AR SCÁTH A CHÉILE: Scéal Séadna inste arís  céad bliain ó cailleadh an tAthair Peadar

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”87031e” datetime=”2020-03-21T11:37:13+00:00″]

Scéal Séadna inste arís céad bliain ó cailleadh an tAthair Peadar

Cothrom an lae seo céad bliain ó shin a cailleadh an feachtasóir teanga agus ceannródaí i saol litríocht na Gaeilge an tAthair Peadar Ó Laoghaire.

Ar na gaiscí a rinne sé, scríobh sé an chéad úrscéal Gaeilge, Séadna, atá fréamhaithe i dtraidisiún béil na hÉireann agus a cheiliúrann cineáltas, muintearas agus ionracas an ghnáthdhuine ina chomhrac leis an diabhal é féin.  Bhí dlúthnasc idir an tAthair Peadar agus Maigh Nuad mar, i bhfad roimh dó aitheantas a bhaint amach le linn Athbheochan na Gaeilge, chaith sé sé bliana i mbun staidéir i gColáiste Phádraig, agus tá comóradh déanta ar an gceannródaí seo ag Gaeilgeoirí champas Ollscoil Mhá Nuad. Gearrscannán atá déanta acu ina n-instear scéal Shéadna agus tá sé ar fáil anseo.

 

[/live]

[live id=”04db5c” datetime=”2020-03-21T11:38:43+00:00″]

Anois a thuigtear ról an ealaíontóra agus an scríbhneora mar oibrí meabhairshláinte poiblí

[/live]

[live id=”887417″ datetime=”2020-03-21T11:39:39+00:00″]

Is léir dúinn an tsáinn – ní theastaíonn ach gníomh dá réir 

[/live]

[live id=”2aed35″ datetime=”2020-03-20T17:37:31+00:00″]

Seisiún HITT agus rang Pilates á chraoladh ar líne ó Giom Gaeltachta maidin amárach

Beidh fáilte roimh chách a bheith páirteach i seisiún HITT, nó ‘Traenáil Eatramhach Ard-Déine’, a bheas á chraoladh beo ar Facebook ó Spórtlann Naomh Anna i Leitir Móir i gConamara ag 9.00am, maidin amárach, Dé Sathairn, 21 Márta.

Ina dhiaidh sin beidh rang Pilates, aclaíocht atá níos boige ar an chorp, ar siúl ag a 10.ooam agus beidh sé sin á chraoladh ar Facebook chomh maith.

Cé gur dúnadh an spórtlann mar gheall ar ráig an choróinvíris an tseachtain seo, dúirt bainisteoir na spórtlainne, Marie Ní Chualáin go raibh sé an-tábhachtach go gcoinneodh daoine orthu leis an aclaíocht i rith an ama seo agus iad cuibhrithe sa mbaile.

[/live]

[live id=”da8efe” datetime=”2020-03-20T16:00:49+00:00″]

‘Cé nach féidir leat dul chun na hamharclainne inniu is féidir linne dráma a thabhairt chomh fada leatsa!’ – Branar

Agus Lá Domhanda na hAmharclannaíochta do Pháistí agus Daoine Óga á cheiliúradh inniu, an 20 Márta, tá léiriú Gaeilge curtha ar fáil ag an chomhlacht drámaíochta Branar don lucht féachana atá sa bhaile.

Seó grinn do pháistí é Spraoi a bhfuil Jonathan Gunning agus Miquel Barcelól le feiceáil ann agus é ar fáil ar an ardán Vimeo. Seo an dara léiriú de chuid Bhranar a bhfuil fáil ar líne air an tseachtain seo agus siamsaíocht á cur ar fáil do na teaghlaigh a bhfuil an scoitheadh sóisialta á chleachtadh acu.

“Amanna aisteacha atá ann” a deir Branar i dteachtaireacht a scaip siad ar a leathanach Facebook.

“Cé nach féidir leat dul chun na hamharclainne inniu is féidir linn dráma a thabhairt chomh fada leatsa!”

Dráma bunaithe ar leabhar mór-ráchairte do pháistí le Oliver Jeffers, How to Catch a Star, an léiriú eile de chuid Branar atá ar fáil ar líne inniu.

[/live]

[live id=”3116af” datetime=”2020-03-20T15:14:01+00:00″]

Sceideal cluichí All-Ireland Gold fógartha ag TG4

Tá na seanchluichí a bheidh á gcraoladh ag TG4 as seo go dtí deireadh mhí Aibreáin fógartha acu.

Agus stop curtha ag Cumann Lúthchleas Gael leis na Sraitheanna Náisiúnta de bharr phaindéim an ghalair Covid-19, tá TG4 ag brath ar ábhar ón gcartlann chun an spás sa sceideal a líonadh.

Chomh maith le All-Ireland Gold, beidh an stáisiún lán-Ghaeilge ag taispeáint cuid de na cluichí peile agus iomána is fearr a imríodh anuraidh.

Ceithre chluiche dhéag atá le taispeáint acu as seo go dtí deireadh mhí Aibreáin, ag tosú le hathchraoladh de chluiche ceannais iomána na hÉireann 2014 idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh.

Taispeánfar na cluichí gach Dé Domhnaigh agus Dé Luain in áit GAA Beo agus an clár buaicphointí GAA 2020 a chraoltar oíche Dé Luain de ghnáth.

