‘Ní raibh leanúnachas ar bith sna teachtaireachtaí ón rialtas’ -dúnadh scoileanna an Tuaiscirt fógartha

D’fhógair Boris Johnson go raibh scoileanna na Ríochta Aontaithe le dúnadh Dé hAoine in iarracht moill a chur le scaipeadh Covid-19

‘Ní raibh leanúnachas ar bith sna teachtaireachtaí ón rialtas’ -dúnadh scoileanna an Tuaiscirt fógartha

Tá scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh Dé Luain de bharr scaipeadh an ghalair Covid-19 agus beidh siad dúnta nó go ndéarfar a mhalairt.

D’fhógair Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster agus Michelle O’Neill an méid sin tráthnóna agus iad faoi bhrú mór le tamall na scoileanna a dhúnadh mar atá déanta ó dheas.

D’fhógair Boris Johnson go raibh scoileanna na Ríochta Aontaithe le dúnadh Dé hAoine in iarracht moill a chur le scaipeadh Covid-19.

Sé cinn de chásanna nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh inniu. 68 cás den ghalar atá deimhnithe sa Tuaisceart anois.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar cheana gur víreas é Covid-19  “atá dall ar theorainneacha” agus go raibh sé níos deacra dul i ngleic leis an ngalar toisc dhá dhlínse a bheith in Éirinn.

Ghlac go leor príomhoidí sa Tuaisceart an cinneadh scoileanna a dhúnadh as a stuaim féin roimhe seo. 

Dúirt Aingeal Nic an tSábhaisigh, Príomhoide Bhunscoil Bheanna Boirche, gaelscoil i gCaisleán Uidhilín, i gContae an Dúin, le Tuairisc.ie gur chinn sí an scoil a dhúnadh an tseachtain seo “ar mhaithe le sábháilteacht na ndaltaí agus na foirne”. 

Dúirt príomhoide na bunscoile lán-Ghaeilge go raibh laethanta foirne á n-úsáid an tseachtain seo chun an scoil a choinneáil dúnta i ndiaidh na féile Pádraig, amhail “formhór na scoileanna sa Tuaisceart an tseachtain seo”. 

“Bhí sé iontach doiligh a bheith ag plé leis an neamhchinnteacht a bhain le dúnadh na scoileanna agus bhí príomhoidí i mbun fiosruithe iad féin le tamall de laethanta anuas le fáil amach faoi na cásanna eisceachtúla ina bhféadfaidís na scoileanna a dhúnadh. 

“Tá múinteoirí agam atá i measc an dreama atá leochaileach agus ar cheart dóibh a bheith cúramach. Tá mise mar phríomhchúramóir ag mo thuismitheoirí atá sean agus ní raibh mé ag iarraidh an galar a thabhairt isteach chun an tí acu,” a dúirt Nic an tSábhaisigh. 

Dúirt an príomhoide go raibh sé curtha in iúl ag “go leor” tuismitheoirí nach mbeadh a gcuid páistí á gcur chun na scoile acu mar gheall ar scaipeadh an choróinvíris agus ghabh siad buíochas léi mar gheall ar an chinneadh an scoil a dhúnadh roimh fhógra Stormont. 

“Ní raibh leanúnachas ar bith sna teachtaireachtaí a bhí ag teacht ón rialtas anseo. Tá siad ag rá le daoine obair ón bhaile agus fanacht amach óna chéile.

“Bhí cruinniú agus seisiún traenála curtha ar ceal i gceannáras na Roinne Oideachais. Níor mhaith leo go dtiocfadh múinteoirí a fhad leo ach ag an am céanna bhí siad ag iarraidh ar fhoireann na scoile a bheith ag déileáil leis na daltaí, na tuismitheoirí agus cibé duine eile a thagann isteach i suíomh na scoile.” 

Idir an dá linn, d’fhógair na bancanna inniu beartais nua chun tacaíocht a thabhairt do lucht gnó agus do chustaiméirí atá buailte ag paindéim Covid-19. I measc na mbeartas sin tá sos íocaíochta, imeachtaí cúirte a chur ar athlá agus tacaíocht ó thaobh caipiteal oibre a chur ar fáil.

Fógraíodh na bearta seo tar éis cruinniú a bhí ag príomhfheidhmeannaigh na gcúig phríomhbhanc miondíola agus a ngrúpa ionadaíoch, Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann leis an Aire Airgeadais, Paschal Donohue.

Gheall na bancanna, AIB, Banc na hÉireann, KBC, Permanent tsb agus Banc Uladh, go n-oibreoidís as lámha a chéile lena chinntiú go mbeadh pleananna ullamh ionas go bhféadfaí leanúint ag soláthar seirbhísí agus go mbeifí ábalta freastal ar riachtanais thábhachtacha.

Dúradh freisin go ndéanfaí an sos íocaíochta a athbhreithniú go rialta de réir mar a bheadh an scéal faoi Covid-19 ag dul ar aghaidh. Ba mhian leis na bancanna, a dúradh, a chinntiú nach ndéanfaidh iarratas ar shos íocaíochta de bharr Covid-19 aon dochar do thuairisc creidmheasa an chustaiméara.

Fág freagra ar '‘Ní raibh leanúnachas ar bith sna teachtaireachtaí ón rialtas’ -dúnadh scoileanna an Tuaiscirt fógartha'