AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Leagan draíochtúil de Óró Sé do Bheatha Abhaile ó ghairdín Mhuireann Nic Amhlaoibh

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir shrianta an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Leagan draíochtúil de Óró Sé do Bheatha Abhaile ó ghairdín Mhuireann Nic Amhlaoibh

[live id=”5658e2″ datetime=”2020-03-17T14:19:08+00:00″]

FÍSÉAN: Leagan draíochtúil de Óró Sé do Bheatha Abhaile ó ghairdín Mhuireann Nic Amhlaoibh

An sáramhránaí Duibhneach Muireann Nic Amhlaoibh a chuimhnigh ar Óró Sé Do Bheatha Abhaile a chanadh sa ghairdín do Lá Fhéile Pádraig agus chuaigh a plean chun an ceann is fearr a fháil ar an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm ar mhórán.

Is ar éigean, áfach, go sáródh aon duine an leagan draíochtúil a chuir Muireann féin, a clann agus a comharsana ar fáil ar líne. Agus daoine ag fanacht ag baile d’fhéile Pádraig na bliana seo, bhí an haischlib #órósédobheathaabhaile ina spreagadh ag go leor daoine ceiliúradh a dhéanamh le hamhrán breá Gaelach.

[/live]

[live id=”161e9d” datetime=”2020-03-17T11:32:28+00:00″]

D’imigh sin agus tháinig seo…

[/live]

[live id=”e70fb2″ datetime=”2020-03-17T11:15:20+00:00″]

Podchraoladh in am an ghátair

Má tá tú díomhaoin tráthnóna, tabhair cluas le héisteacht do phodchraoltóirí Beo ar Éigean agus iad ag caint ar a bheith gnóthach!

[/live]

[live id=”ca305e” datetime=”2020-03-17T10:12:42+00:00″]

Tá Cumann Lúthchleas Gael ar cheann de na heagraíochtaí atá ag iarraidh Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ar líne inniu.

Agus na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh curtha ar ceal inniu, mar atá paráidí agus imeachtaí ar fud na tíre, beidh CLG ag ceiliúradh chultúr na hÉireann ar an idirlíon.

“Tá clann mhór Scór CLG á spreagadh le cúpla port agus cúpla amhrán a chasadh ina dtithe féin amárach ar a 2.00pm le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh,” a deir Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG agus rúnaí Choiste Náisiúnta Scór.
Beidh na ceoltóirí agus na hamhránaithe le feiceáil ar shuíomh Facebook Scór tráthnóna amárach.

Chomh maith leis sin, tabharfar comórtais éagsúla Scór ón am a caitheadh chun cuimhne ar an suíomh céanna agus cuardach maith déanta sa chartlann do phictiúir agus d’fhíseáin san am a caitheadh.

[/live]
[live id=”c907a1″ datetime=”2020-03-17T08:14:16+00:00″]

An tAthair Brian Ó Fearraigh

Cuireadh spéis mhór sa scéal beag ó Gaeltacht Dhún na nGall faoi phósadh Martin Boyle agus Catherine McCole, lánúin de bhunadh Ghaoth Dobhair a chaith mascanna aghaidhe le linn searmanas a bpósta i Séipéal Naomh Muire sna Doirí Beaga. Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, a léigh Aifreann an phósta agus a chaith masc é féin, gur “giota beag spraoi” a bhí i gceist le caitheamh na mascanna. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an tAthair Ó Fearraigh nach raibh mórán i dteach an phobail don phósadh féin de thairbhe na n-iarrachtaí atá ar bun srian a chur ar scaipeadh an choróinvíris ach gur cuireadh “eitleoga ar chroí daoine ar fud an domhain” a léigh an scéal. “I measc na laethanta duairce seo nuair nach bhfuil a fhios againn cad é atá romhainn, lá galánta agus tógáil croí a bhí ann,” a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh.

