Os cionn 100 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil beirt eile básaithe sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 101 duine a bhí buailte ag an ngalar atá básaithe in Éirinn, 30 duine ó thuaidh agus 71 duine ó dheas

Os cionn 100 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn

Os cionn 100 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca an choróinvíris.

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil beirt eile básaithe sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 101 duine a bhí buailte ag an ngalar atá básaithe in Éirinn, 30 duine ó thuaidh agus 71 duine ó dheas.

103 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh sa Tuaisceart tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 689 cás deimhnithe ann. 6,450 tástáil atá déanta ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí don Tuaisceart tráth a ndúirt an Roinn Sláinte ó thuaidh go bhféadfadh 3,000 duine bás a fháil sa ‘chéad ráig’ den phaindéim sa chás is measa.

3,235 cás den ghalar atá deimhnithe ó dheas, rud a fhágann go bhfuil 3,924 cás deimhnithe in Éirinn. 

Deir Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt, an Dr Michael McBride, gur gearr uainn an Meabhrán Tuisceana maidir le comhoibriú thuaidh\theas i dtaobh scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

Tá ráite ag an Aire Sláinte Simon Harris go mbeidh deich lá eile ann sula mbeidh saotharlanna tástála ag obair mar ba chóir. 

Dúirt an tAire nach raibh ach 1,500 duine á thástáil do Covid-19 in aghaidh an lae. 15,000 tástáil in aghaidh an lae an sprioc atá ag an Rialtas.

Beagán sa bhreis ar 30,000 tástáil a bhí déanta faoin lá inné.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid tráthnóna go raibh socrú déanta ag an bhfeidhmeannacht maidir le 100,000 fearais tástála Covid-19 a fháil in aghaidh na seachtaine.

Tá dul chun cinn déanta maidir le fearais tástála a fháil ach fadhb mhór is ea an ganntanas den imoibrí á úsáidtear i scagadh ceimiceach chun samplaí a thástáil sna saotharlanna. 

Dúirt an tAire Sláinte go raibh go raibh gach ar féidir á dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb soláthair ó thaobh tástála de ach gur fadhb dhomhanda í. 

Mar sin féin, bhí níos mó tástála á déanamh in Éirinn ná mar a bhí á déanamh i bhformhór na dtíortha eile san Eoraip, a mhaígh sé. 

Dúirt Simon Harris gur chóir do dhaoine atá ag fanacht ar thástáil iad féin a iompar amhail is go bhfuil an galar orthu agus gurb í an chomhairle chéanna á bhí ann i gcónaí do dhaoine a bhfuil siomptóim orthu – fanacht ag baile. 

Thuairiscigh RTÉ inniu faoi dhá chás a bhain le moill ar thorthaí tástálacha do dhaoine in ionaid altranais. Dúradh gurb údar mór imní do dhochtúirí na cásanna sin. I gás amháin tógadh sampla ón othar ar an 23 Márta agus fuair an duine sin bás aréir in ionad altranais gan an toradh a bheith faighte aige.

Táthar buartha faoin lorg a fhágfaidh moill mar seo ar an gcóras agus ar theaghlaigh. Léiríonn sonraí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte go  raibh 24 braisle – níos mó ná triúr buailte ag an ngalar – in ionaid altranais faoi mheán oíche Dé Domhnaigh.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh beartais éagsúla á dtabhairt isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altranais. Dhéanfadh  HIQA na háiteanna a bhí leochaileach a aithint agus chuirfí breis foirne agus acmhainní ar fáil, a dúirt sé. 

Fág freagra ar 'Os cionn 100 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn'