Craobh peile na hÉireann curtha siar agus cluiche peile na Gaillimhe i Nua-Eabhrac curtha ar athlá

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna go bhfuil an cluiche a bhí le bheith ann i Nua Eabhrac ar an 3 Bealtaine curtha siar de bharr na héiginnteachta a bhaineann le paindéim an ghalair Covid-19

Craobh peile na hÉireann curtha siar agus cluiche peile na Gaillimhe i Nua-Eabhrac curtha ar athlá

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go gcuirfear siar tús Chraobh Shinisr Peile na hÉireann agus an chéad chluiche sa chomórtas, idir Gaillimh agus Nua-Eabhrac, curtha ar athlá.

Bhí na foirne le haghaidh a thabhairt ar a chéile i Nua-Eabhrac sa chéad bhabtha de Chraobh Shinsir Peile Chonnacht ar an 3 Bealtaine ach tá an cluiche curtha siar de bharr na héiginnteachta a bhaineann le paindéim Covid-19.

Dúirt CLG go ndéanfaidh siad cinneadh amach anseo faoi cén uair a imreofaí an cluiche.

Dúradh chomh maith gur dócha go dtiocfaidh athrú ar an séasúr uile de bharr scaipeadh an ghalair Covid-19.

Mar shampla, bhí sé i gceist tús a chur le Corn Tailteann an samhradh seo ach ní fhéadfaí sin a dhéanamh mura gcríochnófaí na comórtais sraithe.

D’fhógair CLG an tseachtain seo caite go raibh siad ag cur stop le cluichí agus le traenáil ag gach leibhéal ar fud na tíre go dtí an 29 Márta.

Is beag seans go gcuirfear tús le cluichí CLG go ceann tamaill eile. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh.

Fág freagra ar 'Craobh peile na hÉireann curtha siar agus cluiche peile na Gaillimhe i Nua-Eabhrac curtha ar athlá'