Teachtaireacht dheas Ghaeilge le tabhartais ó fhir ghnó ón tSín
Má bhí aon duine agaibh fiosrach faoi cén tSínis atá ar ‘Ní neart go cur le chéile’, tá freagra na ceiste ag seisear fear gnó de bhunadh na Síne a bhronn trealamh leighis agus cosanta ar Éirinn.
6 Chinese business persons in Ireland donate 40 ventilators, 200,000 masks, 20,000 respirators, 3,000 protective clothes to HSE & a few hospitals. ????
Thank you so much!@HSELive @IrlEmbChina @dfatirl pic.twitter.com/VIMyuhlHaa
— Chinese Embassy in Ireland (@ChinaEmbIreland) March 28, 2020
AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Corpoideachas le Ciarán’, sraith aclaíochta baile i nGaeilge á craoladh ar YouTube
Tá tús curtha ag an oide ióga aitheanta Ciarán Mac Fheargusa le sraith aclaíochta baile i nGaeilge chun an teaghlach ar fad a chur ag gluaiseacht.
‘Corpoideachas le Ciarán’ is teideal don tsraith aclaíochta atá á craoladh ar an chainéal YouTube ‘Óga Yoga TV’.
25 nóiméad ar fhad atá an chéad seisiún aclaíochta, atá cruthaithe ag bunaitheoir Óga Yoga agus ní gá aon trealamh a bheith agat seachas do chorp féin chun tabhairt faoi.
Freagra na nGael atá sa tsraith ‘Corpoideachas le Ciarán’ ar ranganna aclaíochta ar líne a chuireann leithéidí Joe Wicks ar fáil, traenálaí Sasanach iomráiteach a mbíonn an-tóir ar a chuid físeán ag óg agus aosta.
“Spórt agus spraoi iontach a deir Réiltín (4), Ferdia (7) agus Oisín (47!)”, a dúirt Oisín Mac Eoin, tráchtaire amháin a thug faoin chéad seisiún aclaíochta de chuid ‘Corpoideachas le Ciarán’ lena chlann.
Bainigí triail as sibh féin!
Cén Ghaeilge a chuirfimid ar ‘cocooning’?
Micheál Toose Mac Gearailt le SBB
Tá foclóir beag á chur le chéile ag Tuairisc.ie de na téarmaí nua a bhíonn á n-úsáid againn i ré an choróinvíris, nó ré an víris chorónaigh más fearr leat.
Cocúnú a bhí againn go dtí seo ar ‘cocooning’, leagan gan samhlaíocht, ach é beacht soiléir. Phléamar ‘soipriú’ chomh maith, leagan bunaithe ar an bhfocal ‘soiprigh’ a bhíonn an-choitianta ag na hUltaigh.
‘Soiprigh tú féin sa leaba…’ an sampla atá ag Ó Dónaill.
Ach seo chugainn anois duine eile de ríthe na bhfocal agus rogha eile aige. ‘Clutharú’ a mhol Micheál Toose Mac Gearailt as Corca Dhuibhne.
Tá sé curtha sa bhfoclóir beag a bheidh á fhoilsiú go luath againn ar Tuairisc.ie.
Bhí leagan deas ag @ediennico ar @saolodheas inniu do #cocooning . Chuaigh sé i gcomhairle leis an saoi focal Micheál Toose Mac Gearailt faoin gceist, agus mhol seisean clutharú / cluthairiú. pic.twitter.com/QQ4mkXd5b0
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) March 30, 2020
Meánscoil ag baint úsáid as Minecraft agus iPadanna chun tacú le daltaí
Tá Seachtain Folláine ar líne seolta ag meánscoil dhátheangach i bPort Laoise agus iad ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaltaí na scoile agus iad ag dul i ngleic le paindéim Covid-19.
Tá béim curtha ar úsáid na teicneolaíochta i gColáiste Dhún Masc, scoil ina bhfuil Aonad Lán-Gaeilge inti, le roinnt blianta anuas.
Tá iPadanna ag na daltaí uile agus tugtar agus bailítear obair bhaile go digiteach. Cé go bhfuil áiseanna na scoile anois dúnta, fágadh go bhfuil siad in ann leanúint orthu le an-chuid de ghnáthobair na scoile.
Mar sin féin, aithnítear go bhfuil an-strus ar dhaltaí i láthair na huaire agus tá an scoil ag pleanáil seachtain de ghníomhaíochtaí ar son na folláine fisiciúla agus intinne.
Príomhchomórtas na seachtaine ná ceann darb ainm ‘Dearbhaigh Dún Masc Nua’ agus cuireadh tugtha do dhaltaí scoil nua a dhearadh le peann agus páipéar nó sa chluiche ríomhaire Minecraft atá ar a gcuid iPadanna acu.
Nuachtlitir do ghasúir bhunscoile faoin timpeallacht le fáil ar líne
Tá achmhainn foghlama eile do na gasúir bhunscoile curtha ar fáil ag An Gúm agus Foras na Gaeilge agus iarchóipeanna de Líon an Dúlra foilsithe ar líne.
Nuachtlitir spraíúil faoin dúlra agus faoi chúrsaí timpeallachta atá i gceist.
Foilsítear Líon an Dúlra go ráithiúil agus bíonn an t-ábhar bunaithe ar shéasúr ar leith den bhliain.
Bíonn ailt faoin saol mórthimpeall orainn i ngach cóip chomh maith le gníomhaíochtaí, oidis, cuardach focal, crosfhocail agus tuilleadh.
Tá nuachtlitreacha a théann siar chomh fada le 2012 ar fáil ar shuíomh Foras na Gaeilge agus nach mór 30 cóip de Líon an Dúlra ann.
Dé hAoine, Márta 27
Déardaoin, Márta 26
Dé Céadaoin, Márta 25
Dé Máirt, Márta 24
Dé Luain, Márta 23
Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21
Déardaoin, Márta 19
Dé Céadaoin, Márta 18
Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Teachtaireacht dheas Ghaeilge le tabhartais ó fhir ghnó ón tSín'