Tá na garpháistí agam ar an Skype agus Tuairisc.ie agam le mé féin a choinneáil Gaelach

Faoi chuibhriú i gConamara atá ár gcolúnaí agus é ag tabhairt aire na gloine dó féin

Tá na garpháistí agam ar an Skype agus Tuairisc.ie agam le mé féin a choinneáil Gaelach

Tá mé anseo i mo shuí cois teallaigh ag éisteacht le tuairiscí scanrúla ar Raidió na Gaeltachta faoin víreas damanta sin atá ag spré ar fud an domhain.

Níl mé chomh teanntaithe is go bhféadfaí a rá go bhfuil dianghlasáil déanta orm. Sin é an focal nua atá tugtha air.

Cuibrithe atá mé a dúirt beirt léannta ar Gaeilgeoirí ó dhúchas iad. Thiocfainn leo: níl mé sáinnithe fós.

Tá mé ag tabhairt aire na gloine dhom féin. Go deimhin níl clóic ar bith orm.

Tá morc mór tine thíos agam de thogha na clochmhóna a bhain mé féin agus mo chara Tomás ar phortach Sheanadh Mhuire.

Ar neamhchead don Chomhaontas Glas a bhain muid í.

Tá neart bia sa gcuisneoir, cé nach bhfuil muid ag ceannach amhail is dá mbeadh gorta mór ar an mbealach freisin. Scaollcheannach an focal nua air sin.

Tá dhá nuachtán laethúla agus nuachtán Domhnaigh ar fáil agam ar an idirlíon. Tá Tuairisc.ie agam le mé féin a choinneáil Gaelach.

Is féidir liom a rá le fírinne go bhfuil mé chomh seascair le luichín i stáca.

Is minic a dúirt mé nach ngoillfeadh téarma i bpríosún orm an fhad is a bheadh leabhra agus nuachtáin agam ann.

An t-aon rud a airíonn mé féin agus mo bhean chéile uainn go mór cuairteanna rialta ár ngarpháistí. Ar an Skype a labhrann muid leo anois, cé nach bhfuil beirt acu ach dhá chiliméadar déag siar an bóthar uainn.

Tá mise chomh sean agus gur cheart go gcuimhneoinn ar Fhliú Hong Cong a thosaigh sa mbliain 1968. Ach ní chuimhním air beag ná mór. Chaithfeadh sé nach ndeachaigh sé i bhfeidhm orm ar chor ar bith.

Ní raibh sé chomh dona leis an ruaig atá buailte anois orainn ach mharaigh sé dhá mhilliún ar a laghad mar sin féin.

Bíodh is gur i Hong Cong a thosaigh sé rinne lucht síolteagaisc anseo san Iarthar iarracht an milleán a chur ar na Sínigh, an rud céanna a dhéanann Donald Trump sa lá atá inniu ann.

Bronntanas ó Mhao-tse-tung a thug duine de na Tráchtairí Móra ar Fhliú Hong Cong ag an am.

Rinne lucht leighis a ndícheall mar is gnáth agus ar ndóigh cuireadh leigheasanna baile chun cinn freisin.

Dúirt fear amháin nach raibh cinneadh ar bith le oinniúin fhuara leis an bhfliú a leigheas. Gairleog ab fhearr a dúirt fear eile. Ná bac leo sin a dúirt an tríú duine, ach tabhair an leaba ort féin agus faigh duine eicínt a dhéanfas anraith dhuit a mbeidh glóthach crúb lao curtha tríd.

Glóthach crúb lao, arsa tusa, cé a d’ íosfadh é sin? Is cosúil go bhfuil daoine ann a gheobhadh blas na meala ar gach greim den ghlóthach chéanna.

Níl a fhios agam an bhfuil daoine ag pógadh a chéile fós ar an aimsir seo? Tarraingíodh anuas é sin nuair a bhí Fliú Hong Cong i Veiniséala.

Comhairlíodh do mhná óga póga a dhiúltú. Comhairle a bhí inti nach raibh aon ghlacadh ag na mná óga léi: is fánach an chaoi a gcaillfeá leannán ar fad le bheith chomh cosantach sin a dúirt siad.

Bhí colúnaí ar cheann de na nuachtáin anseo in Éirinn a mheas gur mhaith an sciath chosanta an fliú ag bean a bheadh ag cóisir agus a mbeadh rógaire óltach ag teacht róghar di. Ní bheadh uirthi ach fógairt air go raibh an fliú tolgtha aici.

Tá rud amháin cinnte agus is é sin go gcuirfidh an víreas atá againn anois athrú mór ar chúrsaí. Beidh ómós níos mó don stát feasta.

Cuimhnigh ar an ráiteas a rinne Ronald Reagan nuair a bhí sé féin agus Maggie Thatcher in aon bhun amháin: “Níl focla is uafásaí sa teanga Bhéarla ná ‘is as an rialtas mise agus tá mé anseo le cabhrú leat’,” a dúirt sé.

Ní shin é an cineál cainte atá daoine ag iarraidh a chloisteáil anois.

Anseo i bparóiste Charna tá athruithe eile le tabhairt faoi deara cheana féin. Bíonn Nuacht an Iarthair á chraoladh anois agus aríst ar Raidió na Gaeltachta as ionad G-tech i Roisín na Mainiach.

An lá faoi dheireadh chonaic mé siopadóir ag luchtú earraí i veain le tabhairt thart chuig a chuid custaiméirí.

Ar an idirlíon a íocadh iad.

Nach iontach go deo an t-athrú ar an saol é?

Fág freagra ar 'Tá na garpháistí agam ar an Skype agus Tuairisc.ie agam le mé féin a choinneáil Gaelach'

  • Larry Phelan

    Tabhair aire duit féin a Joe, agus bí ag scríobh leat, t’altanna agus do thuiscint ar an saol ina gcúnamh ar an aimsir neamhchoitianta seo.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh mile maith agat, a Larry. Is mór an t-údar misnigh é an t-aitheantas.