[/live]

[live id=”475b6f” datetime=”2020-03-17T07:48:56+00:00″]

‘Mála mór raithní chomh mór lenár gcloigne agus tuilleadh ceoil’ – leigheas Kneecap

Sin atá beartaithe ag lucht Kneecap mar a leigheas féin ar an scoitheadh sóisialta.

D’fhógair na ceoltóirí rap as Béal Feiste Dé hAoine go raibh an tsraith ceolchoirmeacha a bhí beartaithe acu sna Stáit Aontaithe curtha ar ceal de bharr an choróinvíris agus sheol siad feachtas ‘GoFundme’ chun a gcuid fiacha a ghlanadh. Breis agus €14,000 atá bailithe ag an ghrúpa ó seoladh an feachtas trí lá ó sin, €4,000 níos mó ná an sprioc €9,500 a bhí leagtha síos acu. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Móglaí Bap, duine de na kneecheapadóirí a tógadh le Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste, go raibh siad “an-bhuíoch” de na leantóirí dílse a bhí acu agus an tacaíocht ar fad atá faighte acu go dtí seo.

“Tá muid chun mála mór raithní chomh mór lena gcloigne a cheannach leis an airgead agus tuilleadh ceoil agus físeán a dhéanamh a fhad is atá an coróinvíreas i réim,” a dúirt Móglaí Bap.

[/live]

[live id=”9e9555″ datetime=”2020-03-16T17:31:23+00:00″]

Srian curtha ar an taisteal chuig na hoileáin Ghaeltachta

Tá srian curtha ar thaisteal chuig cuid mhaith de na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta na hÉireann agus muintir na n-oileán ag iarraidh dul i ngleic leis an ngalar Covid-19

I nGaillimh, d’fhógair Comharchumann Forbartha Árann Teo go raibh iarrtha acu go gcuirfí srian ar chuairteoirí chuig Inis Mór agus Inis Oírr go dtí deireadh na míosa.

Bhí vóta ar Inis Mór inné agus ghlac formhór mhuintir an oileáin leis an moladh iarraidh ar thurasóirí gan cuairt a thabhairt ar Inis Mór go dtí an 29 Márta. Iarrtar chomh maith ar mhuintir an oileáin gan taisteal chun na mórthíre.

Rinne pobal Inis Oírr cinneadh chomh maith iarraidh ar lucht farantóireachta agus ar Aer Árann gan turasóirí a thabhairt chomh fada leis an oileán go dtí an 31 Márta.

Tá na moltaí céanna i bhfeidhm ar na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall.

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le grúpaí pobal ar an oileán, d’fhógair Comharchumann Oileán Árainn Mhór go raibh srianta á chur i bhfeidhm ar chuairteoirí

D’fhógair Coiste Chomharchumann Thoraí Teo chomh maith go bhfuil siad ag cur in éadan cuairteoirí teacht chuig an oileán go dtí deireadh na míosa seo.

I gCorcaigh, níl iarrtha ag Comharchumann Chléire Teo ar dhaoine fanacht amach ón oileán, ach tá iarrtha acu ar dhaoine cloí le comhairle na seirbhísí sláinte.

[/live]

[live id=”c87be9″ datetime=”2020-03-16T17:28:41+00:00″]

Siamsán sa mBaile

Cuirfear tús maidin amárach le Siamsán sa mBaile sraith nua atá á cur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Tuairisc.ie le siamsaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh fad is a bheidh na páistí sa mbaile ón scoil. #tiocfaimidslán

Tá sraith nua á cur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Tuairisc.ie le siamsaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh fad is a bheidh páistí sa mbaile ón scoil agus imeachtaí pobail curtha ar athlá le dul i ngleic le scaipeadh an víreas corónach. Seans go bhfuil cur amach ag teaghlaigh cheana féin ar Siamsán na nÓg ócáidí pobail do theaghlaigh a eagraíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta,” a deir Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí na heagraíochta. Tá ‘Siamsán sa mBaile’ bunaithe air sin – ach go mbeidh an tsiamsaíocht ar bun ag an teaghlach, astu féin, sa mbaile.

