CÍN LAE CHÓIVID: Is ionann an 31 Eanáir agus an 19ú haois déag ach tiocfaidh an samhradh is fásfaidh féar…

Tá ‘Amhlaoibh’ i mbun dialainne le linn na géarchéime Covid-19 agus is mór againn an deis a bheith againn sleachta aisti a fhoilsiú ar Tuairisc.ie

CÍN LAE CHÓIVID: Is ionann an 31 Eanáir agus an 19ú haois déag ach tiocfaidh an samhradh is fásfaidh féar…

CÍN LAE CHÓIVID
21 Márta 2020

Oscailt na súl ar maidin. An chéad smaoineamh sa chloigeann ná an fhírinne lom gur i ré Chóivid atáimid, agus a bheimid, go ceann i bhfad. Go bhfóire Dia orainn. Ach tá an t-earrach ann, cloisim an lon sa dair nach bhfuil faoi dhuilliúr fós, agus tiocfaidh an samhradh is fásfaidh féar.

Taifead agus teiripe in éineacht is ea cín lae a choimeád in am na hanachana. Dála Amhlaoibh, ní cuntas ar gach aon lá é seo, ach breacsmaointe agus léaspairtí, de réir mar a nochtfaidh chugam i mbabhtaí.

Níl ach seachtain mhaith ann ó dúnadh na scoileanna agus ag mórán againn, sin í an uair a thuigeamar i gceart go raibh tubaiste ag nochtadh chugainn, claochlú bunúsach ar ár saol.

Bhí an tSín i bhfad uainn, agus bhí siad siúd in ann plé leis an aicíd, iad ag faire le drónanna ar an bpobal agus ag fógairt orthu dul abhaile dóibh féin. ‘Bhuel’, a dúramar, ‘bail ó Dhia orthu thall, ach ní oibreodh a leithéid sa chuid seo den domhan’. Bhí an Iodáil níos giorra do bhaile, ar ndóigh, agus bhíomar  corrthónach a chloisint ar an 31 Eanáir go raibh Cóivid tar éis nochtadh sa Róimh.

Ach fós bhí sé sin tamall ó bhaile, agus gheofaí réiteach ar an scéal. Mar a fuarthas roimhe ar SARS, MERS, AIDS agus fliúnna bliantúla.

Lig an dalladh púicín céanna dúinn leanúint leis an gcóisir, an síorfhuadar eitilte ar fud an domhain,  dul ag sciáil, agus dia beag na heacnamaíochta i réim go fóill. Seachas mála cnáibe a bhreith linn chuig an siopa ní rabhamar róbhuartha go raibh an pláinéad á scriosadh againn. Bhí tinte na hAstráile i bhfad ó bhaile leis.

Nuair a bhuaileann an tubaiste stadann an clog. Is ionann an 31 Eanáir anois agus an naoú céad déag. Baineann sé le ré eile, roimh aimsir na Díleann. Roinneann tubaistí an saol againn ina pháirteanna, ROIMH agus TAR ÉIS an drochscéal a fháil. Tuigimid nach féidir bogadh siar chun filleadh ar shaol úd an ROIMH agus bímid imníoch faoin TAR ÉIS. Táimid teilgthe san ANOIS agus bogann an clog go mall, mall, righin. 

Tá cáilíocht an osréalachais sna híomhánna is coitianta. Cad chuige na fógraí raidió do Cirque du Soleil, do na ceolchoirmeacha samhraidh, do Mrs Brown’s Boys sa Marquee i gCorcaigh, há há há? Macallaí ateilgthe iad sin as saol úd an ROIMH. Conas is féidir le daoine breith isteach ar a chéile mar chomhartha ceana sna fógraí teilifíse? Réabann an Aircoach ar fud na cathrach gan deoraí féin air. Cén toghchán é sin a bhí againn mí ghlan ó shin? Na gearáin agus na geallúintí go léir ina ngal soip anois! Céad míle teach ina gcaisleáin óir.

Buailfidh mé amach chun dul ag siúl. Níl fágtha ach é. Tá na tábhairní dúnta, ranganna teanga ar ceal, cosc ar theagmháil le cairde ceann ar aghaidh, garchlann coinnithe siar ó Dhaideo agus ó Mhamó. Tá sé inmholta an córas iompar poiblí a sheachaint murar oibrí tú in earnáil RIACHTANACH. Maith go leor, is féidir fós dul ag siúl. Ach anois, téann na mílte ag siúl nach raibh an nós sin riamh acu. Tá na hionaid siúlta sléibhe plódaithe agus dainséarach dá réir. Cuid acu dúnta don phobal agus fógraí ar na bóithre rochtana. Fiú má aimsíonn tú ionad oiriúnach don tsiúlóid aonair beidh grúpaí i do choinne, agus gan an dá mhéadar slí atá riachtanach ann duit le gabháil tharstu. Níor chóir a bheith amuigh i ngrúpa ach le daoine sa ‘líon tí’ céanna leat féin ach is iontach go deo an déanamh éagsúil a bhíonn ar theaghlaigh na hÉireann, iad sa líon tí céanna gan aon dealramh acu lena chéile beag ná mór.

Ba ghearáin shuaracha iad sin mura mbeidís tromchúiseach freisin.

Tá nasc díreach idir an teagmháil chóngarach agus líon na gcónraí a fheicfear in Éirinn in achomaireacht aimsire, mar atá sna scuainí de thrucailí míleata in Bergamo na hIodáile le seachtain. Tá cosc sa Fhrainc anois ar dhul ar an trá ar chor ar bith, na siúl cois na gcéanna i bPáras. Ní féidir bogadh amach as do theach ach uair sa ló, gan aon duine farat, i gcóngar 500 méadar den chónaí agat. Tá cuirfiú i réim i gcathracha áirithe.

Sea, tá Cóivid chugainn ina mhaidhm thaoide. Inár measc cheana go deimhin. Pé cruth geoiméadrach a bheidh ar chuar na rabharta seo, scuabfaidh sí chun siúil na deicheanna de mhílte daoine in Éirinn.

An t-aon cheist anois a bhfuil tionchar againn uirthi ná cé mhéad deicheanna de mhílte. Bás gan chara gan chompánach a gheobhaidh roinnt díobh sin gan aon chead ag a muintir iad a chaoineadh mar is cuí.

Tá brí nua le ‘Sé do Bheatha, a Mhuire….anois agus ar uair ár mbáis’.   

Tiocfaidh cuid mhór daoine slán ach beidh saol nua ann seachas mar a bhí. B’fhéidir go dtuigfimid an uair sin nach bhfuilimid uilechumhachtach agus go mbeidh sochaí agus geilleagar níos cothroime againn.

Tá comharthaí dóchais ann cheana féin.

Ó díbríodh na turasóirí tá iasc le feiceáil an athuair i gcanálacha na Veinéise den chéad uair le blianta.

Agus tá comhar na gcomharsan abhus níos treise ná mar a chonaiceamar le fada.

Agus tá na prátaí síl curtha ó  Lá ‘le Pádraig.

Fág freagra ar 'CÍN LAE CHÓIVID: Is ionann an 31 Eanáir agus an 19ú haois déag ach tiocfaidh an samhradh is fásfaidh féar…'