Daideanna nua, matamaiticeoir Mharacó agus cúil de dhíth ar Albain

Sa gcolún speisialta seo do Chorn an Domhain, caitear súil ar na cluichí, na himreoirí agus na heachtraí móra ó Mheiriceá Thuaidh

Daideanna nua, matamaiticeoir Mharacó agus cúil de dhíth ar Albain

Doku ag súil le bheith ina dheaide

Ar cheann de na híomhánna is cáiliúla ó Chorn an Domhain an uair dheireanach gur imríodh i Meiriceá é tá tosach na Brasaíle Bebeto ag ligean air go raibh leanbh á luascadh anonn is anall ina bhaclainn aige tar éis dó cúl a aimsiú in aghaidh na hÍsiltíre sna babhtaí ceathrú ceannais. Rugadh mac leis sa mbaile sa mBrasaíl cúpla lá roimhe sin agus b’in an ceiliúradh a bhí ag Bebeto.

Tá saolú clainne ina ábhar cainte arís ag Corn an Domhain 32 bliain ina dhiaidh sin agus leithscéal gafa ag an nuachtán Francach L’Équipe le himreoir na Beilge Jérémy Doku as an gcáineadh a rinne láithreoir ar Doku tar éis dó a rá go bhfágfadh sé an comórtas nuair a thabharfadh a bhean, atá ag súil, a leanbh ar an saol.

Tá Doku agus a bhean, Shireen, ag súil go saolófar a gcéad pháiste an mhí seo chugainn agus dúirt Doku, duine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann na Beilge, go raibh sé ag iarraidh a bheith léi ag an am sin, fiú dá mbeadh an Bheilg fós san iomaíocht sa gcomórtas.

Ní róthógtha a bhí France Pierron leis an bplean, áfach, mar a thug sí le fios ar an gclár L’Équipe de Choc. Thug Pierron “tráth samhnais, i gcead duit, áit nach bhfuil maith ar bith le déanamh ag athair” ar bhreith clainne agus dúirt sí go raibh na céadta imreoirí ann ar bhreá leo a bheith ag Corn an Domhain.

Gan ach dhá chomhscór bainte amach ag an mBeilg ina gcluichí i gcoinne na hÉigipte agus i gcoinne na hIaráine go dtí seo, áfach, ní bheidh aon chinneadh le déanamh ag Doku má fhaigheann an Nua-Shéalainn an ceann is fearr ar an mBeilg sa mbabhta deireanach i nGrúpa G.

Níor fhill imreoir na hIorua Leo Østigård abhaile ón gcomórtas agus a bhean ag tabhairt a bpáiste mic ar an saol Dé hAoine seo caite. Níor thréig Østigård a bhean go hiomlán, áfach, bhí nasc físe ann idir eisean i Meiriceá agus a bhean sa seomra luí seoil.

“Tá mé tugtha mé fhéin, bhí sé iontach ar fad,” a dúirt Østigård. “Rinne [a bhean] thar barr, ní raibh mórán ann a d’fhéadfadh mé a rá, díreach bhí orm tacú léi agus é á thabhairt ar an saol.”

N’fheadar cén glacadh a bheith ag France Pierron leis sin ach is dócha nach mbeadh sí sásta go raibh imreoir tar éis tuirse a chur air féin i lár an chomórtais!

Imreoirí le súil a choinneáil orthu

Ayyoub Bouaddi (Maracó)

Níor imir Ayyoub Bouaddi a chéad chluiche do Mharacó go dtí an mhí seo caite ach tá sé cheana féin ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann. Tá an t-imreoir lár páirce fós ina dhéagóir ach aithnítear é ar dhuine de na himreoirí óga is fearr sa bhFrainc agus é ag imirt do Lille ó bhí sé 16.

Bhí sé lárnach san imirt sa dá chluiche ag Maracó go dtí seo i gcoinne na Brasaíle agus in aghaidh na hAlban agus beifear ag súil le tuilleadh uaidh i gcoinne Háítí agus sa gcuid eile den chomórtas.

Ní ar pháirc na himeartha amháin atá a chumas léirithe ag Bouaddi ach an oiread. Bhuaigh sé comórtas óráidíochta ag Pálás Elysée nuair a bhí sé níos óige agus tá sé ag tabhairt faoi chéim sa mhatamaitic faoi láthair.

