AR SCÁTH A CHÉILE: Físeán curtha amach ag Cultúrlann Bhéal Feirste le hardú meanman a thabhairt do Ghaeil na cathrach

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”de9fb3″ datetime=”2020-03-27T17:25:27+00:00″]

Físeán curtha amach ag Cultúrlann Bhéal Feirste le hardú meanman a thabhairt do Ghaeil na cathrach

Tá físeán nua curtha amach ag lucht na Cultúrlainne i mBéal Feirste le hardú meanman a thabhairt do Ghaeil na cathrach.

Léirítear san fhíseán radharcanna iomráiteacha den chathair agus í faoi dhianghlasáil le seachtain anuas agus iarrtar ar dhaoine a bheith dóchasach.

“Caillfear postanna, gnóthaí agus daoine de bharr an choróinvíris”, ach deirtear linn gur fiú bomaite a ghlacadh chun aoibhneas a dhéanamh “den ghrá agus den dlúthpháirtíocht ar fad atá timpeall orainn”. 

[/live]

[live id=”d182c6″ datetime=”2020-03-27T17:12:35+00:00″]

Siamsán sa mBaile – na chéad bhuaiteoirí fógartha!

Go raibh míle maith agaibh go léir as cur isteach ar chomórtais ‘Siamsán sa mBaile’, an tseirbhís do na páistí sa mbaile a chuirtear ar fáil gach maidin anseo i gcomhar le Tuismitheoirí an Gaeltachta.

Tráth na gCeist: Ruadhán, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Tóraíocht Taisce: Ayla agus Cian, Cill Chiaráin, Co na Gaillimhe

Dathanna na gContaetha: Mella, Dún Chaoin, Co Chiarraí. 

Ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt d’eacnamaíocht na Gaeltachta, tá cinneadh déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta gur dearbháin do shiopaí agus gnólachtaí Gaeltachta nó Gaelacha a bheidh ar fáil mar dhuaiseanna don ‘Siamsán sa mBaile’ as seo amach.  

“Táimid ar fad ag brath ar a chéile sa Ghaeltacht le pobal bríomhar inmharthanach a chothú agus tá siopaí agus gnólachtaí ar fud na Gaeltachta chomh maith le gnólachtaí Gaelacha ar fud na tíre buailte ag an ngéarchéim seo. Seirbhísí tábhachtacha iad seo dár bpobal ó thaobh riachtanais saoil, cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta de,’ a deir Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí na heagraíochta.  

“Tiocfaimid slán as an tsáinn seo ar ndóigh agus nuair a thiocfaidh beidh na dearbháin seo ag na buaiteoirí agus beidh siad in ann iad a chaitheamh sna siopaí nó gnólachtaí. Tá súil againn go mbeidh sé ina chúnamh le borradh beag a chur faoin eacnamaíocht sa Ghaeltacht an athuair,” arsa Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

 Táthar ag glacadh le moltaí maidir leis na duaiseanna faoi láthair agus liosta de shiopaí agus gnólachtaí á chur le chéile. Bronnfar dearbhán €40 ar bhuaiteoirí na gcomórtas dá rogha siopa nó gnó ón liosta. Bronnfar cúig dhearbhán mar dhuaiseanna in aghaidh na seachtaine.

Sraith gníomhaíochtaí atá curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Tuairisc.ie é an Siamsán sa mBaile. Foilsítear gníomhaíocht amháin in aghaidh an lae agus bíonn seachtain ag teaghlaigh lena gcuid freagraí nó gníomhaíochtaí a sheoladh isteach. 

Coimeád súil ar na Siamsáin, bígí i  mbun gníomhaíochta, seol chugainn aon mholadh a bheadh agaibh ó thaobh siopaí nó gnólachtaí de agus thar aon rud eile fanaigí slán,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.

Is féidir moltaí agus iarratais ar chomórtas na siamsán a sheoladh chuig eolas@tuismitheoiri.ie.

[/live]

[live id=”8a1063″ datetime=”2020-03-27T16:33:08+00:00″]

An Garda Síochána le daoine a choinneáil amach ó thránna Dhún na nGall

Garda Síochána Gardaí

Cuirfidh na Gardaí bac ar dhaoine dul ar thránna Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo mar gheall go raibh sluaite ag cruinniú le chéile orthu an tseachtain seo caite.

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall an cinneadh bacainní sealadacha a chur i bhfeidhm agus iad ag iarraidh an méid a tharla ar thránna an chontae an deireadh seachtaine seo a sheachaint.

Déanfaidh na Gardaí patról ar na tránna agus in áiteanna eile inar bhailigh daoine le chéile le seachtain anuas.