Foilseofar gníomhaíocht amháin in aghaidh an lae ar Tuairisc.ie –Tráth na gCeist, leathanaigh dathúcháin, tóraíocht taisce, gníomhaíochtaí bácála agus go leor eile. Tabharfar cuireadh do theaghlaigh na gníomhaíochtaí a dhéanamh sa mbaile, agus ní obair in aisce a bheidh ann ach oiread mar go bhfuil duaiseanna iontacha curtha ar fáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Beidh deis ag gach aon teaghlach cur isteach ar na comórtais laethúla.

Mar chuid den togra seo beidh an mana ‘Tiocfaimid Slán’ in úsáid ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le linn na tréimhse a mbeidh na srianta pobail i bhfeidhm, agus cúis faoi leith leis an mana céanna.

Moltar dúinn, mar thuismitheoirí, bheith dearfach leis na páistí le linn thréimhse na srianta pobail. Níor tharla a leithéid seo riamh cheana dúinn féin, ní áirím do na páistí agus mar sin dfhéadfadh go mbeidís ag déanamh imní faoi chúrsaí,a deir Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tiocfaimid Slán, an mana atá roghnaithe, féachaint le misneach a thabhairt do dhaoine óga agus le cur ina luí orthu go bhfuil gá leis na srianta ach go mbeidh cúrsaí mar is ceart arís.

Cuirfear tús ar Tuairisc.ie maidin amárach le Siamsán sa mBaileagus leanfar leis go dtí an 29 Márta ar a laghad.

Tiocfaimid slán!  

[/live]

[live id=”4c4028″ datetime=”2020-03-16T17:25:58+00:00″]

Scoileanna sealadacha Gaeltachta

Tuairiscítear go bhfuil scoileanna beaga á n-oscailt ar fud na Gaeltachta!

[/live]

[live id=”53edd5″ datetime=”2020-03-16T16:48:28+00:00″]

Scéal úr ón Siopa Leabhar…

Tá An Siopa Leabhar dúnta ach tá siad ag glacadh le horduithe ar líne.

[/live]

[live id=”9342d4″ datetime=”2020-03-16T16:31:16+00:00″]

An tsiamsaíocht agus an scoitheadh sóisialta

Tá ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí ag dul i muinín an idirlín chun siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine tráth a bhfuil an scoitheadh sóisialta á chleachtadh acu.

D’fhógair an comhlacht drámaíochta Branar inniu go mbeidh léiriú dá gcuid How to Catch a Star, atá bunaithe ar an leabhar mór-ráchairte do pháistí le Oliver Jeffers, á shruthú ar líne ar feadh lá amháin ó 4pm inniu. Beidh fáil ar an sruthú ar leathanach Facebook Branar anseo

Agus a cheolchoirm curtha ar ceal de bharr an choróinvírís, bheartaigh an fidléir aitheanta Colm Mac Con Iomaire ceolchoirm a dhéanamh dá leantóirí óna sheomra suí.

Tá Glór na nGael ag iarraidh ar dhaoine Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ón mbaile ceal aon pharáid ná imeachtaí eile a bheith ar siúl. Tá iarrtha ar dhaoine an t-amhrán ‘Óró sé do bheatha bhaile’ a cheol agus a roinnt ar na meáin shóisialta ag meán lae amárach agus na haischlibeanna #RTEVirtualParade agus #LálePádraigFíorúil a úsáid. Beidh go leor físeán á roinnt ag daoine don lá mór mar chuid d’fheachtas RTÉ #RTEVirtualParade.

[/live]

[live id=”a60851″ datetime=”2020-03-16T16:30:30+00:00″]

Croí an Chumainn curtha ar athlá ag RTÉ RnaG

Tá Croí an Chumainn, an comórtas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do chlubanna CLG curtha ar athlá.   

