TG4 agus Nemeton TV ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol nua gan spórt beo

Buille mór a bhí ann do TG4 agus don chomhlacht léirithe Nemeton TV sa Rinn nuair a cuireadh stop le himeachtaí spóirt an mhí seo

TG4 agus Nemeton TV ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol nua gan spórt beo

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Agus stop curtha ag paindéim Covid-19 le himeachtaí spóirt ar fud na hÉireann agus an domhain uile, is beag spórt beo atá le feiceáil ar an teilifís faoi láthair.

Tá sé seo mí-ámharach dóibh siúd atá sáinnithe sa bhaile gan aon chluichí ar an teilifís ach is tubaiste cheart é do na comhlachtaí léiriúcháin agus na stáisiúin a bhíonn ag brath ar bheochraoltaí spóirt chun airgead agus lucht féachana a thabhairt isteach.

Agus an ghéarchéim sláinte ag dul in olcas, d’fhógair eagraíochtaí spóirt ceann i ndiaidh a chéile go raibh siad ag cur stop le comórtais go dtí deireadh na míosa, ar a luaithe.

Bhí Cumann Lúthchleas Gael agus PRO14 ina measc, rud a d’fhág go bhfuil na Sraitheanna Náisiúnta Allianz CLG agus sraith rugbaí PRO14 curtha ar athlá díreach agus iad ag teacht chomh fada leis na babhtaí cinniúnacha. Fágann sin nach bhfeicfidh muid GAA Beo Rugbaí Beo ar TG4 as seo go ceann píosa.

Meallann cláir spóirt lucht féachana níos mó chuig TG4 ná cláir ar bith eile. Ba é cluiche ceannais na sraithe peile idir Maigh Eo agus Ciarraí an clár is mó lucht féachana a bhí ar an stáisiúin in 2019 agus cláir spóirt uile iad an 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 anuraidh.

“Ó thaobh GAA Beo de, is buille mór é do sceideal TG4, níl aon dabht faoi sin. An rud céanna leis an rugbaí,” a deir Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha.

“Bhí trí seachtaine mhóra amach romhainn leis na cluichí ceathrú ceannais iomána, na cluichí leathcheannais agus ansin, deireadh mhí Mhárta, bíonn na cluichí ceannais againn. Anuraidh, ó thaobh lucht féachana de, rinne cluichí ceannais na sraithe an-mhaith dúinn.”

Buille trom atá ann do Nemeton TV chomh maith, an comhlacht léirithe sa Rinn a chuireann GAA BEO, Rugbaí Beo agus cláir eile ar fáil do TG4.

“Spórt is ea 90% den obair atá ar bun againn anseo,” a deir Irial Mac Murchú, bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach na comhlachta.

Is í mí an Mhárta an mhí is gnóthaí ag an gcomhlacht agus taobh istigh de chúpla lá, cuireadh stop le gach beochraoladh spóirt sa tír.

“Bhí cúig chluiche le bheith againn ar GAA Beo an deireadh seachtaine ar cuireadh gach rud ar ceal. Ar an 27 agus an 28 Márta, bhí ocht gcluiche le bheith againn idir beochraoladh agus beoshruthú. Is buille é sin a chailliúint.”

Deir Mac Murchú go raibh seachtain “deacair, dúshlánach” ag an gcomhlacht Gaeltachta agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar an domhain nua seo.

“Tá muid ag iarraidh plean a chur le chéile chun go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh ag léiriú rud éicint. Ag an bpointe seo, níl ach seachtain den scéal seo feicthe againn, seachtain ina raibh an-chuid éiginnteachta i gceist.”

Tá thart ar trí scór duine ag obair ag Nemeton idir fhostaithe lánaimseartha agus saoroibrithe rialta ach bhí nach mór gach duine acu ar obair ar chláir spóirt.

Cé go bhfuil Mac Murchú den tuairim go bhfuil sé róluath tuar a dhéanamh faoi impleachtaí an stoptha seo ar an bhfoireann agus ar an gcomhlacht, deir sé go mbraitheann rudaí sa ghearrthéarma ar cé chomh “cruthaitheach” agus a bheidh Nemeton.

Cheana féin, tá socrú déanta acu le BBC Alba chun clár nua a chur ar fáil bunaithe ar ábhar ón gcartlann ach is í obair TG4 bunchloch Nemeton agus is í príomhaidhm Mhic Mhurchú ná obair fhiúntach a fháil don fhoireann sa Rinn.

“Tá muid ag caint le TG4, an craoltóir is mó agus is tábhachtaí atá againn. Tá an-tacaíocht tugtha acu don earnáil neamhspleách agus obair ar bun anois chun an earnáil a choinneáil beo san am corraitheach seo.

“Tá muid ag iarraidh cuimhneamh ar smaointe nua le cur faoi bhráid TG4. Ábhar a bhaineann leis an leabharlann fhairsing atá ann.”

Ábhar cartlainne den chuid is mó atá in úsáid ag TG4 chun an spás sa sceideal a líonadh i láthair nua huaire. Tá ag éirí thar barr le Laochra Gael go fóill agus cuireadh fáilte ar na meáin shóisialta roimh aiséirí All-Ireland Gold le laethanta beaga anuas. Mar sin féin, beidh le feiceáil cé chomh fada agus a bheidh lucht féachana sásta dul siar ar bhóithrín na smaointe.

Ní ag TG4 ná ag Nemeton amháin atá an fhadhb seo a deir Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha.

“Sky Sports, BT Sport, BBC Sport, tá chuile dhuine sa mbád céanna. Léiritheoirí, láithreoirí, foirne léirithe, foirne teicniúla. Tá impleachtaí móra aige seo don spórt beo ar fud an domhain.

“Bíonn muid ag caint leis na heagraíochtaí spóirt chuile lá – CLG i bPáirc an Chrócaigh, Peil na mBan, PRO 14. Níl duine ar bith in ann aon rud a dhéanamh faoi seo agus níl a fhios ag aon duine cén uair a bheidh muid ar ais le cluichí beo.

“Is é an príomhrud anois ná go gcoinneofaí faoi chois an víreas seo agus aire a thabhairt do shláinte gach duine,” a deir Ó Coisdealbha.

Fág freagra ar 'TG4 agus Nemeton TV ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol nua gan spórt beo'