LITIR ÓN mBRASAÍL: Beag is fiú á dhéanamh ag Bolsonaro den choróinvíreas, faitíos ar an bpobal

Agus os cionn 620 cás den ghalar COVID-19 sa tír anois, tá imní ar mhuintir na mbruachbhailte bochta go háirithe nach mbeidh ar a gcumas iad féin a chosaint ón ngalar, a scríobhann ár gcolúnaí

LITIR ÓN mBRASAÍL: Beag is fiú á dhéanamh ag Bolsonaro den choróinvíreas, faitíos ar an bpobal

Dé Céadaoin, bhí an méid seo le rá ag uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, faoi na céimeanna atá á gcur i bhfeidhm ag a rialtas chun dul i ngleic le ráig an choróinvíris:

‘Tá bua ollmhór á bhaint amach ag ár bhfoireann sa chluiche seo. Tá amhras mór orm – ceapaim go mbeidh sé an-deacair – go n-éireoidh le héinne a thiocfadh i gcomharbacht ormsa lá éigin amach anseo foireann a chur le chéile a bheadh ar aon dul leis an bhfoireann atá curtha le chéile agamsa.

“Bhí sé de mhisneach agamsa gan géilleadh do bhrú ó dhuine ar bith. Mar a dúirt mé, tá an cluiche á bhuachaint ag an bhfoireann seo agus tá muid chun an t-ómós atá tuillte aige a thabhairt don fhear atá i gceannas uirthi, agus Jair Bolsonaro is ainm don fhear sin.”

Más fianaise an bhatráil a thug muintir na Brasaíle do photaí agus sáspain fad is a thug an t-uachtarán an chaint seo uaidh ar an teilifís, ní hé chuile dhuine sa tír a d’aontódh leis.

Tá siad siúd a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte bochta na tíre buartha go háirithe. Rinne an gníomhaí pobail as cathair Rio de Janeiro, Raull Santiago, achoimre ar chruachás mhuintir na bhfavelas mar seo:

‘ACHOIMRE: Ní oibreoidh na trí chomhairle a thugtar maidir le tolgadh agus scaipeadh [an choróinvíris] dúinne.

Lámha a ní an t-am go léir? (Bíonn an soláthar uisce lochtach.)

Glóthach alcóil? (Airgead ar bith fána coinne.)

Coraintín / fanacht amach óna chéile? (I dtithe ina mbíonn cónaí ar sheisear in dhá nó trí sheomra?)’

Lena chois sin, toisc nach mbíonn ar chumas cuid mhór daoine sna bruachbhailte bochta iad féin a bheathú i gceart, ní bhíonn a gcóras imdhíonachta thar mholadh beirte.

“Bímid ag magadh eadrainn féin go bhfuilimidne, na mongrail a bhfuil cónaí orainn sa favela, níos láidre ná lucht pórghlan an tsaibhris,” a dúirt mo chara Diego Lopes liom i bhfísghlaoch inné. “Ach tá a fhios againn inár gcroí istigh go mbeidh ár gcosa nite nuair a thiocfaidh an galar seo chomh fada linn.”

Ar nós go leor Brasaíleach eile, tá Diego, atá dífhostaithe le trí mhí anuas agus a bhfuil a mhac ocht mbliana d’aois ina chónaí leis, ag fanacht sa bhaile ar fhaitíos go dtolgfadh sé COVID-19. Beidh sé ag brath ar chomhar na gcomharsan agus na gcairde le greim a choinneáil ina bhéal. Ach níl an rogha sin ag chuile dhuine.

“Beidh mise fós ag dul timpeall na dtithe le mo dhá bhuicéad,” a dúirt cara eile, an díoltóir éisc Leonardo Lopes liom inné.

“Tá mo bhean chéile agus ceathrar clainne ag brath orm.”

Ach oiread le 38 milliún Brasaíleach eile – daoine a dhíolann uachtar reoite ar an trá, a níonn carranna nó a ghlanann tithe – oibrí neamhfhoirmeálta is ea é Leonardo. Níl aon chóras leasa shóisialaigh ann a thabharfadh aire dóibh dá mbeadh orthu éirí as a gcuid oibre de bharr ráig an choróinvíris.

Dé Céadaoin, d’fhógair rialtas na Brasaíle go gcuirfí coronavoucher ar fáil do na daoine seo, íocaíocht éigeandála 200 real sa mhí. Sin thart ar €35 agus dá mbeadh ar Leonardo éirí as an mangaireacht éisc, sin é an buiséad a bheadh aige chun aire a thabhairt dó féin agus don chúigear atá ag brath air ar feadh míosa.

Rinne an tUachtarán Jair Bolsonaro beag is fiú de ráig an choróinvíris ar feadh i bhfad; go deimhin rinne sé seó bóthair ag an deireadh seachtaine de bheith ag croitheadh lámha daoine nuair a bhí sé féin ceaptha a bheith i gcoraintín. Ach ghníomhaigh gobharnóirí na stát éagsúla sa Bhrasaíl agus méaraí na gcathracha go sciobtha agus tá beartais á gcur i bhfeidhm ar fud na tíre d’fhonn scaipeadh an ghalair a chosc. Anseo i gcathair Salvador tá na scoileanna, na hionaid aclaíochta, na hionaid siopadóireachta, na pictiúrlanna agus na páirceanna dúnta. Ón Aoine ar aghaidh, ní bheidh aon bhusanna ag fágáil na cathrach ná ag teacht isteach inti agus ní bheidh cead againn dul chuig an trá.

Ach is léir don dall nach mbeifear in ann an tír a chur ‘faoi ghlas’ ar fad, mar atá á dhéanamh i dtíortha éagsúla san Eoraip, nó go deimhin na beartais atá curtha i bhfeidhm anois a chur i bhfeidhm go ceann i bhfad.

Gheobhadh daoine bás den ocras – ach chuile sheans go mbrisfeadh cogadh cathartha amach sula dtarlódh sin. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh ar mhuintir na Brasaíle cur suas leis an gcoróinvíreas, díreach mar atá an tír seo agus tíortha cosúil léi ag cur suas le zikachikungunya, fiabhras deinge agus go leor galar eile leis na blianta fada. 

Fág freagra ar 'LITIR ÓN mBRASAÍL: Beag is fiú á dhéanamh ag Bolsonaro den choróinvíreas, faitíos ar an bpobal'