Is ait an tionchar atá ag scéal an choróinvíris ar earnáil na leabhar.
Ar lámh amháin, agus cuid mhór den domhan sáinnithe sa bhaile de bharr na ráige, tá níos mó leabhar á léamh ná mar a bhí leis na cianta Cairbreacha.
Ar an lámh eile, agus cuid mhór siopaí leabhar dúnta nó cosc ar dhaoine a gcuid tithe a fhágáil, ní féidir le daoine dul amach agus lón léitheoireachta a cheannacht.
Bhuel, ar ndóigh is féidir – ar líne. Oibríonn dlúthchara de mo chuid san Ísiltír le comhlacht idirnáisiúnta a dhíolann ríomhleabhair, agus deir sí liom go bhfuil ardú mór ar dhíolacháin an chomhlachta sin san Ísiltír le seachtain anuas – ach nach tada é i gcomparáid leis an ardú 50 faoin gcéad ar dhíolacháin an chomhlachta chéanna san Iodáil ó cuireadh an tír sin faoi ghlas.
Ag an am céanna, tá siopaí leabhar fisiciúla dúnta agus iad ag streachailt toisc go bhfuil siad dúnta nó toisc go bhfuil titim mhór ar líon na gcustaiméirí. Ní dhíolann an chuid is mó de na gnáthshiopaí leabhar ríomhleabhair agus ní cúiteamh ar an easpa custaiméirí fisiciúla iad díolacháin na ngnáthleabhar ar líne, mar a mhínigh Gráinne Ní Mhuilneoir ó An Siopa Leabhar dom i rith na seachtaine:
Céatadán den teacht isteach is ea an díolachán ar líne – a thacaíonn leis na horduithe lena bpléimid sa siopa (atá anois imithe go ceann coicíse ar a laghad). Bheadh míorúilt ag teastáil dúinne le go mbeadh an díolachán ar líne fiú gar don ghnó eile.
— An Siopa Leabhar (@ansiopaleabhar) March 13, 2020
Uair amháin in aghaidh na bliana a íoctar a gcuid dleachta le húdair agus ní chuirfidh scéal an choróinvíris isteach ar a dteacht isteach sa ghearrthréimhse mar atá sé ag cur isteach ar shiopaí leabhar. Mar sin féin, ní cúiteamh ar easpa díolachán gnáthleabhar a bheadh in ardú mór ar dhíolachán ríomhleabhar do scríbhneoirí ach an oiread. Is lú i bhfad na dleachta a íoctar le húdair as ríomhleabhair – i gcás na Gaeilge chomh maith.
Lena chois sin, tá scéal an choróinvíris ag cur as go mór do scríbhneoirí a bhfuil leabhar leo díreach foilsithe nó ar tí teacht amach; tá seoltaí agus imeachtaí ar ceal.
Ar ndóigh, ní hí earnáil na litríochta ná go deimhin na n-ealaíon i gcoitinne amháin atá thíos leis na dianbheartais atá á gcur i bhfeidhm ar fud an domhain d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an choróinvíris. Tá an tionscal turasóireachta agus taistil, bialanna, tithe tábhairne, fir agus mná spóirt agus oibrithe féinfhostaithe in go leor réimsí eile buailte chomh dona céanna.
Níl dabht ar bith faoi áfach ach go bhfuil ról ar leith ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile sa tsochaí: murach a gcuid sclábhaíochta ar feadh na mblianta ar bheagán pá bheadh chuile dhuine atá sáinnithe sa bhaile de bharr an choróinvíris ag dul glan as a meabhair. Gan dabht, tá meas mór tuillte ag oibrithe sláinte as beatha daoine a shábháil, ach nuair a bheidh an ráig seo thart ba cheart go dtabharfaí aitheantas – agus ní i bhfoirm an bhéalghrá amháin – do ról an ealaíontóra mar oibrí meabhairshláinte poiblí.
Idir an dá linn, is féidir le léitheoirí cúpla rud a dhéanamh chun cuidiú le scríbhneoirí agus oibrithe siopaí leabhar araon.
Má bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne, ceannaigh leabhair chlóite seachas ríomhleabhair más féidir.
Ceannaigh ó na foilsithitheoirí nó ó shiopaí leabhar fisiciúla iad (tá suíomhanna idirlín an-mhaith ag an gcuid is mó acu) seachas ó na mórdhíoltóirí idirlín.
Ceannaigh dearbháin leabhair.
Agus nuair a bheidh an ráig seo thart, déan creach ar an siopa leabhar is gaire do do chroí agus déan iarracht freastal ar chuile imeacht a eagróidh siad!
Fág freagra ar 'Anois a thuigtear ról an ealaíontóra agus an scríbhneora mar oibrí meabhairshláinte poiblí'