AR SCÁTH A CHÉILE: Eolas ó COGG maidir le háiseanna Gaeilge bunscoile agus iarbhunscoile

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”706346″ datetime=”2020-03-19T19:15:29+00:00″]

An ceathrú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19 agus méadú mór ar líon na gcásanna

[/live]

[live id=”224c8d” datetime=”2020-03-19T18:21:19+00:00″]

Eolas ó COGG maidir le háiseanna Gaeilge bunscoile agus iarbhunscoile

Tá nuachtlitir nua seolta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar mhaithe le heolas a chur ar fáil do dhaltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí faoi na háiseanna cianfhoghlama atá ar fáil ar líne. Tá nuachtlitir COGG ar fáil anseo.

[/live]

[live id=”0a5657″ datetime=”2020-03-19T18:19:22+00:00″]

Socruithe speisialta maidir le cruinnithe agus maoiniú ag Foras na Gaeilge

ráiteas curtha amach ag Foras na Gaeilge maidir le héigeandáil Covid-19 agus socruithe speisialta curtha i bhfeidhm acu don chúig oifig atá acu.

Beidh “bunús na foirne” ag obair sa bhaile agus beidh “obair Fhoras na Gaeilge “a oiread agus is féidir ag leanúint ar aghaidh mar is gnáth”.

Beidh na cruinnithe á reáchtáil ag baill foirne eatarthu féin agus le daoine eile le háiseanna físchomhdhála.  Déanfar amhlaidh i gcás chruinnithe Bhord Fhoras na Gaeilge chomh maith.

Tá socruithe déanta chomh maith ag an eagraíocht trasteorann lena chinntiú go bhfaighidh na heagraíochtaí a ndéanann siad maoiniú orthu a gcuid maoinithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go rabhthas ag díriú “thuaidh agus theas ar cheann de na dúshláin is déine ar thug muid riamh aghaidh air” agus go raibh sé de dhualgas ar gach duine “tacú lena chéile”. Dúirt sé go mbeadh an Foras i dteagmháil sna seachtainí romhainn amach leis na heagraíochtaí a ndéanann siad maoiniú orthu le “treoir agus comhairle”.

Dúirt Seán Ó Coinn go raibh súil aige go ndéanfadh Foras na Gaeilge a “gcion-na féin le cuidiú le pobal na hÉireann, thuaidh agus theas, agus le pobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear fanacht i dteagmháil le chéile, agus a bheith ag tacú le chéile”.

Tá na gnáthshocruithe i bhfeidhm má tá daoine ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht agus beidh eolas breise á fhoilsiú ar forasnagaeilge.ie acu.

[/live]

[live id=”55eb94″ datetime=”2020-03-19T17:15:37+00:00″]

‘An chéad chéim ar aistear fada achrannach’ – cumhachtaí móra nua don Stát pléite sa Dáil

[/live]

[live id=”107538″ datetime=”2020-03-19T16:47:22+00:00″]

‘Sin iad na smúiríní, rudaí beaga speisialta a thugann mothúcháin deas dúinn nuair atá muid traochta nó buartha’

A leabhar Scúnc agus Smúirín atá á léamh ag Muireann Ní Chíobháin inniu mar chuid den tsraith físeán ‘Scéal an Lae’ atá á cur amach ar na meáin shóisialta ag Futa Fata.

Scúnc agus Smúirín, pictiúrleabhar de chuid Futa Fata a mhaisigh Paddy Donnelly, i measc na dtrí leabhar Gaeilge a bhain áit amach ar ghearrliosta na mórghradam litríochta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’ i mbliana.

Frog sa Spéir an chéad scéal a cuireadh amach sa tsraith, ar cuireadh tús leis inné, agus fear Futa Fata féin Tadhg Mac Dhonnagáin a bhí i mbun na léitheoireachta.

Beidh na scéalta ar fáil ar leathanach Facebook an fhoilsitheora gach maidin, ó Luan go hAoine, ag 11am le sos beag a thabhairt do na tuismitheoirí.

[/live]

[live id=”588e6f” datetime=”2020-03-19T16:00:41+00:00″]

Imní ar phríomhoide Gaelcholáiste faoi dhaltaí a bhíonn ‘ag brath go mór’ ar bhéilí scoile

[/live]

[live id=”f45170″ datetime=”2020-03-19T13:03:04+00:00″]

Tomhais Méid Mo Ghrá Duit! – tuilleadh scéalta i nGaeilge do na páistí sa mbaile

Tá Glór na nGael ag meabhrú do dhaoine cuid de na hacmhainní Gaeilge do pháistí atá ar fáil ar líne. Ar na hacmhainní sin, tá roinnt scéalta i nGaeilge do pháistí a d’fhoilsigh Walker Éireann. I measc na saothar ar féidir éisteacht leo tá Tomhais Méid Mo Ghrá Duit, Stiúcaí Stiúgtha agus Ar Strae Beagán ar fáil ag Glór na nGael ar Soundcloud.

Má tá aon mholtaí agat do nascanna úsáideacha eile seol ríomhphost chuig dara@glornangael.ie.

[/live]

[live id=”a0b6c4″ datetime=”2020-03-19T13:05:52+00:00″]

An tríú duine básaithe in Éirinn de bharr an choróinvíris

[/live]

[live id=”dfc937″ datetime=”2020-03-19T13:02:04+00:00″]

Liosta agus sonraí na gcumann Gaeltachta atá ag cur seirbhísí ar fáil in am an ghátair

[/live]

[live id=”3ae096″ datetime=”2020-03-19T13:01:04+00:00″]

TUILLEADH AR SCÁTH A CHÉILE (Dé Céadaoin)

AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Scéal an Lae’ i nGaeilge do na páistí sa mbaile

[/live]

[live id=”4b9878″ datetime=”2020-03-19T13:00:07+00:00″]

Is ar shaineolaithe agus stuaim atáimid ag brath anois

[/live]

[live id=”aa933e” datetime=”2020-03-19T13:00:04+00:00″]

TUILLEADH AR SCÁTH A CHÉILE (Déardaoin)

AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSÉAN: Leagan draíochtúil de Óró Sé do Bheatha Abhaile ó ghairdín Mhuireann Nic Amhlaoibh

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Eolas ó COGG maidir le háiseanna Gaeilge bunscoile agus iarbhunscoile'