Agus daoine sáinnithe sa bhaile de dheasca na géarchéime sláinte poiblí, tá grúpaí pobail ag cabhrú leo siúd is mó atá i mbaol.
Tá cumainn CLG ar fud na tíre lárnach san iarracht seo cuidiú leo siúd is mó a bhfuil cuidiú ag teastáil uathu.
Tá go leor siopaí áitiúla anois ag cur séirbhís seachadta ar fáil ar líne agus ar an teileafón do dhaoine agus tá cumainn pheile agus iománaíochta ag tacú leo chun bia, earraí tí agus cógais a thabhairt go doras chucu.
Tá na ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is iargúlta in Éirinn agus tá cumainn ó gach cearn den Ghaeltacht ag déanamh a ndíchill tacú le daoine.
Tá eolas ar fáil thíos faoi na cumainn Ghaeltachta atá ag cur seirbhísí ar fáil. Ní gá ach cliceáil ar ainm an chumainn chun na sonraí a fháil.
Má tá aon chumann nó dream eile ag iarraidh go gcuirfí leis an liosta seo, is féidir scéal a sheoladh chuig nuacht@tuairisc.ie nó teagmháil a dhéanamh linn ar na meáin shóisialta.
Dún na nGall
Cill Charthaigh
Gaillimh
Ciarraí
Maigh Eo
Corcaigh
An Mhí
Port Láirge
Fág freagra ar 'Liosta agus sonraí na gcumann Gaeltachta atá ag cur seirbhísí ar fáil in am an ghátair'