Bhí Teachta Dála Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn ar dhuine de na daoine a cháin na daoine a thug cuairt ar Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite agus mheabhraigh sé do dhaoine nach tráth saoire ach tráth géarchéime atá ann.

Faoi na srianta is déanaí atá tugtha isteach ag an Rialtas chun dul i ngleic le géarchéim Covid-19, tá iarrtha ar dhaoine gan an baile a fhágáil ach le dul ag obair, más gá sin, le dul ag siopadóireacht d’earraí atá riachtanach nó le ruainne aclaíochta a dhéanamh.

Dúirt an Rialtas agus na húdaráis sláinte an tseachtain seo caite go bhfuil beatha daoine “á cur i mbaol” ag daoine atá ar nós cuma liom faoin scoitheadh sóisialta.

Roimh fhógra an lae inniu, bhí beartais curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tháinig an-chuid cuairteoirí chuig Trá Lios Feannáin gar do Bhun Chranncha le roinnt laethanta anuas agus shocraigh an Chomhairle Contae bacainní sa charrchlós ansin inné. Fógraíodh i rith na seachtaine chomh maith go raibh na háiseanna do chuairteoirí ag Sliabh Liag le dúnadh chun daoine a choinneáil amach.

Táthar imithe céim níos faide anois agus tránna uile an chontae le dúnadh don deireadh seachtaine.

[/live]

[live id=”03e139″ datetime=”2020-03-27T14:05:18+00:00″]

‘Fan slán, fan folláin’ an teachtaireacht ag teach tábhairne i mBaile Átha Cliath

B’fhéidir gur i dTeach Searsons ar Shráid Bhagóid a bheidh an chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ i ndiaidh na hanachana.

Tá suntas á thabhairt ag Gaeil Twitter d’fhógra atá crochtha i bhfuinneog an phub faoi láthair – fógra dóchais i nGaeilge bhreá.

[/live]

[live id=”4360a4″ datetime=”2020-03-27T13:33:20+00:00″]

Leigheas an víris faighte ag páistí na Ceathrún Rua! Uisce as Loch an Muilinn agus braon den stuif crua…

Tá leigheas faighte ar an gCeathrú Rua ar an gcoróinvíreas i ngearrscannán grinn nua. Is iad Róisín, Marcas agus Cóil Mac Con Iomaire réalta óga an scannáin Banríon an Hand Sanitizer a chuir Pobal Rua, grúpa pleanála teanga an cheantair, amach ar Facebook.

Insítear sa scannán scéal na banríona agus a giolla, iad ar mhuin na muice agus an domhan uile ag ceannach díghalrán lámh. Cuirtear cúrsaí ó mhaith áfach nuair a fheiceann siad scéal ar Tuairisc.ie go bhfuil leigheas ar Covid-19 faighte ag eolaí i nGaeltacht Chonamara.

Comhábhair áitiúla atá á n-úsáid ag an eolaí sa phosóid chun an coróinvíreas a leigheas – uisce as Loch an Mhuilinn ar an gCeathrú Rua, fuil circe agus braoinín poitín.

Ná déan é seo sa mbaile.

[/live]

[live id=”7456b4″ datetime=”2020-03-27T12:10:06+00:00″]

Boris Johnson á leithlisiú féin i Sráid Downing agus é buailte ag Covid-19

[/live]

[live id=”e2c466″ datetime=”2020-03-27T10:50:47+00:00″]

‘Scoil teilifíse’ do Ghaeilgeoirí óga á plé ag TG4

Tá “roghanna” éagsúla maidir le ‘scoil sa mbaile’ a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga á bplé ag TG4 faoi láthair. 

Dúirt urlabhraí nach raibh cinneadh déanta go fóill maidir le cén múnla a bheadh ann ach go rabhthas ag súil le tús a chur leis an tseirbhís nua i ndiaidh na Cásca.

Tá RTÉ le tús a chur le craoladh uair an chloig de “scoil teilifíse” do dhaltaí bunscoile an tseachtain seo chugainn. Tá geallta acu go mbeidh “neart Gaeilge” ar an gclár uair an chloig a bheidh ar siúl ó Luan go hAoine ag 11am. Tá an comhlacht léiriúcháin Macalla ag feáchaint i ndiaidh na Gaeilge do RTÉ agus físeán Gaeilge á lorg acu ó pháistí don chlár nua Home School Hub.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí TG4 go raibh “réimse mór ábhar oideachais agus siamsaíochta” ar fáil ag Cúla4.com agus ar aip Cúla4, mar a bhfuil teacht ar chláir amhail Is Eolaí Mé, An Siopa Ealaíona, Ár Scéal, Peg + Cat agus Is Mise. Tá neart ábhar eile ar sheinnliostaí Youtube Cúla4, leithéidí Scéal an Lae, CIC [scileanna sacair] Déan Féin É, Damhsa agus Minecraft.

