FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Na chéad mholtaí léitheoireachta ó Alan Titley…

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Na chéad mholtaí léitheoireachta ó Alan Titley…

Más duine tú nach gnách leat leabhar a léamh seachas ar an trá ar an gCosta del Chraiceann, bfhéidir gurbh fhearr tosnú le rud éigin gairid, gonta, inléite, inspéise nach bhfuil ach breis bheag agus 100 leathanach ann. Is féidir, ar ball, gluaiseacht faoi dhéin Scéal na hIománaAisling Ghéar. Tá aithne ar Mhicheál Ó Conghaile mar fhoilsitheoir go príomha, ach ceileann an t-aitheantas sin go minic a chumas mar scríbhneoir. Bhain Diabhlaíocht Dé gáire asainn, agus machnamh chomh maith, ach is é Sa Teach Seo Anocht an t-úrscéal is déanaí uaidh (CIC €10.00).

Ba chirte úrscéilín nó úrscéalóg a thabhairt air, ach laistigh de sin cuimsíonn sé saol iomlán duine nach foláir dó a theach a thréigean. Is é tréigean an tí sin agus an chúis atá leis is bun leis an leabhar. Is geall le monalóg cuid mhór den insint, insint atá sa chéad phearsa, ina nochtann sé a chás.

Is amhlaidh go bhfuil an pósadh a bhí aige tite as a chéile, ach ní de dhroim oíche. Níl raic ná aighneas i gceist ach gur éirigh sé ‘stálaithe. Is é croí an scéil ná an mac atá aige, mac ceistitheach, fiafraitheach nach foláir dó dul i ngleic leis, a chás a mhíniú, a chás a chur i gcéill, i bhfriotal. Tá an friotal sin uaidh féin caoin, séimh, moiglí, a dhéanann an scéal féin mothálach, truamhéalach agus solasmhar in éineacht.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Na chéad mholtaí léitheoireachta ó Alan Titley…'