Fógrófar spriocdháta nua don chomórtas agus beidh deis eile ag clubanna cur isteach air.

Má tá ábhar réitithe cheana féin ag clubanna don chomórtas a thugann aitheantas do chlubanna as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn, tá fáilte rompu an t-ábhar sin a chur ar aghaidh go dtí RTÉ RnaG.

Moltar aon cheist a chur chuig comortas@rte.ie.

[/live]

[live id=”348046″ datetime=”2020-03-16T16:22:16+00:00″]

Áras Mhic Reachtain druidte

Tá Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste dúnta go dtí an 2 Aibreán.

“Ní bheidh mar sin, aon imeacht, rang, club óige, ceardlann ná a dhath ar bith eile a bhí beartaithe ar siúl san Áras go ceann tamaill. Déanfar athbhreithniú air sin ar fad de réir mar a thiteann rudaí amach. Tugaigí aire,” a dúradh i ráiteas tráthnóna.[/live]

[live id=”d333f6″ datetime=”2020-03-16T16:22:16+00:00″]

Ceachtanna iomána don chúlghairdín

Tá an-tóir ar Twitter ar na ceachtanna iománaíochta don chúlghairdín atá á roinnt ag Colmán Ó Drisceoil, príomhoide Scoil Lorcáin. Cheap Colmán go meallfadh sé cúpla céad amharc ó mhuintir Scoil Lorcáin agus Cuala ach tá na mílte amharc ar Twitter faighte ag a fhíseáin.

[/live]

[live id=”eb4956″ datetime=”2020-03-16T16:29:16+00:00″]

Fág faoi Pheig Sayers é…

[/live]

[live id=”dc25b6″ datetime=”2020-03-16T16:22:16+00:00″]

Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie nó déan teagmháil linn ar na meáin shóisialta… #arscáthachéile

[/live]

[live id=”9b2b59″ datetime=”2020-03-16T16:27:16+00:00″]

I’ve lots of respect for the Irish language but…

I ndiaidh don Taoiseach a fhógairt Déardaoin seo caite go raibh na scoileanna á ndúnadh, bhí preasócáid ag an rialtas a craoladh beo ar RTÉ One maidir leis na srianta nua le déileáil leis an ngalar Covid-19.

D’iarr an t-iriseoir de chuid TG4 Sorcha Ní Riada den Aire Oideachais Joe McHugh an raibh aon teachtaireacht aige do dhaltaí a bhí ag ullmhú don Ardteist agus thug an tAire McHugh freagra uirthi i nGaeilge, freagra a mhair nóiméad agus 16 soicind. Níor thug sé aon eolas breise nach raibh tugtha cheana i mBéarla agus ba é an t-aon phíosa cainte a rinneadh i nGaeilge ag an bpreasócáid a mhair 45 nóiméad.

Mar sin féin, ní raibh daoine áirithe ar na meáin shóisialta sásta gur labhraíodh aon Ghaeilge ar chor ar bith ag an bpreasócáid. Mhaígh an léiritheoir teilifíse Jim Sheridan nár cheart go mbeadh Gaeilge á húsáid ag na húdaráis i lár géarchéime agus gan formhór an phobail líofa sa teanga.

Spreag tuairim Sheridan roinnt  conspóide agus thug beagnach céad duine freagra ar an tvuít a chuir sé amach, cuid mhaith acu ag easaontú leis. Bhí iriseoir eile de chuid Nuacht TG4 ar dhuine de na daoine a chosain úsáid na Gaeilge.

Ar an lámh eile, tá moladh á thabhairt don Roinn Sláinte, don Roinn Oideachais agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cuid mhaith den eolas poiblí atá á chur amach acu faoin ngalar á aistriú go Gaeilge acu.

[/liv

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Leagan draíochtúil de Óró Sé do Bheatha Abhaile ó ghairdín Mhuireann Nic Amhlaoibh'