Na sonraí teilifíse is eile fógartha do chluichí chraobh peile na hÉireann

Ní chraolfar beo an cluiche idir Corcaigh agus Dún na nGall ná an cluiche idir Ciarraí agus Cill Dara sa dara babhta de Chraobh Peile na hÉireann

Na sonraí teilifíse is eile fógartha do chluichí chraobh peile na hÉireann

Tá na sonraí maidir leis na cluichí sna chéad bhabhtaí eile i gcraobh peile na hÉireann fógartha.

Ní chraolfar beo an cluiche idir Corcaigh agus Dún na nGall ná an cluiche idir Ciarraí agus Cill Dara sa dara babhta de Chraobh Peile na hÉireann.

I mbabhta 2A, i bPáirc Mac Cumhaill, Dé Sathairn an 13 Meitheamh, a thabharfaidh Dún na nGall agus Corcaigh aghaidh ar a chéile.

Ag baile i Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh an 14 Meitheamh a imreoidh an Ghaillimh in aghaidh churaidh Chúige Laighean, an Iarmhí.

I mBabhta 2A atá Maigh Eo chomh maith i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán an tseachtain seo caite. Cluiche crua eile atá rompu agus iad ag triall ar Pháirc Uí Éilí chun aghaidh a thabhairt ar Thír Eoghain Dé Domhnaigh an 14 Meitheamh.

Cath na gcomharsan a bheidh sa chluiche eile i mBabhta 2A an lá céanna agus Contae Lú in aghaidh Ard Mhacha. Tugadh cluiche baile d’fhoireann Lú in aghaidh Ard Mhacha ach toisc go bhfuil obair thógála fós ar siúl ar a staid nua féin, imreofar an cluiche sin ar pháirc neodrach.

I mbabhta 2B, beidh ar Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara  sa Droichead Nua, Dé Sathairn an 13 Meitheamh más le foireann Jack O’Connor fanacht sa chraobh. Is é an dála céanna é ag contae na Mí agus iad as baile i nDoire níos déanaí an tráthnóna céanna ag a 7.00pm.

Dé Sathairn, 13 Meitheamh

Babhta 2A

Dún na nGall v Corcaigh
Páirc Mac Cumhaill, 3pm  

Babhta 2B

Muineachán v Ros Comáin
Páirc Naomh Tiarnach, 4:30pm, GAA+

Cill Dara v Ciarraí
Páirc Naomh Conlaith, 5:30pm

Doire v an Mhí
Páirc na gCeilteach, 7pm, GAA+

Dé Domhnaigh, an 14 Meitheamh

Babhta 2B

Lú v Ard Mhacha
Páirc Grattan, Inis Caoin, 1pm, RTÉ

An Ghaillimh v an Iarmhí
Staid an Phiarsaigh, 2pm, GAA+

Tír Eoghain v Maigh Eo
Páirc Uí Éilí, 3:30pm, RTÉ

Babhta 2B

An Cabhán v Áth Cliath
Páirc Bhreifne Kingspan, 2pm

Rachaidh na ceithre chontae a bhuafaidh cluichí bhabhta 2A díreach ar aghaidh go dtí babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann.

Imreoidh na foirne a chaillfidh babhta 2A in aghaidh bhuaiteoirí 2B d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Beidh a rás rite ag na ceithre fhoireann a chaillfidh i mbabhta 2B.

Imreofar na cluichí ar fad i mbabhtaí 2A agus 2B deireadh seachtaine an 13-14 Meitheamh.

Beidh trí cinn de na cluichí le feiceáil beo ar GAA+: Muineachán v Ros Comáin (4:30pm) agus Doire v An Mhí (7pm) i mBabhta 2B ar an 13 Meitheamh, agus Gaillimh v An Iarmhí (2pm) i mBabhta 2A ar an 14 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Na sonraí teilifíse is eile fógartha do chluichí chraobh peile na hÉireann'