AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Scéal an Lae’ i nGaeilge do na páistí sa mbaile

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir shrianta an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”4d4f81″ datetime=”2020-03-18T18:43:43+00:00″]

FÍSEÁN: ‘Scéal an Lae’ i nGaeilge do na páistí sa mbaile

Tá ‘Scéal an Lae’ do na páistí sa mbaile á chur amach ar líne ag an teach foilsitheoireachta aitheanta Futa Fata. Beidh na scéalta ar fáil ar leathanach Facebook an fhoilsitheora gach maidin, ó Luain go hAoine, ag 11am le sos beag a thabhairt do thuismitheoirí. Frog sa Spéir an chéad scéal sa tsraith, a taifeadadh ar dtús do Cúla 4, agus fear Futa Fata féin Tadhg Mac Dhonnagáin atá á léamh.

[/live]

[live id=”485193″ datetime=”2020-03-18T18:26:40+00:00″]

‘Ní raibh leanúnachas ar bith sna teachtaireachtaí ón rialtas’ -dúnadh scoileanna an Tuaiscirt fógartha

[/live]

[live id=”8c169c” datetime=”2020-03-18T17:55:24+00:00″]

Craobh peile na hÉireann curtha siar agus cluiche peile na Gaillimhe i Nua Eabhrac curtha ar athlá

[/live]

[live id=”a8fdf2″ datetime=”2020-03-18T15:45:05+00:00″]

‘Rinne mé an rud ceart, an rud a bhí istigh i mo chroí’ – ag filleadh ar na seirbhísí sláinte

Tá Róisín Doherty, atá pósta le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty, ar dhuine de na daoine atá tar éis filleadh mar oibrí ar na seirbhísí sláinte in am an ghátair.

D’inis sí a scéal ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Múinteoir i Scoil Náisiúnta an Ghlasáin ar an Chraoslach í Róisín Doherty a bhíodh ina haltra in Otharlann Leitir Ceanainn roimhe sin. Ach oiread le gach scoil eile sa Stát tá a scoil dúnta faoi láthair agus dúirt Róisín nár chinneadh deacair é filleadh ar an obair a bhíodh ar siúl aici.

“Ní raibh rogha ar bith agam.  Bhí mé ag éisteacht le tamall mór fada, cosúil le hachan nduine eile, faoi na rudaí a  bhí ag dul ar aghaidh sna tíortha eile agus bhí a fhios agam go raibh an rud céanna  ag teacht chugainn … Tá na scileanna seo agam.”

“Ní bheadh mise ábalta bheith i mo shuí sa bhaile ag smaoitiú ar na girseacha eile [na mná a mbíodh sí ag obair leo in Otharlann Leitir Ceanainn]  … ag smaoitiú ar dhaoine tinne agus b’fhéidir gan go  leor altraí faoi choinne amharc ina ndiaidh … Ní bheadh mise ábalta cur suas leis sin.”

“Rinne mé an rud ceart, an rud a bhí istigh i mo chroí, tá mé ag iarraidh amharc i ndiaidh dhaoine – sin an fáth.  Ní raibh sé deacair, bhí sé furasta – rinne mé an cinneadh agus sin é.”

Chláraigh Róisín Doherty mar altra sa bhliain 2001, agus rinne sí a cuid traenála in Ospidéal an Mater.  Chaith sí cúpla bliain ag obair in Otharlann Leitir Ceanainn, agus ina dhiaidh sin thug sí ceithre bliana ag obair in Ionad Leighis ar an Fhál Carrach sular chinn sí, mar gheall ar chúraimí teaghlaigh, dul leis an múinteoireacht.  

[/live]

[live id=”b595be” datetime=”2020-03-18T15:15:06+00:00″]

‘Scoil sa mBaile’ á reáchtáil ar líne ag Bridget Bhreathnach

Tá ‘Scoil sa mBaile’ á reáchtáil ag Bridget Bhreathnach, máthair, údar agus colúnaí le Tuairisc.ie, agus cur síos á dhéanamh aici i bhfíseáin Facebook ar an méid atá ar siúl ag na gasúir, ceachtanna ‘Siamsán sa mBaile’ san áireamh. Maisiúcháin do Lá Fhéile Pádraig le cibé sórt ábhar fán teach a bhí ar bun ag na daltaí i dtigh Bhridget don lá mór inné agus fuair siad léargas nua chomh maith ar scéal an Naoimh. An litir P agus múineadh na heolaíochta le hearraí tí atá i measc na n-ábhar atá faoi chaibidil sa Scoil ón mBaile inniu. Trí lá atá caite go dtí seo ag gasúir Bhridget Bhreathnach sa Scoil ón mBaile a bheas á chraoladh óna teach i gcathair na Gaillimhe fad is a bheidh na scoileanna dúnta.

