Is léir dúinn an tsáinn – ní theastaíonn ach gníomh dá réir 

Is ag na dochtúirí agus ag na laochra go léir atá ag obair sa tseirbhís sláinte agus i ngach seirbhís riachtanach atá na tuairimí is tábhachtaí anois

Is léir dúinn an tsáinn – ní theastaíonn ach gníomh dá réir 

Ní raibh vóta sa Dáil oíche Déardaoin nuair a chríochnaigh an díospóireacht ar bheartais chun déileáil le géarchéim an choróinvíris. Ba léir ó thús dá raibh i láthair nach mbeadh vótáil riachtanach ná oiriúnach.

De réir an tsocraithe a rinneadh ní bheadh ach 48 Teachta Dála i láthair (chun an scaradh sóisialta a dheimhniú) agus bhí an phráinn soiléir. D’iarr Teachtaí Dála éagsúla ón bhfreasúra leasú a chinnteodh nach mbeadh buanfheidhm leis an reachtaíocht a mhol an tAire Sláinte Simon Harris thar ceann an rialtais. Socraíodh go mbeadh sí as feidhm tar éis an 9 Samhain – mura vótálfadh an Dáil i bhfabhar athnuachana.

Ba léir áfach comhthuiscint láidir le linn na díospóireachta – comhthuiscint níos doimhne fiú amháin ná an chomhthoil a bhí i réim nuair a pléadh céimeanna tábhachtacha sa phróiseas síochána roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Tuigtear an riachtanas agus an phráinn ar chaon taobh.

Tá beatha i mbaol anois ar scála scanrúil mura gcuirtear comhairle na saineolaithe i bhfeidhm go forleathan:

  • Níochán lámha
  • Scaradh sóisialta
  • Féinleithlisiú sa chás go bhfuil amhras ar dhuine go bhfuil sé buailte ag an ngalar

Is faoi anáil an dainséir atá gach gnó polaitiúil eile á phlé – bunú rialtais nua san áireamh. Casadh ionadaithe de chuid Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar a chéile i rith na seachtaine, agus aontaíodh ag teileachomhdháil de chuid pháirtí parlaiminte Fhine Gael go leanfaí leis na comhráite. Ach níl socrú comhrialtais ná fiú clár ama maidir leis an gcaidreamh a bheadh idir Fianna Fáil agus Fine Gael soiléir fós.

Dáiríre, ní féidir cúrsaí polaitiúla ar bith a phlé i gceart agus contúirt an ghalair ag teannadh leis an gcóras sláinte agus leis an bpobal. Rinne an saineolaí dianchúraim Catherine Motherway ó Ospidéal Ollscoile Luimnigh cur síos lom ar an gclár Primetime Déardaoin ar an gcás gruama atá romhainn – mura gcuireann an pobal comhairle lucht sláinte i bhfeidhm.

Dá dhonacht na radharcanna uafásacha atá ag teacht ón Iodáil, bheadh an scéal níos measa abhus mura gcuirfí srian ar leathadh an choróinvíris. Má fhéachtar ar na figiúirí i gcomhthéacs an daonra, a dúirt sí, níl ach a leath de líon na n-ionad dianchúraim atá faoi bhrú as cuimse san Iodáil in ospidéil na hÉireann. 

Dúirt an Dochtúir Motherway go mbeadh “fadhb mhór” aici féin agus ag a comhghleacaithe mura gcuirtear srian ar an mborradh ar líon na n-othar a fhógraítear gach lá i gcuntais an Phríomh-Oifigeach Sláinte Tony Holohan.

D’impigh an Dr Tony Holohan ar dhaoine fanacht amach óna chéile, agus d’impigh sé ar dhaoine óga go háirithe gan an víreas a thabhairt dá dtuismitheoirí ná do sheandaoine.

Is de dhlúth agus d’inneach na polaitíochta comhairle chomh práinneach a thabhairt, agus déanamh dá réir. Níl gnó níos tábhachtaí ar chlár oibre na tíre ná na Dála. Gan dabht, tá ábhair eile ag teacht chun cinn – tacaíocht do dhaoine atá as obair nó i gcruachás ar bhealaí éagsúla, agus fóirithint (chomh fada agus is féidir) ar lucht gnó. 

Beidh deacrachtaí sa chaidreamh Angla-Éireannach ag teannadh leis an rialtas mura n-athraíonn rialtas na Breataine a bpolasaí faoina bhfuiltear ag ligean don ghalar leathadh gan srian ar fud na Ríochta Aontaithe. Bhí comhrá ar an bhfón ag an Taoiseach le Boris Johnson Déardaoin agus dúradh ina dhiaidh go ndéanfadh an dá rialtas iarracht comhoibriú lena céile “chomh fada agus is féidir”.

Ainneoin na ndea-bhriathra, má thagann méadú as cuimse thall ar líon na ndaoine atá buailte ag an gcoróinvíreas, beidh brú ar an rialtas tástáil nó srianta a chur i bhfeidhm in aerfoirt agus i gcalafoirt an stáit. Roimhe sin, beidh airí ag súil gur féidir dlús a chur le comhpholasaí agus comhoibriú trasteorann. Mura gcuirtear, lagófar an troid in aghaidh an ghalair thuaidh agus theas.

Ní neart go cur le chéile, a deir an seanfhocal. Oireann leagan eile don tsáinn reatha: ní sábháilteacht go cur le chéile  – láithreach, ar fud na tíre, agus 24/7, mar a mhol an Dr Motherway.

Is ag na dochtúirí agus ag na laochra go léir atá ag obair sa tseirbhís sláinte agus i ngach seirbhís riachtanach eile atá na tuairimí polaitiúla is tábhachtaí anois. Ní foláir éisteacht lena dtuairimí, lena n-iarratais, agus lena bhfoláirimh, agus gníomh a dhéanamh dá réir.

Fág freagra ar 'Is léir dúinn an tsáinn – ní theastaíonn ach gníomh dá réir '

  • Mise Áine

    Aontaím!