Is ar shaineolaithe agus stuaim atáimid ag brath anois

Tá na cumhachtaí reachtúla a cheadódh bille nua inchurtha le beartais a chuirtear i bhfeidhm nuair a bhíonn cogadh ar bun – léargas ar an dúshlán atá romhainn

Is ar shaineolaithe agus stuaim atáimid ag brath anois

‘An bhfuil cead agam dul…’

‘Níl, mar a dúirt mé leat cheana.’

‘Ach ní bheidh ann ach Sarah agus Niamh agus Michelle.’

‘Beidh ort fanacht anseo. Tá brón orm, a pheata.’

‘Ach ní bheidh aon duine eile ann. Duine. Ar. Bith.’

‘Fiú an ceathrar agaibh, ní bheadh sé sábháilte.’

‘Níl sé cothrom. Téann tusa amach gach lá.’

‘Go dtí an siopa, im aonar. Sin an méid.’

‘Agus ní raibh mé ag súgradh leo le cúig lá anuas. CÚIG LÁ!’

(Cuireann sí a méara in airde faoi smig a máthar).

‘Tá brón orm, a mhuirnín. Mar a dúirt mé, ní foláir dúinn a bheith an-chúramach. I gceann…’

‘Míchothrom. Míchothrom! Míchothrom!’

‘…tamaillín beidh tú ábalta dul ag spraoi leo gach lá. Nuair a bheidh sé sábháilte. Geallaim duit é.’

‘Ach…’

(Ar leanúint gach lá, cúpla uair in aghaidh an lae, ar a laghad)

Níor mhair an comhrá, idir girseach ghlórach a bhfuil cónaí uirthi in aice le colúnaí Tuairisc agus a máthair, ach nóiméad ar a mhéid. Léirigh sé mar sin féin an tslí ina bhfuil an coróinvíreas ag cur isteach ó bhonn ar ghnáthshaol na tíre, agus a dheacra atá sé an cur isteach a mhíniú do pháistí óga.

Déanta na fírinne, níl tuiscint iomlán ag duine ar bith fós ar an tionchar ar shaol na tíre ná ar shaol an domhain a bheidh ag an ngalar a shroich Éire trí seachtaine ó shin. Tá géarchéim buailte linn, mar a dúirt an Taoiseach ina óráid teilifíse oíche Lá Fhéile Pádraig, nach bhfacamar riamh cheana agus nach eol do dhuine ar bith fós cén uair a chríochnóidh sí.

Tá léargas áirithe ar thionchar an ghalair ar riar agus ar rialú na tíre sa Bhille um an Leas Poiblí a d’fhoilsigh an rialtas roimh theacht le chéile na Dála Déardaoin. Tugann na forálacha cead don rialtas:

Cosc a chur ar thaisteal sa tír, agus idir an tír agus tíortha eile.

Cosc a chur ar chruinnithe agus ar imeachtaí eile.

Daoine a cheaptar a bhfuil an coróinvíreas orthu a choinneáil in aghaidh a dtola.

Iachall a chur ar dhaoine fanacht ina dtithe cónaithe.

Sochair a íoc gan mhoill le daoine atá as obair mar gheall ar an gcoróinvírreas.

I ndáiríre tá an chumhacht reachtúil nua a cheadaíonn an bille inchurtha le beartais a chuirtear i bhfeidhm nuair a bhíonn cogadh ar bun. Go deimhin, ní haon áibhéil a rá gurb ionann agus cogadh an feachtas iltaobhach a bheidh riachtanach chun dul i ngleic leis an ngalar.

Idir an dá linn, tá ionadaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael i mbun idirbheartaíochta i gcónaí, ach gan aon tsúil i gceachtar páirtí go dtiocfar ar chomhthuiscint go luath. Fiú da dtiocfaí, ní heol dóibh conas a chuirfear móramh seasmhach Dála le chéile le Teachtaí eile chun bunú rialtais a dheimhniú.

Tá an gnáthshaol polaitiúil ina stad ar go leor bealaí, mar a léiríodh tar éis do Leo Varadkar a óráid a thabhairt ar an teilifís oíche Dé Máirt. Mhol urlabhraithe an fhreasúra a ndúirt sé ina óráid fiú agus béim á cur acu ar bheartais éagsúla atá nó a bheidh riachtanach sula i bhfad – beartais a phléifear nuair a bheidh cruinniú eile acu leis an Taoiseach roimh dheireadh na seachtaine.

Tá an rialtas a chuirfear as oifig a luaithe a bhunófar rialtas nua ag obair go dícheallach agus go héifeachtach – nó chomh héifeachtach agus a d’fhéadfadh rialtas ar bith feidhmiú agus dainséar chomh mór ag teannadh leis an tír.

Is ar dhochtúirí agus ar shaineolaithe atá airí rialtais ag brath, mar a bheadh airí rialtais nua dá gceapfaí iad. Níl rogha ag an rialtas ach aird a tabhairt ar chomhairle agus déanamh dá réir. 

Ní athródh bunú rialtais nua an riachtanas ná an cur chuige. Tá rialtas atá bunaithe ar chomhthuiscint pholaitiúil ag feidhmiú cheana féin.

Ní beag san.

Fág freagra ar 'Is ar shaineolaithe agus stuaim atáimid ag brath anois'

  • Fearn

    Saineolas agus Stuaim?

    Sílim fhéin nach bhfuil saineolas ag éinne agus nach bhfuil de ainm réitigh ann anois ach modh na trialach agus na hearráide .

    Níl mé cinnte ach an oiread cé mar a sheasann stuaim in aghaidh ollhistéire.

    Ach i ndiadh sin, an rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis.

    Nach diabhail iad na víoróin?