An tríú duine básaithe in Éirinn de bharr an choróinvíris

434 cás de Covid-19 atá anois in Éirinn, 366 ó dheas den teorainn agus 68 cás ó thuaidh

An tríú duine básaithe in Éirinn de bharr an choróinvíris

Tá an tríú duine básaithe in Éirinn de bharr an ghalair Covid-19. Fear amach san aois as Béal Feirste a raibh fadhbanna sláinte eile aige an té is déanaí a bhásaigh, sa chéad duine a bhásaigh ó thuaidh de bharr an ghalair.

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster “gur lá brónach a bhí ann do Thuaisceart Éireann” agus rinne sí féin agus an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill comhbhrón le muintir an té a bhásaigh. Dúirt Arlene Foster nach bhféadfaí scaipeadh Covid-19 a stop ach go raibh “dualgas ar chách gach ar féidir a dhéanamh chun moill a chur leis agus cosaint a thabhairt dóibh siúd is mó a bheadh i mbaol ón víreas”.

434 cás de Covid-19 atá anois in Éirinn agus 74 cás nua deimhnithe ó dheas den teorainn inné. Sé chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh inné, mar a bhfuil 68 cás deimhnithe ar fad.

As 271 de na cásanna sin ó dheas, scaipeadh i measc an phobail anseo ba chúis le tolgadh an ghalair i 22% díobh. Bhain 42% le taisteal thar sáile agus 17% a tholg an galar ó othair eile. Tá 20% de na cásanna fós á bhfiosrú.

Tá cásanna den ghalar deimhnithe i ngach ceann de na 26 contae seachas trí cinn – Laois, Liatroim agus Muineachán. I mBaile Átha Cliath (129), Corcaigh (48) agus Luimneach (14) is mó a bhí cásanna. 12 cás deimhinithe a bhí sa Ghaillimh, sé cinn a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig cinn a bhí i nDún na nGall.

Beirt atá básaithe ó dheas de bharr an ghalair.

Tá os cionn 200,000 cás den choróinvíreas deimhnithe ar fud an domhain agus breis is 8,000 duine curtha den saol aige, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhnda Sláinte.

475 duine eile atá básaithe san Iodáil de thoradh Covid-19, an líon is mó daoine a fuair bás den ghalar in aon tír amháin in aon lá amháin

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna inné go raibh 80% de na cásanna sin san Eoraip agus i dtíortha an Aigéin Chiúin agus gurb é an cur chuige is fearr i gcoinne an ghalair ná “scaraigí, tástálaigí, leigheasaigí agus cuardaigí”.

Dúirt ardstiúrthóir an WHO go raibh go leor tíortha “ag éisteacht” leis an gcomhairle sin ach go raibh roinnt tíortha nach raibh agus gur bac é sin ar an iarracht moill a chur le scaipeadh an ghalair.

Dúirt sé gur léirigh cás na Cóiré Theas, tír “nár ghéill don ghalar”, go n-éiríonn le cur chuige atá bunaithe ar go leor tástála agus an scoitheadh sóisialta.

Dúirt sé gur dúshlán nach bhfacthas a leithéid cheana a bhí i scaipeadh Covid-19 ach gur “deis nach bhfacthas a leithéid cheana a bhí ann teacht le chéile chun namhaid don chine daonna a chloí”.

Mhol Tedros Adhanom Ghebreyesus do mhuintir na hAfraice “ullmhú don chás is measa agus tosú ag ullmhú inniu”.

Tá lorg á fhágáil ag Covid-19 ar thíortha ar fud an domhain agus an saol curtha bunoscionn aige.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte le dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain na mílte curtha den saol aige.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fág freagra ar 'An tríú duine básaithe in Éirinn de bharr an choróinvíris'