AR SCÁTH A CHÉILE: Ciarán Kilkenny ag múineadh scileanna CLG trí Ghaeilge

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

Ciarán Kilkenny ag múineadh scileanna CLG trí Ghaeilge

Agus stop curtha le himeachtaí spóirt de bharr na paindéime Covid-19, tá úsáid á baint as na meáin shóisialta chun daoine a spreagadh chun beagáinín aclaíochta a dhéanamh agus iad sáinnithe sa bhaile.

Tá sárpheileadóir Átha Cliath Ciarán Kilkenny ar dhuine díobh siúd atá ag cur físeán amach ar Twitter agus ar Instagram agus an-tóir ar na giotaí a bhíonn aige.

Bíonn físeán Gaeilge agus Béarla ag Kilkenny agus é ag iarraidh daoine a spreagadh lena scileanna peile agus iomána a chleachtadh agus a fheabhsú.

Bíonn dúshláin nua ag fear Chaisleán Cnucha beagnach gach lá chomh maith agus iarrtha aige ar an bpobal iad féin a thaifeadadh agus iad i mbun na ndúshlán agus na físeáin a sheoladh chuige.

Tá cuireadh tugtha ag Kilkenny do dhaoine eile i saol an spóirt tabhairt faoi na dúshláin agus ina measc siúd a ghlac leis an gcuireadh sin go dtí seo tá John O’Shea, Diarmuid Connolly, Bernard Brogan, Orlagh Farmer agus Joseph O’Brien.

#ScéalAnLae o Futa Fata

Dúisigh le dúthracht ag breacadh gach lae – na mílte meallta ag gaois Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

LÉARÁID: Sinéad Ní Chadhain/Twitter

Bhí na mílte meallta ag gaois Mhichíl Uí Mhuircheartaigh ar an Late Late Show an oíche cheana agus go háirithe ag an gcomhairle a fuair sé óna mháthair chríonna –‘dúiseacht le dúthracht ag breacadh an lae’.

Bhí a thuilleadh faoi chúlra na comhairle sin ag Joe Ó Muircheartaigh, nia Mhichíl.

Bhí a thuilleadh leaganacha eile den nath céanna ag dúchas.ie dúinn, rann ó bailíodh ó Thomás Ó Dálaigh ó Dhún Chaoin ina measc.

Spreag Mícheál daoine eile chun dul i mbun ealaíne. An dearthóir de chuid TG4 Sinéad Ní Chadhain a rinne an grafaic thuas.

Comórtais ar Facebook ag Muintearas

Tá Muintearas, an eagraíocht oideachais is oiliúna, ag reáchtáil comórtas ar líne chun daoine óga a choinneáil gnóthach le linn na géarchéime Covid-19.

Tá pictiúir d’ainmhithe áirithe curtha amach ag Muintearas Físeáin ar a leathanach Facebook agus tá húdaí ar fáil d’aon duine atá in ann trácht a fhágáil le seanfhocal, líne as amhrán/dán nó áitainm/logainm a bhfuil ceann de na hainmhithe luaite ann.

Beidh deis ag daoine cur isteach ar an gcomórtas go dtí an 7 Aibreán.

‘Fan slán, fan folláin’ an teachtaireacht ag teach tábhairne i mBaile Átha Cliath

B’fhéidir gur i dTeach Searsons ar Shráid Bhagóid a bheidh an chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ i ndiaidh na hanachana.

Tá suntas á thabhairt ag Gaeil Twitter d’fhógra atá crochtha i bhfuinneog an phub faoi láthair – fógra dóchais i nGaeilge bhreá.

An-tóir ar ‘Fáinne Geal an Lae’ ó TG4

Tá an-tóir ar an bhfíseán seo a scaip TG4 de Ghaeil éagsúla ag casadh ‘Fáinne Geal an Lae’.

Oifigí agus moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta dúnta

 Tá oifigí agus moil dhigiteacha gteic Údarás na Gaeltachta dúnta ó inniu. Beidh na hoifigí dúnta don phobal nó go bhfógraítear a mhalairt. Beidh seirbhísí na heagraíochta ar fáil ar an bhfón, trí ríomhphost agus ar líne.

Má tá aon chomhlacht nó oibrí in ionaid gteic a bhfuil a gcuid oibre rangaithe mar obair riachtanach ag an Rialtas, déanfar socrú speisialta dóibh. Is gá teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta nó lucht bainistíochta do gteic chun socrú dá leithéid a dhéanamh.

Déardaoin, Márta 26

Dé Céadaoin, Márta 25

Dé Máirt, Márta 24

Dé Luain, Márta 23

Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21

Déardaoin, Márta 19

Dé Céadaoin, Márta 18

Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Ciarán Kilkenny ag múineadh scileanna CLG trí Ghaeilge'