COVID-19: Os cionn 40,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas

Is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Iodáil agus an Spáinn is measa atá buailte ag an ngalar

COVID-19: Os cionn 40,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas

Tá os cionn 40,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas agus breis is 810,000 cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo.

Tá nach mór 175,000 duine ar ais ina sláinte agus an galar curtha díobh acu.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá is measa atá buailte ag an ngalar. Tá breis is 175,000 cás deimhnithe sa tír sin agus os cionn 3,000 duine curtha den saol ag an ngalar. 100,000 cás atá san Iodáil agus 94,417 cás atá sa Spáinn.

837 duine eile le Covid-19 básaithe san Iodáil agus 12,428 duine básaithe sa tír sin. 2,107 cás nua a deimhníodh i gcomparáid le 1,648 cás inné.

Tá síneadh ama curtha leis an dianghlasáil san Iodáil go dtí an Cháisc mar creideann na húdaráis ansin gur beagán le cois seachtaine atá acu go mbeidh an líon is mó cásanna sa tír, buaic na géarchéime.

Is í an Iodáil is daoire a d’íoc as an aicíd go dtí seo ó thaobh líon na marbh.

Ó inné go dtí inniu sa Spáinn, fuair an líon is mó daoine fós bás ón ngalar, 849 i gceithre uaire fichead. D’ardaigh an líon cásanna atá deimhnithe sa tír ó 85,195 inné go dtí 94,417 inniu agus tá 8,189 duine curtha den saol ag an ngalar.

Tá 387 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas caillte sa Bhreatain le lá anuas, an t-ardú laethúil is mó fós. I Sasana a bhí 367 de na daoine is déanaí a bhásaigh, bhásaigh 13 in Albain agus seachtar sa Bhreatain Bheag. 1,773 duine ar fad básaithe anois sna trí thír sin.

Tuairiscítear áfach go bhfuil níos mó daoine básaithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ná mar a thugtar le fios sna figiúirí sin agus nach bhfuil roinnt básanna a tharla roimh an 20 Márta san áireamh.

Sna Stáit Aontaithe, tá srianta de chineál éigin faoin tráth seo ar thriúr as gach ceathrar sa tír.

Tá fógra eisithe i 32 stát as an 50 stát ag ordú dá saoránaigh fanacht sa mbaile agus is iad Maryland, Virginia, Arizona agus Tennessee is deireanaí a rinne amhlaidh. 

Is mó atá buailte anois i Meiriceá ná san Iodáil. Cathair Nua-Eabhrac is measa ar fad i Meiriceá atá buailte agus os cionn 1,000 duine curtha den saol ag an ngalar ansin, de réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Deimhníodh 500 cás eile den ghalar sa Rúis inniu agus tá 2,337 duine buailte aige anois. Seo é an seachtú lá as a chéile ar ardaigh líon na gcásanna sa Rúis. Tá 18 curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa tír anois agus tá téarnamh déanta ag 121 duine.

Cé go bhfuil cúrsaí feabhsaithe go mór sa tSín agus i roinnt tíortha eile, is é tuiscint an WHO áfach nach bhfuil deireadh leis an eipidéim “ná baol air” i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. 

“Dá fheabhas iad na beartais ar fad atá á gcur i bhfeidhm, beidh an baol i gcónaí ann go scaipfear an galar sa réigiún fad a mhairfidh an phaindéim,” a dúirt Takeshi Kasai, stiúrthóir réigiún an Aigéin Chiúin Thiar san WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

I ndeireadh na bliana seo caite a chonacthas an coróinvíreas nua den chéad uair sa tSín, ach faoin tráth seo tá níos mó cásanna i Meiriceá, san Iodáil agus sa Spáinn ná mar a deimhníodh sa tSín.

Is é tuairim an Bhainc Dhomhanda nach féidir ‘dochar eacnamaíochta suntasach’  a sheachaint i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus thug sé foláireamh go bhféadfadh go mbainfí “suaitheadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo” as an domhan ar fad.

D’fhéadfadh go gcuirfí stad iomlán le fás na Síne agus nach mbeadh ach an bhochtaineacht i ndán do 11 milliún eile de na daoine in oirthear na hÁise.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 3,496 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 82 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 28 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'COVID-19: Os cionn 40,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas'