‘Tá ag éirí linn an cuar a chothromú, ach caithfimid an cuar a chothromú tuilleadh’ – an Dr Tony Holohan

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,821 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 99 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 71 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di

‘Tá ag éirí linn an cuar a chothromú, ach caithfimid an cuar a chothromú tuilleadh’ – an Dr Tony Holohan

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan aréir go raibh ag éirí leis na hiarrachtaí moill a chur le scaipeadh an choroinvíris ionas nach dtiocfaidh an córas sláínte faoi bhrú rómhór.

“Creidimid go bhfuil ag éirí linn an cuar a chothromú, ach tá ardú 15% ró-ard, caithfimid leanúint orainn ag obair chun an cuar a chothromú tuilleadh,” arsa an Dr Tony Holohan.

Deimhníodh aréir go raibh 17 duine eile a bhí buailte ag gcoróinvíreas básaithe agus go raibh 325 cás nua de Covid-19 ó dheas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,821 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 99 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 71 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di. 

Bhí fadhbanna eile sláinte ag 54 den 71 duine  bhásaigh ó rheas go dtí seo agus san ospidéal a bhásaigh 59 acu. Bhí 83% de na daoine a bhásaigh os cionn 70 bliain d’aois agus in oirthear na tíre a bhí dhá thrian acu.  Mná ab ea 19 duine agus fir ab ea 52 duine.

Dúírt Tony Holohan go raibh líon na gcásanna deimhnithe ag fás 30% in aghaidh an lae sular tugadh na srianta isteach agus go bhfuil an ráta fáis tite go dtí thart ar 15%. Dúirt sé áfach go raibh 15% ró-ard agus go gcaithfí stop a chur leis an bhfás.

Údar dóchais eile ná gur trí ghartheagmhálaí a bhíonn anois ar an meán ag othair nua atá buailte ag an aicíd, i gcomparáid le thart ar 15 gartheagmhálaí sular tugadh na srianta isteach.

“Athrú chun feabhais suntasach” a bhí ansin, dar leis an Dr Holohan.

Meastar go mbeidh  7-10 lá eile ann sula mbeidh léargas ceart againn maidir le cé chomh héifeachtach is a bhí na beartais agus na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic le scaipeadh na haicíde.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 2,667 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

Maidir leis an seachtar déag is déanaí a bhásaigh fir ab ea triúr déag acu agus mná ab ea ceathrar. Bhí ochtar san oirthear, triúr i ndeisceart na tíre, triúr san iarthar agus triúr san iarthuaisceart. 84 bliain d’aois ar an meán a bhí siad.

3,235 cás deimhnithe den ghalar atá ann ó dheas agus 586 cás atá ó thuaidh.

53 cás nua atá deimhnithe sa Tuaisceart agus seisear eile básaithe. 5,885 tástáil atá déanta ó thuaidh, i gcomparáid le 30,213 ó dheas.

Bhí deacrachtaí éagsúla le tástálacha le roinnt laethanta anuas agus bhí cuid de na hionaid tástála dúnta ar feadh tamaill. Máitear go bhfuil na hionaid go léir ag obair arís agus go bhfuil sé i gceist i gcónaí cur go mór le líon na dtástálacha.

Le seachtain anuas tá céatadán na dtástálacha dearfacha ó dheas ardaithe ó 6% go dtí 15%. Athraíodh na critéir maidir le tástáil an tseachtain seo caite.

Tá roinnt daoine ag fanacht 7-10 lá i gcónaí ar a dtorthaí tástála.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte,  a bhain leis an 2,667 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 50% de na cásanna agus mná iad 50%
  • Bhí 118 braisle i gceist ar bhain 494 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 47 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 703 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 113 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 647 cás, nó 25%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,487 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 238 cás, nó 9%
  • 86 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (3.2%), 66 a bhí i gcontae Chiarraí (2.5%), 46 cás bhí i nDún na nGall (1.7%), 36 cás a bhí i Maigh Eo (1.3%), 33 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 54 cás a bhí i gcontae na Mí (2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 26% agus taisteal thar lear ba chúis le 23%

Dúirt Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann an Dr Catherine Motherway inné go raibh aonaid dianchúraim an stáit faoi bhrú mór agus cúram á chur iontu ar 133 othar.

Dúirt an Dr Catherine Motherway go raibh 107 othar atá buailte ag an víreas curtha ar aerálaithe agus go raibh cúram á chur sna haonaid ar 26 duine eile a mheastar an víreas a bheith orthu.

Léiríonn sonraí  ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur in ionaid altranais atá 20% de na braislí ar fad den choróinvíreas agus tá beartais nua á dtabhairt isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair sna hionaid sin.

Tá os cionn 42,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas agus breis is 850,000 cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo. 

Tá nach mór 180,000 duine ar ais ina sláinte agus an galar curtha díobh acu.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá is measa atá buailte ag an ngalar. Tá nach mór 190,000 cás deimhnithe sa tír sin agus os cionn 3,000 duine curtha den saol ag an ngalar. Tá os cionn 105,000 cás atá san Iodáil agus beagnach 96,000 cás atá sa Spáinn.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fág freagra ar '‘Tá ag éirí linn an cuar a chothromú, ach caithfimid an cuar a chothromú tuilleadh’ – an Dr Tony Holohan'