Siamsán sa mBaile – siamsaíocht as Gaeilge agus duaiseanna go leor do na páistí sa mbaile!

Cuirfear tús maidin amárach le Siamsán sa mBaile sraith nua atá á cur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Tuairisc.ie le siamsaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh fad is a bheidh na páistí sa mbaile ón scoil. #tiocfaimidslán

Siamsán sa mBaile – siamsaíocht as Gaeilge agus duaiseanna go leor do na páistí sa mbaile!

Tá sraith nua á cur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Tuairisc.ie le siamsaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh fad is a bheidh páistí sa mbaile ón scoil agus imeachtaí pobail curtha ar athlá le dul i ngleic le scaipeadh an víreas corónach. Seans go bhfuil cur amach ag teaghlaigh cheana féin ar Siamsán na nÓg ócáidí pobail do theaghlaigh a eagraíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta,” a deir Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí na heagraíochta. Tá ‘Siamsán sa mBaile’ bunaithe air sin – ach go mbeidh an tsiamsaíocht ar bun ag an teaghlach, astu féin, sa mbaile.

Foilseofar gníomhaíocht amháin in aghaidh an lae ar Tuairisc.ie –Tráth na gCeist, leathanaigh dathúcháin, tóraíocht taisce, gníomhaíochtaí bácála agus go leor eile. Tabharfar cuireadh do theaghlaigh na gníomhaíochtaí a dhéanamh sa mbaile, agus ní obair in aisce a bheidh ann ach oiread mar go bhfuil duaiseanna iontacha curtha ar fáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Beidh deis ag gach aon teaghlach cur isteach ar na comórtais laethúla. 

Mar chuid den togra seo beidh an mana ‘Tiocfaimid Slán’ in úsáid ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le linn na tréimhse a mbeidh na srianta pobail i bhfeidhm, agus cúis faoi leith leis an mana céanna.

Moltar dúinn, mar thuismitheoirí, bheith dearfach leis na páistí le linn thréimhse na srianta pobail. Níor tharla a leithéid seo riamh cheana dúinn féin, ní áirím do na páistí agus mar sin dfhéadfadh go mbeidís ag déanamh imní faoi chúrsaí,a deir Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tiocfaimid Slán, an mana atá roghnaithe, féachaint le misneach a thabhairt do dhaoine óga agus le cur ina luí orthu go bhfuil gá leis na srianta ach go mbeidh cúrsaí mar is ceart arís.

Cuirfear tús ar Tuairisc.ie maidin amárach le Siamsán sa mBaileagus leanfar leis go dtí an 29 Márta ar a laghad.

Tiocfaimid slán! 

Fág freagra ar 'Siamsán sa mBaile – siamsaíocht as Gaeilge agus duaiseanna go leor do na páistí sa mbaile!'