Iascairí an Daingin i mbun cainte le Roinn na Mara faoi bháid iasachta
De réir na dtuairiscí is déanaí ón Daingean, mar a bhfuil bac curtha ag iascairí an bhaile ar thrálaeir ón iasacht teacht isteach, tá na hiascairí anois i mbun cainte le hoifigigh de chuid Roinn na Mara. Tuairiscítear go bhfuil plé á dhéanamh ar an bhféadfaí áit ar leith a chur ar leataobh do bháid iasachta atá ag teacht le cé. Faoin bplean seo d’fhanfadh na criúnna ar na báid agus ní bheadh cead acu teacht i dtír.
Ach deir an Roinn Sláinte nach dtagann foireann mara atá riachtanach chun earraí a sholáthar faoin gcosc ar thaisteal.
Fishermen explain why they are blockading Dingle pier, stopping foreign trawlers landing fish & why they want crews to self-isolate 14 days
Dept. of Health says essential supply chain workers from other countries eg. hauliers & maritime staff are exempt from movement restrictions pic.twitter.com/9qKVr48ZEz— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) March 24, 2020
Dingle Blockade: Fishermen are now in negotiations with Dept of Marine officials about the possibility of dedicated landing zone for foreign-registered trawlers. Foreign crew to remain on the vessels/zone and not enter the town – eliminating the risk of #Covid19 transmission. pic.twitter.com/IjwzWlkuKl
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) March 24, 2020
Tuairiscíodh inné gurbh amhlaidh gur fhág na trálaeir a bhí le teacht le cé Bá an Daingin.
Chuir iascairí agus daoine eile as an áit bac ar ché an Daingin le stop a chur le trálaeir ón iasacht teacht isteach.
Dúirt na hiascairí áitiúla nach raibh criúnna na mbád atá tagtha i dtír sa Daingean le roinnt laethanta anuas ag cloí leis na moltaí atá leagtha síos ag rialtas na hÉireann maidir leis an scoitheadh fisiciúil agus dúirt siad go raibh imní i measc an phobail go scaipfí an galar Covid-19 sa cheantar dá bharr.
Bhailigh suas le dhá scór duine ag an gcé agus bhlocáil siad an bóthar le gluaisteáin.
Tháinig leoraithe a bhí leis na héisc a bhailiú ó na trálaeir chomh fada leis an gcé tráthnóna ach níor tháinig na báid ón Spáinn agus ón bhFrainc isteach.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin as Ciarraí Pa Daly go raibh réiteach faighte ar an scéal.
“Tá aontú ó bhéal ann anois, tráthnóna, nach dtiocfaidh siad i dtír sa Daingean,” a dúirt Teachta Dála Shinn Féin.
Tuairiscíodh go raibh sé beartaithe ag cuid de lucht na dtrálaer teacht i dtír i mBaile Chaisleáin Bhéarra i gCorcaigh in áit an Daingin ach nach mbeadh fáilte rompu ansin ach an oiread.
‘A minor act of genius in a small community’ – cur síos sa New York Times ar shochraid Ghaeltachta
Bhí an-tóir an tseachtain seo caite ar an bhfíseán álainn de shochraid i mBaile an Fheirtéaraigh a rinne an t-iriseoir gradamúil de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh. Léirigh an físeán an t-ómós a bhí ag muintir na háite don bhean a cailleadh, Betty Ryan, agus conas mar a dhein muintir na háite an t-ómós sin a chur in iúl di i ré seo an scoite sóisialta.
Tá an scéal ar fad ag an tuairisceoir Megan Specia sa New York Times inniu.
Dúirt an scríbhneoir Kevin Toolis leis an nuachtán gur “a minor act of genius in a small community” a bhí sa tsochraid.
Dúirt Carol Ryan, duine d’iníonacha Betty Ryan, gur bhain ómós an phobail siar aisti bhí sé chomh hiontach sin.
Pobal Bhaile an Fheirtéaraigh agus an t-ómós a léiríodar do Bhetty Ryan le linn a sochraide sa New York Times inniu. #Covid19https://t.co/uHKKwMVEyM
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) March 24, 2020
Póstaer Gaeilge faoin scoitheadh sóisialta deartha ag Gaelcholáiste i Muineachán
Ní raibh foireann ná daltaí Choláiste Oiriall i gContae Mhuineacháin díomhaoin ag baile go dtí seo agus póstaeir deartha acu a thugann míniú ar an scoitheadh sóisialta.
Cleachtas é an scaradh sóisialta nó an scaradh fisiciúil chun ‘gartheagmháil’ idir daoine a laghdú agus scaipeadh an víris a ‘mhoilliú’, a deirtear.
Dá mbeadh amhras ort faoi cén dóigh ab fhearr a bhféadfá an t-am a chur isteach agus an scaradh sóisialta á chleachtadh agat, tá liosta caitheamh aimsire de na himeachtaí sin a cheadaítear agus nach gceadaítear curtha le chéile ag lucht an Ghaelcholáiste do phobal na Gaeilge.
I measc na n-imeachtaí atá á moladh ag lucht an Ghaelcholáiste, tá ’béile deas a réiteach’, ‘leabhar maith a léamh’, ‘cluichí boird a imirt’, ‘aclaíocht a dhéanamh’ agus ‘comhrá a bheith agat ar an nguthán le cairde’.
Tá bac ar chuairteanna, cuideachta agus cóisirí, agus ná gabh isteach chuig ollmhargaí plódaithe, a deirtear ar phóstaer nua Choláiste Oiriall.
Seol do chuid scéalta chuig Ar Scáth a Chéile ag nuacht@tuairisc.ie nó déan teagmháil linn ar Facebook nó Twitter. #arscáthachéile
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Iascairí an Daingin i mbun cainte le Roinn na Mara faoi bháid iasachta'