Údar conspóide ar dhá thaobh na teorann le gairid. I dTuaisceart Éireann thug beirt aitheanta teistiméireacht dea-charachtair d’fhear a ciontaíodh as mí-úsáid ghnéis. Tháinig an scéal sna sála ar an iomarbhá ó dheas faoin iartheachta Dála a thug teistiméireacht ar mhaithe le ciontóir gnéis eile i gcúirt i mBaile Átha Cliath. Páistí ab ea na híobartaigh sa dá chás.
Cén fáth a bhfuil glacadh leis an gcleachtas seo i gcásanna mí-úsáide gnéis; go háirithe mí-úsáid ar pháistí? Is léir go bhfeictear d’íobartaigh go bhfuiltear ag déanamh beag is fiú den íde a d’fhulaing siad. Ní cosaint ar an nós imeachta é na daoine a thugann teistiméireachtaí do chiontóirí a bheith ag rá nár mhian leo na híobartaigh a ghortú.
I bhfianaise a bhfuil tagtha chun solais abhus le mí anuas tá eagraíochtaí cabhrach agus lucht feachtais ó thuaidh ag éileamh go gcuirfí bac ar theastais dea-charachtair i gcás coireanna gnéis. Ta údar maith leis an éileamh.
Mí ó shin gearradh dhá bhliain príosúin agus deich mbliana ar chlár na gciontóirí gnéis ar iarmhúinteoir, William Lloyd Lavery, as sé chúis ionsaithe mígheanasacha ar cheathrar cailíní scoile i mBéal Feirste sna seachtóidí.
Bhí na cailíní trí bliana déag d’aois, iad ag freastal ar scoil Richmond Lodge agus Lloyd Lavery ina mhúinteoir staire acu. Dhruid an scoil blianta ó shin. Chaith Lloyd Lavery seal gearr ag teagasc i scoil eile agus bhí sé ag obair don UUP in Stormont ó 1998 go 2017.
Ciontaíodh Lloyd Lavery, atá 77 bliain d’aois, i mí Eanáir ach cuireadh siar a phianbhreith go dtí an 28 Aibreán chun ceisteanna sláinte a shoiléiriú. Ag fógairt an téarma príosúin mhol an breitheamh na mná, atá sna seascaidí anois, as péidifileach a thabhairt chun an dlí agus thug sé feall ar iontaoibh tromchúíseach ar iompar Lloyd Lavery. Thug na mná fianaise gur foghlaí gnéis ab ea an t-iarmhúinteoir a rinne dochar fadtéarmach dóibh.
I measc na gcionta a cluineadh sa gcúirt bhí crúbáil ar bhaill ghiniúna is ar bhrollach duine, gur chuir sé a lámh faoi sciorta duine agus go ndearnadh tóraíocht ar dhaltaí a scanraigh iad. Ní raibh a fhios ag aon duine acu faoi na híobartaigh eile ag an am. Cuireadh dhá chúis eile ar ceal le linn na trialach.
Shéan an cúisí na cionta go léir. Dúirt sé gur bréagadóirí iad na mná a bhí i mbun comhcheilge le chéile ina choinne ach chinn an giúiré go raibh sé ciontach. Ghoill an séanadh go mór ar na híobartaigh; dúirt duine acu gurbh ionann é agus a thuilleadh mí-úsáide.
Mar is gnách san tréimhse idir ciontú agus pianbhreith seoladh litreacha chun na cúirte. Ní hamháin go ndearna siad neamhshuim den íde ar na híobartaigh ach bhain siad croitheadh as dhá eagraíocht a bhfuil an-tábhacht leo i leith riar na córa agus as scátheagraíocht na bparaimíleatach dílseach.
Coimisinéir Cjearta an Duine agus Príomhfheidhmeannach Chumann Dlí Thuaisceart Éireann is ea David Lavery. Col ceathrar le Lloyd Lavery is ea é agus is ina cháil phearsanta a scríobh sé teistiméireacht don gciontóir. Dúirt sé gur chuir sé aithne phroifisiúnta air in Stormont nuair a bhí sé féin ina rúnaí príobháideach ag David Trimble, an Chéad-Aire ag an am.
B’fhacthas dó go raibh ardmheas ar Lloyd Lavery, gur Chríostaí é a bhí pósta go sona le beirt chlainne fásta. D’iarr sé go ngabhfadh an chúirt bog air i ngeall ar a aois, an t-achar ama ó tharla na cionta agus toisc gur léir nár bhaol go gciontódh sé arís.
Tháinig an scéal gur scríobh a bpríomhfheidhmeannach an teastas aniar aduaidh ar na habhcóidí. Léirigh roinnt a míshástacht agus tá ceisteanna fós acu. Sé an scéal céanna é ag Coimisiún Chearta an Duine Tuaisceart Éireann a chuir dlús le próiseas foirmeálta faoin gceist ‘thromchúiseach’. Dúradh go raibh tábhacht thar na bearta leis go gcosnófaí daoine a d’fhulaing foréigean agus mí-úsáid ghnéis.
D’achainigh David Campbell, Cathaoirleach Chomhairle na bPobal Dílseach, scátheagraíocht na bparaimíleatach, an LCC, go rachfaí bog ar Lloyd Lavery. Dúradh go raibh brú fola chomh hard sin air go gcuirfeadh téarma i bpríosún a bheatha i mbaol. Mar iarchathaoirleach ar an UUP bhí aithne ag Campbell ar an gciontóir le scór go leith bliain óna thréimhse in Stormont agus níor chuala sé tada ariamh a chothódh amhras faoina iompar.
I ndiaidh fhógra na pianbhreithe, sheas Campbell lena theastas agus dúirt go raibh na cionta ‘ar leibhéal íseal’. Tamall gearr ina dhiaidh sin, i ndiaidh luaidreáin go raibh alltacht ar na dílseoirí, d’athraigh sé a phort agus dúirt nár mhór íobartaigh a chosaint i gcónaí.
Léirigh na teastais sin an laige a bhaineann leis an gcleachtas. Céard a bhí a fhios ag na fir sin faoi iompar Lloyd Lavery i leith cailíní a bhí faoina údarás? Ar smaoinigh siad ar an éagothroime, gan trácht ar chumas an fhoghlaí ghnéis chun cuma na maitheasa a chur air féin – do gach duine ach a íobartach. Tá sé thar am cosc nó srianta dochta a chur ar theistiméireachtaí faoi charachtar.
Fág freagra ar 'Tá sé thar am cosc nó srianta dochta a chur ar theastais do chiontóirí'