Imní ar phríomhoide Gaelcholáiste faoi dhaltaí a bhíonn ‘ag brath go mór’ ar bhéilí scoile

Deir Mícheál Mac Giolla Ghunna go bhfuil Coláiste Feirste, iarbhunscoil lán-Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste, i measc ‘dornán beag scoileanna sa tuaisceart’ a bhfuil níos mó ná 60% de na daltaí iontu ag brath go mór ar na béiltí a fhaigheann siad ar scoil

Imní ar phríomhoide Gaelcholáiste faoi dhaltaí a bhíonn ‘ag brath go mór’ ar bhéilí scoile

Tá imní ar Phríomhoide Choláiste Feirste faoin líon ard daltaí sa scoil a bhíonn ag brath ar bheilte scoile.

Fógraíodh tráthnóna inné go mbeadh scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ón Luan beag seo ar aghaidh de bharr scaipeadh an ghalair Covid-19.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Mícheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste, go raibh príomhoidí ag fanacht ar threoir ón Roinn Oideachais anois maidir le cén dóigh is fearr freastal a dhéanamh ar dhaltaí a bhíonn ag brath ar bhéiltí saor in aisce ar scoil. 

Dúirt Mac Giolla Ghunna go raibh Coláiste Feirste, iarbhunscoil lán-Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste, i measc “dornán beag scoileanna sa tuaisceart” a bhfuil níos mó ná 60% de na daltaí iontu ag brath ar na béiltí a fhaigheann siad saor in aisce ar scoil.

“65% de dhaltaí s’againne atá i dteideal béiltí saor in aisce. Is ábhar imní é sin. Tá go leor bochtanais i measc an phobail anseo agus beidh an scéal ag dul in olcas anois de réir mar a chailleann daoine a gcuid post.

“Tá muid buartha faoi seo agus táimid ag fanacht ar an rialtas scéim a fhógairt i dtaca leis,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoide Choláiste Feirste go raibh sé buartha chomh maith faoin tslí a bhféadfadh an géarchéim seo dul i bhfeidhm ar mheabhairshláinte na ndaltaí.

“Beidh roinnt daltaí sa bhaile leo féin agus níor cheart go mbeadh déagóirí ag caitheamh uaireanta fada leo féin sa bhaile,” a dúirt sé.

Dúirt Mícheál Mac Giolla Ghunna go mbeadh “ganntanas mór ann” toisc gan aon seirbhísí óige a bheith á reáchtáil agus go mbeadh daoine óga thíos leis mar nach mbeadh “na tacaíochtaí céanna” ar fáil dóibh.

“Tá daltaí agus riachtanais ar leith acu chomh maith; daltaí a bhfuil uathachas orthu mar shampla. Is breá leosan clár ama rialta agus an leagan amach céanna a bheith ann gach lá. Cad é mar is féidir linn tacú leis na daltaí sin? Sin ceist eile atá againn.

“Tá an fhoghlaim tábhachtach ach tá go leor dúshlán eile anois roimh na daltaí.”

Tá Coláiste Feirste ar cheann de na scoileanna sa tuaisceart a ghlac an cinneadh a scoil a dhúnadh as a stuaim féin agus laethanta foirne a úsáid chun an scoil a choinneáil dúnta i ndiaidh na Féile Pádraig.

Dúirt Mac Giolla Ghunna nach raibh aon chomhairle ar fáil do phríomhoidí ón Roinn Oideachais le roinnt seachtainí anuas maidir leis an choróinvíreas agus gur fágadh faoi phríomhoidí “a bplean teagmhais féin a chumadh”.

“Ní raibh na scoileanna ag fáil treoir ar bith le roinnt seachtainí anuas agus tá an fhadhb céanna ann anois.

“Tá taithí againn, tá ciall againn agus tá muid ag súil go ndearna muid an rud ceart ach ní raibh treoir ar bith ar fáil ón Roinn Oideachais seachas na scoileanna a choinneáil ar oscailt. Bhí mise i dteagmháil le príomhoidí in iarbhunscoileanna Béarla agus bhí muid ag iarraidh smaointe a mhalartú faoi cad ba cheart a dhéanamh.”


Chuir Mac Giolla Ghunna fáilte roimh fhógra an lae inné maidir le dúnadh na scoileanna ach dúirt sé nach raibh sé i gceist aige an scoil a oscailt Dé Luain cibé.

“Tá go leor múinteoirí sa bhaile agus siomptóim áirithe orthu, ní thuig leo teacht isteach. Ní bheadh sé ar ár gcumas an scoil a reáchtáil sa dóigh atá rudaí faoi láthair,” a dúirt Mac Giolla Ghunna.

Fág freagra ar 'Imní ar phríomhoide Gaelcholáiste faoi dhaltaí a bhíonn ‘ag brath go mór’ ar bhéilí scoile'