Dé Domhnaigh 22 Márta

14.45 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 2014 – Cill Chainnigh v Tiobraid Árann

Dé Domhnaigh 29 Márta

13.50 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 1980 – Gaillimh v Luimneach

Dé Domhnaigh 5 Aibreán 

14.00 – Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 1990 – Corcaigh v Gaillimh
15.25 – Cluiche leathcheannais Peile na hÉireann 2013 – Áth Cliath v Ciarraí

Dé Luain 6 Aibreán

20.00 – Cluiche leathcheannais Iomána Faoi 20 na hÉireann 2019 – Tiobraid Árann v Loch Garman

Dé Domhnaigh 12 Aibreán

14.00 – Cluiche ceannais Iomána na Mumhan 2004 – Port Láirge v Corcaigh
15.25 – Cluiche ceannais Peile na hÉireann 2012 – Dún na nGall v Maigh Eo 

Dé Luain 13 Aibreán

19.45 – Cluiche leathcheannais Iomána na hÉireann 2019 – Cill Chainnigh v Luimneach

Dé Domhnaigh 19 Aibreán 

14.00 – Cluiche leathcheannais Iomána na hÉireann 1995 – An Clár v Gaillimh
15.35 – Cluiche ceannais Peile na hÉireann 2014 – Ciarraí v Dún na nGall 

Dé Luain 20 Aibreán

20.00 – Cluiche ceannais Mhionúir Peile na hÉireann 2019 – Corcaigh v Gaillimh 

Dé Domhnaigh 26 Aibreán

14.00 –  Cluiche ceannais Iomána na hÉireann 2017 – Gaillimh v Port Láirge
15.35 – Craobh Peile Uladh 1994 – Doire v An Dún

Dé Luain 27 Aibreán

20.00 – Cluiche ceannais Iomána Faoi 20 2019 – Tiobraid Árann v Corcaigh

[/live]

[live id=”2212d0″ datetime=”2020-03-20T14:55:45+00:00″]

‘Neart Gaeilge, damhsa agus stair’ – clár nua ag RTÉ do na páistí sa mbaile

Tá sé i gceist ag RTÉ tús a chur le clár oideachais nua chun tacú le páistí agus tuismitheoirí atá sa bhaile agus scoileanna dúnta.

Tá an clár á chur le chéile i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus beidh sé dírithe ar ghasúir bunscoile ó Rang a 1 go dtí Rang a 6.

“Beidh neart Gaeilge, damhsa agus stair ann…cloífidh sé leis an gcuraclam,” a dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí Ábhar do Pháistí RTÉ.

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an gclár, nach bhfuil ainmnithe go fóill, Dé Luain an 30 Márta agus craolfar é idir 11am agus 12pm, Luan go hAoine. 

Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir RTÉ chomh maith agus beidh bileoga oibre agus ábhair eile ar fáil ar shuíomh idirlín RTÉ. Tabharfar deis do pháistí pictiúir agus ábhar eile a sheoladh isteach ag an gclár agus taispeánfar cuid acu ar an aer.

Comhlacht neamhspleách a bheidh i mbun léirithe agus is múinteoirí bunscoile a bheidh ag cur an chláir nua i láthair.

Cuirfidh RTÉ ábhar cartlainne ar fáil don chlár agus tá cead tugtha ag Cumann Lúthchleas Gael agus eagraíochtaí spóirt agus cultúrtha eile do RTÉ ábhar dá gcuid a úsáid.

[/live]

[live id=”89ef8d” datetime=”2020-03-20T12:10:13+00:00″]

Scéal an lae inniu ar fáil ó Futa Fata…

Lúlú agus an Oíche Ghlórach le Bridget Bhreathnach s’againne atá curtha amach mar ‘Scéal an Lae’ inniu ag an teach foilsitheoireachta Futa Fata.

[/live]

[live id=”4d8a16″ datetime=”2020-03-20T12:02:38+00:00″]

‘Deis iontach’ iad comórtais liteartha an Oireachtais do ghasúir an tsamhlaíocht a chur ag obair sa mbaile

Tá moladh ag an scríbhneoir Myra Zepf do na gasúir agus na tuismitheoirí atá sáinnithe sa mbaile…

[/live]

[live id=”ef072f” datetime=”2020-03-20T11:53:53+00:00″]

Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal – físeán de shochraid Gaeltachta á scaipeadh go tréan

Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal – físeán de shochraid Gaeltachta á scaipeadh go tréan

Tá físeán de shochraid i gCiarraí a rinne an t-iriseoir gradamúil de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta agus é imithe i bhfeidhm ar leithéidí The Guardian chomh maith.

Bhí cur síos deas ag an Sítheach féin ar shochraid Betty Ryan as Baile an Fheirtéaraigh in iarthar Duibhneach, trócaire uirthi.

“Inné cuireadh bean uasal. De dheasca #Covid19 ní raibh aon tórramh ann agus bhí cosc ar dhul ‘on tsáipéal. Ach sheas ár bpobal ár dhá thaobh an bhóthair síos chun na reilige in iarracht comhbhróin a dhéanamh le clann Bhetty Ryan. Nuair is mó an gátar is ea is treise an pobal.”

[/live]

 

[live id=”6a95b1″ datetime=”2020-03-20T08:56:53+00:00″]

‘Tá Covid-19 tolgtha ag ár mac deich mí d’aois’

[/live]

[live id=”e9dc9c” datetime=”2020-03-20T08:56:53+00:00″]

LITIR ÓN mBRASAÍL: Beag is fiú á dhéanamh ag Bolsonaro den choróinvíreas, faitíos ar an bpobal

[/live]

[live id=”c4e095″ datetime=”2020-03-20T08:56:53+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 4!

[/live]

[live id=”d23eb4″ datetime=”2020-03-20T08:56:53+00:00″]

TUILLEADH AR SCÁTH A CHÉILE (Déardaoin)

AR SCÁTH A CHÉILE: Eolas ó COGG maidir le háiseanna Gaeilge bunscoile agus iarbhunscoile

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Scéal Séadna inste arís  céad bliain ó cailleadh an tAthair Peadar'