ina stiúrthóir feidhmiúcháin ag an déantóir carranna McLaren, ceann de na comhlachtaí sin.

Tá McLaren, a bhfuil cáil bainte amach acu sa rásaíocht F1 anois i gcuibhreannas le foirne eile ón spórt, leithéidí Mercedes F1, Red Bull Racing agus Williams, chomh maith le Rolls-Royce, Ford agus Airbus chun aerálaithe a tháirgeadh.

“Ó thaobh McLaren de, tá muid ag díriú ar an dearadh den chuid is mó, ar phróisis tástála a fhorbairt agus tralaithe a dhearadh chun na haerálaithe a iompar timpeall sna hospidéil,” a mhínigh Nic Aoidh agus í ag labhairt faoin togra ar Sky News.

“Tá gach duine ag obair ar mhaithe leis an aidhm chéanna agus cé go bhfuil grúpa mór againn ag obair air seo, bhí sé éasca gach duine a thabhairt le chéile mar go bhfuil muid uile ag iarraidh an fhadhb chéanna seo a réiteach.”

Tá an cuibhreannas ag obair ar dhearadh nua d’aerálaí atá déanta as feistí atá ar fáil cheana féin chun go mbeifear in ann na táirgí a sholáthar don NHS níos tapa.

Dúirt an Rúnaí Sláinte sa Bhreatain, Matt Hancock, go raibh iarrtha ag an rialtas ar sholáthraithe a mhéid aerálaithe agus is féidir a dhéanamh d’fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb atá cruthaithe ag an gcoróinavíreas.

Tá beagán os cionn 8,000 aerálaí ag an tseirbhís sláinte sa Bhreatain faoi láthair ach tá siad sa tóir ar 30,000 breise agus líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu ag méadú i gcónaí.

Eisteddfod na Breataine Bige curtha ar athlá go 2021

Tá sé fógartha nach mbeidh Eisteddfod na Breataine Bige, macasamhail Oireachtas na Samhna na tíre seo, ar siúl i mbliana de bharr an ghalair Covid-19.

I dtús mhí Lúnasa a bhí an fhéile le tionól ach dúirt lucht eagair an Eisteddfod gur chruthaigh an ghéarchéim sláinte fadhbanna dóibh maidir leis an obair thógála a bhí le déanamh acu agus chuir siad san áireamh chomh maith na srianta atá á gcur ar dhaoine maidir le bailiú le chéile.

Fógraíodh go reáchtálfar an féile anois an bhliain seo chugainn ar an láthair chéanna i mbaile Tregaron in iarthar na Breataine Bige.

Déanann an fhéile ceiliúradh ar an mBreatnais agus ar chultúr na Breataine Bige agus reáchtáiltear comórtais amhránaíochta, filíochta agus cheoil lena linn.

Maireann an fhéile ocht lá agus freastalaíonn suas le 150,000 duine uirthi.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh an Urdd Eisteddfod náisiúnta, féile a bhíonn dírithe ar ghasúir agus ar dhaoine óga, curtha ar ceal de bharr phaindéim an choróinvíris.

Cuireadh Fleadh Cheoil na hÉireann 2020, a bhí le tionól ar an Mhuileann gCearr i mí Lúnasa, ar ceal beagnach coicís ó shin.

‘Géarghá le scoil teilifíse laethúil i nGaeilge amháin’ – Conradh na Gaeilge

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge nach leor na píosaí Gaeilge ar chlár ‘scoil ar theilifís’ nua RTÉ agus gur cheart clár lán-Ghaeilge a dhéanamh do dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre.

Deir an Conradh go bhfuil RTÉ le moladh as an nGaeilge a chur san áireamh sa chlár scoile laethúil School Home Hub, ar cuireadh tús leis an tseachtain seo, ach go bhfuil gá le clár i nGaeilge amháin chun freastal ar dhaltaí atá ag déanamh a gcuid scolaíochta trí Ghaeilge amháin.

“Tá géarghá le clár scoile laethúil i nGaeilge amháin do dhaltaí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna anois ar an teilifís, go háirithe le freastail ar na daltaí sna ranganna sóisearacha atá le bheith tumtha sa Ghaeilge, faoi mar a mholtar sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta, agus nach mbeadh an Béarla múinte go dtí rang a 1 ar aghaidh,” a deir Conradh na Gaeilge i ráiteas a d’eisigh siad tráthnóna inné.

“Molann Conradh na Gaeilge RTÉ as an Ghaeilge a chur san áireamh sa chlár scoile laethúil atá tosaithe acu an tseachtain seo ach ní shásaíonn an clár seo riachtanas na ndaltaí Gaeltachta nó Gaelscoileanna.

“Ba chóir do RTÉ cur leis an tseirbhís scoile agus clár laethúil as Gaeilge amháin a chur ar fáil chomh maith. D’fhéadfaidís seo a dhéanamh go héasca ag baint úsáid as na hacmhainní céanna agus bheadh seo mar sholáthar breise do gach dalta scoile agus ní do na daltaí Gaeltachta agus Gaelscoileanna amháin.”

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá machnamh á dhéanamh ag TG4 ar sheirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do na páistí atá sáinnithe ag baile. Tá múnlaí éagsúla á bplé ag TG4 agus súil acu an tseirbhís a chur ar fáil tar éis na Cásca.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimhe sin ach dúirt siad go raibh “an-phráinn” ag baint le clár Gaeilge a chur ar fáil.

“Bheadh muid ag súil leis chomh maith go mbeidh an clár atá á fhorbairt ag TG4 ag teacht leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta ó thaobh an luath-thumoideachais de le cinntiú nach mbeidh daltaí scoile sna naíonáin shóisearacha agus shinsearacha ag tosú drochnósanna le foghlaim an Bhéarla roimh rang a 1.

“Tá clár scoile RTÉ ann dar ndóigh d’aon tuismitheoir ag iarraidh go mbeidh Béarla mar chuid den chlár scoile a fhéachfaidh a pháiste air.”

Vlog Lá 12: an scoil sa mbaile agus ag obair ón mbaile. B'fhéidir go ndéanfadh muid an píotsa sin inniu! Súil agam go mbeidh lá maith agaibh ar fad. 🙂

Gepostet von Bridget Bhreathnach am Dienstag, 31. März 2020


Dé Luain, Márta 30

Dé hAoine, Márta 27

Déardaoin, Márta 26

Dé Céadaoin, Márta 25

Dé Máirt, Márta 24

Dé Luain, Márta 23

Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21

Déardaoin, Márta 19

Dé Céadaoin, Márta 18

Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Conas siopadóireacht shábháilte a dhéanamh?'