Tacaíocht mhór á léiriú do Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhfuil drochbhail air de bharr an choróinvíris

Tá Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste curtha ar aerálaí agus é go dona tinn

Tacaíocht mhór á léiriú do Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhfuil drochbhail air de bharr an choróinvíris

Tá tacaíocht mhór á léiriú do Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste atá curtha ar aerálaí agus é go dona tinn san ospidéal leis an gcoróinvíreas.

An comhlacht dlí, KWR Law, a bhfuil sé ina pháirtnéir ann, a chuir an scéal amach go raibh an dlíodóir, atá 43 bliain d’aois agus a bhfuil triúr clainne aige, san ospidéal le seachtain anuas agus drochbhail air.

Tá clú agus cáil ar Niall Murphy as lear mór cásanna dlí éagsúla, ina measc cinn inar chosain sé cearta íobartaigh na dTrioblóidí.

Sheas sé an fód go minic do chearta teanga chomh maith agus tá sé ina chrann taca ag an bhfeachtas ar son achta Gaeilge.

“Gaeilgeoir díograiseach a roinneann a chuid ama agus a chuid saineolais  go fial linn is ea Niall Murphy,” a  dúirt  Ciarán Mac Giolla Bhéin ón Dream Dearg le Tuairisc.ie inné.

Nuair a foilsíodh an cháipéis New Decade, New Approach roimh athbhunú Stormont i mí Eanáir rinne Niall Murphy anailís ar na moltaí i leith na teanga  a bhí inti don Dream Dearg agus do Chonradh na Gaeilge, obair a rinne sé go deonach.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin gur chuir se aithne ar Niall Murphy i dtosach nuair a bhí an dlíodóir agus daoine eile i nGleann Ghormfhlaith, atá taobh thuaidh de Bhéal Feirste, ag iarraidh Gaelscoil a bhunú. De thoradh an fheachtais sin, bunaíodh Gaelscoil Éanna atá anois ar cheann de na scoileanna is bisiúla sa Tuaisceart.

Bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin i measc na gcéadta a ghuigh biseach ar Murphy.

Bhí baint mhór ag Niall Murphy chomh maith le cás mhuintir Loch an Oileáin i gcontae an Dúin cás a bhain leis an sléacht inar mharaigh an UVF seisear agus inar ghortaigh siad cúigear i dteach tábhairne.

Dúradh paidreacha ar a shon ag an Aifreann ar an mbaile sin inniu.

Chosain Murphy cearta iriseoirí freisin nuair a cuireadh an dlí ar Trevor Birney agus Barry McCaffrey i ngeall ar eolas  sceite a d’úsáid siad sa scannán No Stone Unturned, scrúdú ar an bhfiosrú  easnamhach a rinneadh ar shléacht Loch an Oileáin.

Bhí an dlíodóir le feiceáil le déanaí sa  tsraith teilifíse Máithreacha ar BBC agus TG4 agus é faoi agallamh san eagrán faoi Speranza, máthair Oscar Wilde. Ball gníomhach é de CLG Naomh Éanna agus tá sé ina chathaoirleach ar Chlub Aontroma.

Tá sé ina rúnaí chomh maith ar Ireland’s Future,  an ghluaiseacht a bunaíodh le díospóireacht agus anailís a dhéanamh faoi Éire Nua.

‘Sibhialaigh Náisiúnacha’ a bhunaigh an feachtas chun machnamh agus scrúdú a dhéanamh roimh reifreann faoi athaontú na hÉireann.

Tá an comhlacht dlí Madden & Finucane, a mbíodh Niall Murphy ag obair leo, ag iarraidh ar dhaoine a dtacaíocht a chur in iúl dó anseo.

Ar na daoine eile a ghuigh biseach ar an dlíodóir agus feachtasóir bhí Cathaoirleach Shinn Féin Declan Kearney agus Cumann Dlí Thuaisceart Éireann.

Fógraíodh inné go raibh seisear eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart. 86 cás nua a deimhníodh ó thuaidh, an t-ardú is mó in aon lá amháin.

Tá os cionn 3,000 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn faoin tráth seo, 2,615 ó dheas agus 410 ó thuaidh.

Tá deichniúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas, ochtar fear agus beirt bhan, agus 200 cás nua den ghalar a deimhníodh tráthnóna inné. In oirthear na tíre a bhí seisear den deichniúr is déanaí a bhásaigh, bhí triúr san iarthuaisceart agus bhí duine amháin i ndeisceart na tíre.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

77 bliain d’aois ar an meán a bhí na daoine is déanaí a fuair bás de bharr an ghalair.

67 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca na paindéime, 46 ó dheas den teorainn agus 21 ó thuaidh di.

Thug an HSE le fios inné go bhfuil siad ag pleanáil do bhuaic na ráige Covid-19 ar an tuiscint gur i lár mhí Aibreáin a shroichfear í, ach nach féidir a bheith cinnte gur mar sin a bheidh.

Tá tástáil don ghalar á cur ar 5,000 duine in aghaidh an lae faoin tráth seo, a dúradh.

500 leaba ICU atá sa chóras, i gcomparáid le 225 leaba sna haonaid dianchúraim roimh an ngéarchéim. Tá 88 othar atá buailte ag an gcoróinvíreas sna haonaid dianchúraim faoi láthair.

Dúirt príomh-oifigeach oibríochtaí an HSE Áine O’Connor go ráineodh go dteastódh breis is 1,200 leaba ICU agus go rabhthas ag ullmhú dó sin, cé mach bhféadfaí a bheith cinnte faoi líon na leapacha a theastódh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, eolas a bhain leis na cásanna a bhí ann faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 51% de na cásanna agus mná iad 48%
  • Bhí 103 braisle i gceist ar bhain 379 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 47 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 564 duine, nó 26%
  • As na daoine sin, cuireadh 77 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 506 cás, nó 24%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,233 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 208 cás, nó 9%
  • 68 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 53 a bhí i gcontae Chiarraí, 24 cás bhí i nDún na nGall, 31 cás a bhí i bPort Láirge agus 46 cás a bhí i gcontae na Mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 24% agus taisteal thar lear ba chúis le 25%

Fág freagra ar 'Tacaíocht mhór á léiriú do Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhfuil drochbhail air de bharr an choróinvíris'