Tá ábhar do dhaltaí iarbhunscoile ar www.TG4 Foghlaim.ie.

[/live]

[live id=”b20d9f” datetime=”2020-03-27T10:44:13+00:00″]

Na comhlachtaí Gaeltachta atá ag soláthar earraí don ghéarchéim

Agus an tír agus an domhan go léir ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair de bharr an choróinvíris, tá lucht gnó na Gaeltachta ag seasamh an fhóid agus iad ag cur táirgí ar fáil a chabhróidh leis an bpobal.

Mar a luamar anseo cheana tá drioglann Mhicil agus drioglann an Daingin iompaithe ar dhéantús an díghalráin lámh agus iad ag súil go mbeidh sé ar fáil go luath.

Tá comhlacht Gaeltachta eile a bhíonn ag plé le deochanna alcólacha ag déanamh a ndíchill teacht i gcabhair ar an bpobal agus ar na seirbhísí sláinte chomh maith.

Tá sé fógartha ag grúdlann 9 Fia Bhán, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne, go bhfuil siad ag cur díghalrán dromchla ar fáil saor in aisce. Is féidir an díghalrán a úsáid chun cuntair, murláin láimhe, ráillí láimhe agus a leithéidí a ghlanadh. Ní gá don phobal ach a mbuidéal féin a thabhairt chun na grúdlainne agus líonfar é dóibh.

Tá úinéirí na grúdlainne, Gordon Lucey agus Don O’Leary, sásta soláthar níos mó a thairiscint do na seirbhísí sláinte nó do chúramóirí má théann siad i dteagmháil leo.

Tá dhá chomhlacht eile a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe ag díol táirgí chomh maith. Tá Bia Farraige Árann, atá lonnaithe i gCill Rónáin in Inis Mór, agus Lilly’s Eco Clean, atá lonnaithe i gCarna ag soláthar don ghéarchéim freisin.

Díoladh amach an díghalrán lámh a bhí déanta ag Bia Farraige Árann, ach deir siad go bhfuil súil acu go mbeidh tuilleadh ar fáil acu go luath.

Tá earraí ar fáil chomh maith ó Lilly’s Eco Clean. Bhí ar an gcomhlacht an siopa a bhí acu i mBaile Átha Cliath a dhúnadh de bharr phaindéim Cóivid-19 ach tá na táillí seachadta ar a suíomh idirlín laghdaithe acu i láthair na huaire ar mhaithe le cuidiú a thabhairt in am seo na práinne.

[/live]

[live id=”391e0e” datetime=”2020-03-27T10:43:13+00:00″]

I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna de Covid-19

[/live]

[live id=”c3930f” datetime=”2020-03-27T10:42:13+00:00″]

Liosta déanta de na coláistí samhraidh Gaeltachta a bhféadfadh an HSE úsáid a bhaint astu

[/live]

[live id=”c2640e” datetime=”2020-03-27T10:41:13+00:00″]

ASNC: Cancrán ag ‘smaoineamh’ ar ghearán faoi shiléig na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge ‘a chur siar’

[/live]

[live id=”d2a5a1″ datetime=”2020-03-27T10:40:13+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 9!

[/live]

[live id=”a94627″ datetime=”2020-03-27T10:40:13+00:00″]

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Na chéad mholtaí léitheoireachta ó Alan Titley…

[/live]

[live id=”887910″ datetime=”2020-03-27T10:39:13+00:00″]

Déardaoin, Márta 26

[live id=”02774e” datetime=”2020-03-26T05:4o:46+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 25

[/live]

[live id=”ff028f” datetime=”2020-03-25T09:27:19+00:00″]

Dé Máirt, Márta 24

[/live]

[live id=”3ceb78″ datetime=”2020-03-24T05:06:45+00:00″]

Dé Luain, Márta 23

[/live]

[live id=”ba0443″ datetime=”2020-03-24T05:04:46+00:00″]

Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21

[/live]

[live id=”840ab8″ datetime=”2020-03-24T05:03:45+00:00″]

Déardaoin, Márta 19

[/live]

[live id=”bca8fc” datetime=”2020-03-24T05:02:46+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 18

[/live]

[live id=”c45ac0″ datetime=”2020-03-24T05:00:45+00:00″]

Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Físeán curtha amach ag Cultúrlann Bhéal Feirste le hardú meanman a thabhairt do Ghaeil na cathrach'