Ní mór d’Éirinn an cath in aghaidh an choróinvíris a throid mar ‘aonad amháin’ – Scally

Deir an tOllamh Gabriel Scally gur mór an trua go bhfuil an Tuaisceart ag cloí leis an gcomhairle as Sasana mar gur dóigh leis féin go bhfuil an chomhairle sin ‘fíorlochtach’

Ní mór d’Éirinn an cath in aghaidh an choróinvíris a throid mar ‘aonad amháin’ – Scally

Tá sé ráite ag Gabriel Scally, Ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Bristol, go gcaithfidh an t-oileán seo oibriú mar aonad amháin in aghaidh an choróinvíris.

Thug Scally rabhadh go raibh an baol ann go gcuirfeadh muid amú go fánach an buntáiste tíreolaíochta atá againn toisc gur oileán muid de bharr polasaithe éagsúla sláinte a bheith á gcur i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann.

Dúirt Scally, údar na tuarascála faoin gconspóid CervicalCheck, gur mór an trua go bhfuil an Tuaisceart ag cloí leis an gcomhairle as Sasana mar gur dóigh leis féin go bhfuil an chomhairle sin ‘fíorlochtach’.

Dúirt sé go bhfuil seans againn an víreas a stopadh i gceart ach chuige sin go gcaithfear cosc a chur le haon chás nua den víreas a iompórtáil.

“D’fhéadfadh na difríochtaí sin atá idir na polasaithe ar an dá thaobh den teorainn a bheith an-tromchúiseach,” a dúirt sé san Irish Times.

“Ní rudaí fánacha iad na neamhréireachtaí seo. An chomhairle a chuirfear ar dhuine i Leifear a mbíonn comharthaí sóirt an choróinvíris air ná fanacht glan ar chuile dhuine ar feadh 14 lá ar a laghad – ach fad urchar mearóige uaidh san Srath Bán an chomhairle a gheobhaidh duine ná fanacht glan ar dhaoine ar feadh seacht lá.”

Ó thuaidh den teorainn, cuireadh deireadh le tástáil sa phobal agus tóraíocht teagmhálaithe ar an 13 Márta. Dúirt sé gur beag duine a thástáiltear anois sa Bhreatain ná sa Tuaisceart seachas othair atá in ospidéil agus foireann na seirbhíse sláinte.

“An taobh seo den teorainn, tá os cionn 40 ionad tástála bunaithe agus é mar aidhm ag na húdaráis 100,000 tástáil sa tseachtain a bheith á ndéanamh faoi dheireadh an Aibreáin. 8000 tástáil sa tseachtain an sprioc ó thuaidh,” arsa an tOllamh Scally.

Idir an dá linn, léiríonn sonraí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur in ionaid altranais atá 20% de na braislí ar fad den choróinvíreas. Is léir ó na sonraí sin, a bhaineann leis na cásanna a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, go bhfuil 111 braisle anois ann agus 428 duine ionfhabhtaithe ag an víreas iontu.

Tá beartais nua á bplé chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altranais.

In ospidéil atá 21 de na braislí seo, tá 24 acu i dtithe príobháideacha, 16 díobh a bhaineann le cúrsaí taistil, ceann amháin a bhaineann le teach tábhairne agus ceann eile a bhaineann le hóstán.

Cuireadh in aonaid dianchúraim 103 duine a bhí buailte ag an ngalar go dtí seo, de réir figiúirí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte.

Fág freagra ar 'Ní mór d’Éirinn an cath in aghaidh an choróinvíris a throid mar ‘aonad amháin’ – Scally'