Srianta níos déine ar na bacáin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19

Tuairiscíodh aréir go raibh roinnt beartas nua á scrúdú ag saineolaithe leighis chun bac a chur roimh scaipeadh an choróinvíris, ina measc cosc ar thaisteal agus ar ghnó neamhriachtanach agus tuilleadh srianta maidir le daoine a bheith ag bualadh le chéile go poiblí

Srianta níos déine ar na bacáin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19

Ionad tástála ar an LÉ Samuel Beckett

Meastar go bhfógrófar a thuilleadh srianta inniu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

Beidh cruinniú ar maidin ag grúpa saineolaithe na Roinne Sláinte agus meastar gurb amhlaidh go bpléifidh siad srianta nua maidir le teacht agus imeacht daoine agus maidir le cúrsaí tráchtála.

Cuirifdh an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí a gcomhairle nua ar an Rialtas ina dhiaidh sin agus pléifear ag cruinniú rialtais pé moltaí nua a dhéanfar maidir le conas is fearr dul i ngleic le scaipeadh an víris.

Tuairiscíodh aréir go raibh roinnt beartas nua á scrúdú, ina measc cosc ar thaisteal agus ar ghnó neamhriachtanach agus tuilleadh srianta maidir le daoine a bheith ag bualadh le chéile go poiblí.

Rachaidh na srianta atá i bhfeidhm cheana féin in éag Dé Domhnaigh, ach meastar go gcuirfear síneadh ama le tréimhse na srianta sin agus go gcuirfear a thuilleadh leo.

Boris Johnson Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Idir an dá linn, chuir Boris Johnson an Bhreatain faoi ordú dianghlasála aréir agus tá cosc curtha ar dhaoine teacht le chéile i ngrúpaí ina bhfuil níos mó ná beirt.

Faoi na srianta nua a d’fhógair Príomh-Aire na Breataine aréir, ní bheidh cead amach ag daoine ach i gcásanna ar leith agus tá gach siopa nach bhfuil riachtanach dúnta.

Beidh cead ag daoine an teach a fhágáil chun bia agus earraí tí a fháil agus beifear ag súil go ndéanfar sin chomh hannamh agus is féidir.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster go gcaithfí na srianta nua a chur i bhfeidhm chun beatha daoine a shabháil.

Dúirt Boris Johnson go raibh gá leis na srianta nua chun cosaint a thabhairt don tseirbhís sláinte, an NHS, trí bhac a chur roimh scaipeadh Covid-19.

“I mbeagán focal, dá mbeadh an iomarca daoine go dona tinn ag an am céanna ní bheidh an NHS ábalta déileáil leis agus d’fhágfadh sin go bhfaigheadh níos mó daoine bás, ní hamháin den choróinvíreas ach de thinnis eile chomh maith,” a dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ina óráid teilifíse leis an tír aréir.

Beidh sé de chumhacht ag póilíní na srianta nua a chur i bhfeidhm le fineálacha agus beidh cead acu ordú do dhaoine dul abhaile.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte aréir go raibh beirt eile básaithe de thoradh Covid-19 in Éirinn agus go raibh 219 cás nua ar an taifead acu. 1,273 cás den ghalar atá deimhnithe anois in Éirinn, 1,125 ó dheas den teorainn agus 148 ó thuaidh. Deimhníodh 20 cás eile ó thuaidh inné, mar a bhfuil 148 cás anois.

Naonúr  atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, seisear ó dheas agus triúr ó thuaidh. Beirt fhear in oirthear na tíre a bhí sa bheirt is déanaí a cailleadh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláínte, atá bunaithe ar an 836 cás a bhí ann Dé Sathairn 21 Márta:

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 44%
  • Bhí 37 braisle i gceist ar bhain 210 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 44 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 239 duine, nó 29%
  • As na daoine sin, cuireadh 25 duine in ICU, nó san Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 208 cás, nó duine as gach ceathrar
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna, 56%, agus bhí  Corcaigh sa dara háit, le  104 cás, nó 12%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 45% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 31%
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Idir an dá linn, dúirt ceann feadhain an WHO, Tedros Adhanom Ghebreyesus, inné go raibh ag géarú ar an luas atá faoi scaipeadh Covid-19.

Dúirt ardstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, áfach, go bhféadfaí an galar a chur dá bhuille agus a chúrsa athrú ach an scoitheadh sóisialta a chleachtadh agus fanacht ag baile.

De réir an eolais is déanaí ón WHO bhí 67 lá idir an chéad chás den ghalar agus an 100,000ú cás, bhí 11 lá idir an 100,000ú cás agus an 200,000 cás, agus ní raibh ach ceithre lá idir an 200,000ú cás agus an 300,000ú cás.

Tá sé deimhnithe go bhfuil breis is 100,000 duine a bhí buailte ag Covid-19 ar fud an domhain tagtha chucu féin.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna den víreas ar fud an domhain, sa tSín atá 60,000 de na daoine a raibh an galar orthu ach atá tagtha chucu féin. Tuairiscítear go bhfuil breis is 8,000 duine tagtha chucu féin san Iaráin agus breis is 7,000 duine atá i gceist san Iodáil.

Breis is 350,000 cás de Covid-19 atá ar an taifead anois agus os cionn 15,000 duine curtha den saol ag an galar. Baineann níos mó ná an tríú cuid de na básanna sin leis na trí thír is measa atá buailte, an Iodáil, an tSín agus an Spáinn.

Fógraíodh inné gur cailleadh 602 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 san Iodáil agus 6,078 duine anois caillte sa tír sin de thoradh an ghalair. In ainneoin í a bheith fós ar an tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, tá údar dóchais faoi dheireadh ag muintir na hIodáile agus laghdú tagtha ar líon na marbh ansin don dara lá as a chéile.

 

Fág freagra ar 'Srianta níos déine ar na bacáin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19'