Rogha cluichí Tuairisc

Albain v An Bhrasaíl – Dé Céadaoin, 23:00

Deich gcluiche atá imeartha idir Albain agus an Bhrasaíl, ceithre cinn acu ag comórtais Chorn an Domhain ina measc, agus tá na hAlbanaigh fós ag fanacht ar a gcéad bhua. Drochsheans go dtiocfaidh sin sa teas i Miami nuair a chasfar na foirne ar a chéile arís an tseachtain seo ach tá a fhios ag na hAlbanaigh go bhfuil seans maith acu go fóill na babhtaí díbeartha a bhaint amach ag an gcomórtas den chéad uair riamh.

Fágann an bua in aghaidh Háítí sa gcéad bhabhta go bhfuil Albain fós ar cheann de na hocht bhfoireann is fearr atá sa tríú háit ina ngrúpaí agus fiú dá gcaillfeadh Albain in aghaidh na Brasaíle, tá seans go dtiocfadh siad slán ó Ghrúpa C chomh fada nach mbuailtear greadadh orthu.

Chabhródh cúpla cúl dá cuid féin go mór le foireann Steve Clarke. Aon chúl amháin atá aimsithe sa dá chluiche go dtí seo, an scór cinniúnach in aghaidh Háítí, ach ní raibh ar chúl báire Mharacó oiread agus sábháil amháin a dhéanamh sa gcluiche idir na foirne Dé hAoine seo caite.

Dar le BBC Sport, níor bhain ach cúig cinn d’iarrachtaí Alban an sprioc amach sa gcúig chluiche dheireanacha a bhí acu ag Corn an Domhain seo agus ag EURO 2024 agus gan ach trí chúl scóráilte sna cluichí céanna. Cúl tuathail agus dhá chúl eile a scinn de chosantóirí sular chríochnaigh siad san eangach a bhí sna cúil sin ach bheadh lucht tacaíochta na hAlban sásta le cúl de chineál ar bith in aghaidh na Brasaíle.

Cúrasó v An Cósta Eabhair – Déardaoin, 21:00

Chuir Cúrasó tús tubaisteach leis an gcomórtas agus slad déanta ag an nGearmáin orthu sa gcéad chluiche, 1-7, ach bhí foireann Dick Advocaat ag ceiliúradh ag an deireadh seachtaine agus an chéad phointe riamh ag Corn an Domhain saothraithe leis an gcomhscór 1-1 in aghaidh Eacuadór.

Rinne cúl báire Cúrasó Eloy Room 15 cinn d’iarrachtaí ó Eacuadór a shábháil sa gcluiche céanna agus d’fhéadfadh sé a bheith chomh gnóthach céanna in aghaidh an Chósta Eabhair, dream a bhfuil tosaithe maithe, sciliúla acu ar nós Nicolas Pépé, Yan Diomandé agus Amad Diallo.

Tar éis dóibh Eacuadór a shárú 1-0 sa gcéad chluiche, bhí mí-ádh ar an gCósta Eabhair cailliúint in aghaidh na Gearmáine agus an cúl cinniúnach aimsithe ag Denis Undav do na Gearmánaigh in am cúitimh.

 

Na cluichí atá romhainn

Dé Máirt, 23 Meitheamh

Grúpa K – An Phortaingéil v An Úisbéiceastáin, 18:00

Grúpa L – Sasana v Gána, 21:00

Dé Céadaoin, 24 Meitheamh

Grúpa L – Panama v An Chróit, 00:00

Grúpa K – An Cholóim v PD an Chongó, 03:00

Grúpa B – An Eilvéis v Ceanada, 20:00

Grúpa B – An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin v Catar, 20:00

Grúpa C – Maracó v Háítí, 23:00

Grúpa C – Albain v An Bhrasaíl, 23:00

Déardaoin, 25 Meitheamh

Grúpa A – An Afraic Theas v An Chóiré Theas, 02:00

Grúpa A – An tSeicia v Meicsiceo, 02:00

Grúpa E – Cúrasó v An Cósta Eabhair, 21:00

Grúpa E – Eacuadór v An Ghearmáin, 21:00

Dé hAoine, 26 Meitheamh

Grúpa F – An Túinéis v An Ísiltír, 00:00

Grúpa F – An tSeapáin v An tSualainn, 00:00

Grúpa D – An Tuirc v Stáit Aontaithe Mheiriceá, 03:00

Grúpa D – Paragua v An Astráil, 03:00

Fág freagra ar 'Daideanna nua, matamaiticeoir Mharacó agus cúil de dhíth ar Albain'