An ceathrú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19 agus méadú mór ar líon na gcásanna

Tá níos mó daoine básaithe anois de thoradh an choróinvíris san Iodáil ná mar atá básaithe dá bharr sa tSín

An ceathrú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19 agus méadú mór ar líon na gcásanna

Tá an ceathrú duine in Éirinn básaithe de thoradh an choróinvíris agus 634 cás de Covid-19 anois ann. 557 cás atá deimhinithe ó dheas den teorainn agus 77 cás atá deimhnithe ó thuaidh di. 191 cás nua ó dheas a fógraíodh inniu agus naoi gcás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Bean san oirthear an duine is déanaí atá básaithe.

43 bliain an aois ar an meán a bhíonn i gceist leis na cásanna ó dheas agus tá cásanna deimhnithe i ngach ceann den 26 contae seachas Muineachán.

Meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na gcásanna de réir mar a thagann méadú ar líon na dtástálacha atáthar a dhéanamh don ghalar. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mbeadh 15,000 tástáil á ndéanamh in aghaidh an lae.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan tráthnóna gur léir go raibh daoine óga agus páistí an-siocrach don ghalar agus ní hamháin go bhfuil baol ann don dream sin féin ach tá baol níos mó ann do dhaoine níos sine a bhféadfaidís an galar a thabhairt dóibh.

“B’fhéidir nach bhfuil tú buartha fút féin ach tá baol ann go bhféadfadh tú an galar a thabhairt do dhuine eile i do chlann, do dhuine a bhfuil grá mór agat dó,” arsa Tony Holohan.

Dúirt sé nach mbeadh ar fhormhór na ndaoine a mbuailfeadh an galar iad cúram a fháil in ospidéal. Ba chóir do na daoine nár theastaigh cúram san ospidéal uathu fanacht glan ar dhaoine ag baile ar feadh 14 lá.

Tugadh go dtí an t-ospidéal 31% de dhaoine ar deimhníodh an galar a bheith orthu agus ní raibh leaba in ionad dianchúraim ag teastáil ach i 2% de na cásanna atá deimhnithe go dtí seo.

Bunaithe ar an eolas go dtí seo, scaipeadh i measc an phobail a bhí i gceist le 35% de chásanna, gartheagmháil le duine a bhí buailte ag an ngalar ba chúis le 21% cás agus taisteal thar lear a bhí luaite le 43%.

Idir an dá linn, tá níos mó daoine básaithe anois de thoradh an choróinvíris san Iodáil ná mar atá básaithe dá bharr sa tSín. 427 bás eile a fógraíodh san Iodáil inniu agus 3,405 duine ar fad atá básaithe de bharr an ghalair sa tír sin.

475 bás a tuairiscíodh san Iodáil inné, an líon is mó básanna in aon lá amháin in aon tír ó thosaigh an víreas sa tSín.

De réir na scéalta is déanaí faoi chás uafásach na hIodáile baineadh úsáid as feithiclí de chuid an airm in Bergamo chun cabhrú le hiompar na marbh go dtí créamatóiriamaí lasmuigh den chathair, atá ó thuaidh de Milano.

De réir na bhfigiúirí is déanaí méadú nach mór 15% atá tagtha ar líon na gcásanna san Iodáil, agus 41,035 cás deimhnithe ansin i gcomparáid le 35,713 inné.

Tuairiscítear gur 3,245 a fuair bás sa tSín ó thosaigh an galar ansin ag deireadh na bliana seo caite agus is ar an 21 Feabhra a deimhníodh an chéad chás den ghalar san Iodáil.

Níl aon mheath ag teacht go fóill ar líon na gcásanna san Iodáil in ainneoin na srianta móra atá curtha i bhfeidhm sa tír sin.

Ó bhuail an ráig Covid-19 an tSín, ba é inné an chéad lá nár tuairiscíodh aon chás nua den ghalar a bheith á scaipeadh i measc an phobail sa tír sin.

Tuairiscíodh go raibh ardú ar líon na ndaoine a tháinig thar tír isteach a bhí buailte ach níor deimhníodh aon chás nua i gcúige Hubei.

Tuairiscíodh sa China Daily, nuachtán a bhfuil tacaíocht an stáit aige, go bhféadfadh go gcuirfí deireadh leis an ordú dianghlasála in Wuhan sa chás nach mbeadh aon chás nua den ghalar ann ar feadh 14 lá.

Tá figiúirí eisithe ag Roinn Sláinte na Spáinne ag rá go bhfuil 169 duine eile curtha den saol ag an gcoróinvíreas le ceithre huaire fichead, rud a fhágann go bhfuil 767 básaithe anois de bharr an ghalair.

Tá an ghéarchéim go holc ar fad sa Spáinn agus an phaindéim ag scaipeadh níos gasta sa tír sin ná in aon áit eile ar domhan. Deimhníodh inniu go bhfuil 17,147 duine buailte ag Covid-19, ardú 25% ó inné nuair a deimhníodh gur 13,716  cás a bhí sa tír.

Cásanna de Covid-19 in Éirinn

Tá an scéal beagnach chomh dona sa Spáinn anois agus atá sé san Iaráin, an tríú tír sa domhan is measa atá buailte. Sa tSín is mó a tolgadh an galar go dtí seo agus an Iodáil an dara tír is measa an galar.

12,853 cás atá deimhnithe sa Ghearmáin agus 34 duine atá básaithe de dheasca an ghalair. Rinne polaiteoirí, póilíní agus daoine aitheanta achainí ar mhuintir na Gearmáine fanacht sa mbaile nó go raibh an baol ann go dtabharfaí cuirfiú isteach mar atá i bhfeidhm sa bhFrainc cheana féin.

Tá gach cosúlacht air go gcuirfidh an Fhrainc síneadh ama leis an ordú dianghlasála coicíse. Dúirt an tAire Intíre, Christophe Castaner, gur ‘amadáin’ a bhí sna daoine sin a bhí ag déanamh neamhaird de na horduithe. 372 duine atá básaithe anois sa bhFrainc i gcomparáid le 264 duine inné.

Tuairiscíodh an chéad duine a bheith curtha den saol ag Covid-19 i Meicsiceo. D’fhógair an Roinn Sláinte ansin gur bhásaigh an fear 41 bliain d’aois i gcathair Mheicsiceo. Bhí an diaibéiteas ag dul don fhear agus dúirt an Roinn gur aithníodh comharthaí an ghalair ar an bhfear den chéad uair ar an 9 Márta. Tuairiscíodh sna nuachtáin áitiúla nár thug an fear a bhásaigh aon turas thar lear go dtí aon tír ina raibh an galar.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go bhfuil Covid-19 tolgtha ag Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an AE sna cainteanna Breatimeachta leis an Ríocht Aontaithe maidir le caidreamh na tíre sin leis an Aontas Eorpach. Deir Barnier go bhfuil sé ag déanamh go maith.

Tá deireadh curtha leis an idirbheartaíocht aghaidh ar aghaidh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar chomhairle lucht leighis ar an dá thaobh Mhuir nIocht.

Tar éis cruinnithe éigeandála a bheith ag an bPríomhshraith agus ag Sraithchomórtas Sacair Shasana (EFL), fógraíodh go raibh síneadh ama curtha leis an gcosc ar chluichí peile i Sasana go dtí 30 Aibreán ar a thúisce.

Fág freagra ar 'An ceathrú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19 agus méadú mór ar líon na gcásanna'