‘Bheadh sé díchéillí dar leo na páistí a ligean ar scoil’ – Stormont faoi scáth an choróinvíris

Chomh maith leis an ngá le sláinte an phobail a chosaint, ní mór do Stormont a chruthú go bhfuil sé in ann dá chúram

‘Bheadh sé díchéillí dar leo na páistí a ligean ar scoil’ – Stormont faoi scáth an choróinvíris

Bhuel níor mhair sé sin i bhfad. Leáigh an chomhfhreagracht nua i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann ar nós sneachta samhraidh i bhfianaise an choróinvíris. Gealladh comhfhreagracht na comhaireachta sa mhargadh ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ i mí Eanáir ach díreach nuair a bhíothas ag fógairt nach raibh Stormont in ann ag gnó an RHI nochtadh a n-éagumas i leith an ghealltanais sin. Tá siad fós ar a bpromhadh ag an bpobal tar éis an fholúis a mhair trí bliana agus gá le muinín a chothú ina gcumas.

Dhá mhí tar éis athbhunú Stormont bhí easaontas oscailte idir an Chéad agus An LeasChéad-Aire agus ionadaithe Shinn Féin agus an DUP ag leadhbadh a chéile go poiblí. An chnámh spairne: ar cheart don Tuaisceart cloí le leagan amach rialtas na Breataine, mar a rinneadh, nó glacadh le cur chuige uile-oileáin i leith Covid-19 agus sampla rialtas na hÉireann a leanúint.

Bhí dúnadh na scoileanna agus institiúidí eile fógartha ag an Taoiseach, Leo Varadkar as Washington nuair a nocht Feidhmeannas Stormont plean difriúil, iad ag glacadh leis an gcomhairle as Londain. Sheas Arlene Foster agus Michelle O’Neill le chéile leis an bhfógra sin a dhéanamh. Ní raibh aon chaint ar easaontas cé gur bhain an plean difriúil geit as daoine agus gur léir gur údar aiféaltais a bheadh ann do Shinn Féin agus don SDLP nach mbeadh an cur chuige céanna ar dhá thaobh na teorann. Ní mó ná sásta a bhí an Chéad-Aire Foster nach bhfuair siad réamhscéala ó rialtas na hÉireann sular labhair an Taoiseach agus bhí údar aici; bhí na foirne thuaidh agus theas in ainm is a bheith i gcomhairle le chéile go seasta.

B’in Déardaoin an oíche sular foilsíodh tuarascáil an fhiosraithe phoiblí ar an RHI, an phraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite agus bhí roinnt daoine fós den bharúil go mbeadh an tuarascáil dian ar pholaiteoirí chomh maith le feidhmeannaigh. Nuair a bhailigh iriseoirí in Stormont maidin Dé hAoine chun amharc a fháil ar an tuarascáil sula bhfoilseodh an Breitheamh Coghlin í san iarnóin bhí port nua ag Michelle O’Neill, Sinn Féin. Ag teacht salach ar an bplean a fógraíodh níos lú na ceithre huaire fichead roimhe sin dúirt an LeasChéad-Aire nach raibh ciall ar bith le scoileanna taobh thuaidh den teorainn a bheith ar oscailt nuair a bhí cinn i bhfoisceacht cúpla mile dóibh, ó dheas den teorainn druidte. B’in í an chomhfhreagracht caite i dtraipisí agus níor tháinig Sinn Féin agus DUP i ngaobhar aontais faoin gceist uaidh sin ar aghaidh.

Dúirt an DUP, UUP agus Alliance sa bhFeidhmeannas go raibh siad ag gníomhú de réir na comhairle ó na saineolaithe leighis i mBéal Feirste agus i Londain. Oíche Dé Luain, thug siad an t-eiteachas arís d’éileamh na bpáirtithe náisiúnacha go ndúnfaí scoileanna láithreach. Bhí an cinneadh déanta ag roinnt scoileanna beag beann ar chur chuige Stormont.  Dúnadh deich gcinn de scoileanna speisialta, dúnadh cinn eile le glanadh ceart a dhéanamh orthu agus rinne go leor tuismitheoirí cinneadh a bpáistí a choinneáil sa bhaile. Ina theannta sin dhún roinnt tábhairní agus bialanna dá ndeoin féin mar nach raibh siad in ann a chinntiú go mbeadh daoine scoite amach a ndóthain óna chéile.

Dúirt tuismitheoir leis an gcolúnaí seo go raibh a dtriúr páistí á gcoinneáil sa mbaile aige féin agus a bhean. Bheadh sé díchéillí dar leo na páistí a ligean ag áit a mbeadh na céadta ag cruinniú ann agus is amhlaidh a bheadh sa scoil. Bhí a gcomharsana ar aon intinn leo a dúirt sé. Ní raibh siad cinnte ar ‘místuaim’ nó ‘idé-eolaíocht’ ba chionsiocair le seasamh Stormont ach cibé níor chothaigh sé muinín sna daoine seo.

Is iomaí duine eile a bhí amhrasach faoin éifeacht a bheadh ag cinneadh Stormont. Cé gur chosúil gur argóint idir aontachtaithe agus náisiúnaithe, ‘oráiste v glas’ a bhí sa bhFeidhmeannas, ní náisiúnaithe amháin a cheistigh a leagan amach. Tá a fhios ag an saol mór nach mbeidh a fhios againn go ceann i bhfad cén cur chuige is éifeachtaí in aghaidh an choróinvíris ach mar a dúirt an Dr Michael Ryan ón WHO ní tráth é seo le bheith ag fanacht ar chur chuige foirfe, tá géarghá le hobair fhiúntach anois.

Chomh maith leis an ngá le sláinte an phobail a chosaint ní mór do Stormont a chruthú go bhfuil sé os cionn a bhuille. Cé go raibh tuarascáil an Bhreithimh Coghlin faoi scannal an RHI leamh leadránach, dúirt sé go neamhbhalbh nach raibh Stormont oiriúnach dá fheidhm fad is a bhain sé leis an RHI. Ba é breithiúnas an Fhiosraithe go raibh an córas ar fad lochtach, easnamhach agus nach mbeadh sé inniúil dá chúram gan leasuithe ó bhonn. Bhí sé de mhí-ádh ar Stormont agus ar an bpobal gur tháinig an víreas chugainn anoir sula raibh deis acu a léiriú an raibh ciall ceannaithe agus iad ábalta comhoibriú le chéile ar son an leas coiteann. Ní dea-thuar é an t-easaontas ná an éiginnteacht atá cothaithe acu.

Fág freagra ar '‘Bheadh sé díchéillí dar leo na páistí a ligean ar scoil’ – Stormont faoi scáth an choróinvíris'