‘Imní mhór’ sna hospidéil agus 133 duine in aonaid dianchúraim

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,496 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 82 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di

‘Imní mhór’ sna hospidéil agus 133 duine in aonaid dianchúraim

Tá aonaid dianchúraim an stáit faoi bhrú mór agus cúram á chur iontu ar 133 othar.

Dúirt Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann an Dr Catherine Motherway inniu go raibh 107 othar atá buailte ag an víreas curtha ar aerálaithe agus go raibh cúram á chur sna haonaid ar 26 duine eile a mheastar an víreas a bheith orthu.

“Tá ardú ag teacht ar líon na n-othar agus níl aon amhras ach gurb iad na hospidéil san oirthear an chéad dream atá buailte, agus táimid faoi bhrú an-mhór,” arsa an Dr Catherine Motherway.

Agus í faoi agallamh ar an Seán O’Rourke Show ar RTÉ Radio One, dúirt sí gur údar imní an t-ardú i líon na gcásanna cé go raibh ag éirí leis na hospidéil déileáil leis go fóill.

“Tá ag éirí leo an beart a dhéanamh agus déileáil le líon na gcásanna faoi láthair, ach níl aon amhras ach go bhfuilimid faoi bhrú an-mhór agus tá roinnt mhaith imní orainn faoi an mbeimid ábalta an bhrúisc a choinneáil faoi smacht.

“Anois, ní féidir linne srian a chur léi, is iad na daoine atá ag éisteacht liomsa agus leatsa ag baile atá ábalta í a choimeád faoi smacht trí fanacht ag baile,” arsa an Dr Motherway.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,496 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 82 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di.

53 cás nua atá deimhnithe sa Tuaisceart agus seisear eile básaithe. 5,885 tástáil atá déanta ó thuaidh.

Léiríonn sonraí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur in ionaid altranais atá 20% de na braislí ar fad den choróinvíreas. Is léir ó na sonraí sin, a bhaineann leis na cásanna a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, go bhfuil 111 braisle anois ann agus 428 duine ionfhabhtaithe ag an víreas iontu.

Tá beartais nua á bplé chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altranais.

In ospidéil atá 21 de na braislí seo, tá 24 acu i dtithe príobháideacha, 16 díobh a bhaineann le cúrsaí taistil, ceann amháin a bhaineann le teach tábhairne agus ceann eile a bhaineann le hóstán.

Fág freagra ar '‘Imní mhór’ sna hospidéil agus 133 duine in aonaid dianchúraim'