[/live]

[live id=”61fd77″ datetime=”2020-03-18T13:41:29+00:00″]

‘Anois an t-am peann a chur le páipéar’, a deir lucht na Cultúrlainne i mBéal Feirste, atá ag iarraidh ar fhilí dán a chumadh ar théama an mhuintearais chun “ardú beag croí a thabhairt do na Gaeil ar líne.

Beidh na dánta nuachumtha “mar chomhartha an mhuintearais in éadan bhagairt an Choróinvíris”, a deir foireann na Cultúrlainne, atá ag iarraidh “ardú beag croí” a thabhairt do na Gaeil ar líne agus don phobal i gcoitinne.

[/live]

[live id=”8f74e4″ datetime=”2020-03-18T13:10:57+00:00″]

GAILEARAÍ: Sráideanna na Gaillimhe tréigthe agus Sean-Pháraic ina aonar Lá Fhéile Pádraig

[/live]

[live id=”12fd94″ datetime=”2020-03-18T11:59:44+00:00″]

Tá comhairle curtha ar fáil chomh maith ag Údarás na Gaeltachta do na heagrais forbartha pobail a thagann faoina scáth.

“Beidh Aonad Forbartha Pobail Údarás na Gaeltachta agus feidhmeannaigh an Údaráis ar fáil mar is gnáth, ar an bhfón agus ríomhphost, do na heagrais forbartha pobail. Is féidir cruinnithe a eagrú ar líne nó ar an bhfón, ach tá muid ag moladh faoi láthair nach mbeadh cruinnithe á reáchtáil ar an láthair,” a dúradh i ráiteas an Údaráis. 

Dúradh go raibh plé déanta ag Údarás na Gaeltachta leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun a chinntiú go mbeidh “sruth airgid” ar fáil do na heagrais “ar an ngnáthbhealach sna seachtainí romhainn”.

[/live]

[live id=”e5a6ec” datetime=”2020-03-18T11:10:28+00:00″]

‘Bheadh sé díchéillí dar leo na páistí a ligean ar scoil’ – Stormont faoi scáth an choróinvíris

[/live]

[live id=”b65bbd” datetime=”2020-03-18T11:42:22+00:00″]

Plean tacaíochta agus eolais fógartha ag Údarás na Gaeltachta

Tá plean tacaíochta agus eolais fógartha ag Údarás na Gaeltachta “chun tacú le pobal agus gnóthaí na Gaeltachta le linn na tréimhse rabhaidh seo”.

Dúradh i ráiteas ón Údarás go bhfuil brú mór ar na comhlachtaí, na heagrais forbartha pobail agus na scéimeanna fostaíochta sóisialta a thagann faoina  gcúram mar gheall ar scaipeadh an ghalair Covid-19.

Seo na deontais atá fógartha ag eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Deontas Bí Réidh – Tá an Deontas Bí Réidh ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun tuilleadh taighde a dhéanamh nó saineolas seachtrach a fháil chun plean teagmhais a ullmhú maidir le conas dul i ngleic le Covid-19. €5,000, nó 50% den chostas iomlán,atá i gceist.

Gníomhaigh ar Thionscnaíocht 

Tá an tseirbhís seo á tairiscint do chomhlachtaí de chuid an Údaráis a mbíonn i mbun easpórtála. Dhá lá comhairleoireachta atá i gceist i dtrí réimse gnó; Bainistíocht Airgeadais, Foinsiú Straitéiseach agus Iompar agus Lóistíocht.

Scéim Mheantóireachta 

Cuireann an scéim seo tacaíocht ar fáil chun meantóir gnó a fháil chun cuidiú le comhlachtaí plean a chur le chéile.

Airgead i bhFócas 

Deontas suas le €7,200 é chun táillí comhairleoireachta maidir le plean airgeadais agus gnó a íoc.

Dúradh i ráieas an Údaráis go rabhthas “ar fáil i gcónaí chun réimse tacaíochtaí agus comhairle a chur ar fáil chun an tionchar a bheidh ag an gCorónvíreas Covid-19 a mhaolú chomh maith agus is féidir”. 

An chomhairle is mó a bhí ag eagraíocht ná “monatóireacht leanúnach agus ghéarchúiseach” ar threoracha na n-údarás sláinte, an Rialtais agus na gCoimisinéirí Ioncaim.

[/live]e]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Scéal an Lae’ i nGaeilge do na páistí sa mbaile'