Boris Johnson á leithlisiú féin i Sráid Downing agus é buailte ag Covid-19

Dúirt Príomh-Aire na Breataine go leanfadh sé air ‘mar cheannaire’ ar fheachtas a Rialtais i gcoinne an víris

Boris Johnson á leithlisiú féin i Sráid Downing agus é buailte ag Covid-19

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson  buailte ag an gcoróinvíreas.

D’fhógair aire sláinte na Breataine Matt Hancock chomh maith inniu go raibh an galar tolgtha aige.

Dúirt Johnson ar maidin go leanfadh sé air “mar cheannaire” ar fheachtas a Rialtais i gcoinne an víris.

Dúirt Johnson go raibh teocht ard aige agus nach raibh stopadh air ach ag casacht.

Fógraíodh ar maidin go raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh ar Johnson do Covid-19, an víreas a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing go raibh siomptóim éadroma inné ar Phríomh-Aire na Breataine agus gur cuireadh tástáil air ina dhiaidh sin don choróinvíreas “ar chomhairle phearsanta” Phríomh-Oifigeach Leighis Shasana, an tOllamh  Chris Whitty.

Rinne baill foirne den NHS an tástáil ag Uimh. 10 agus bhí toradh dearfach uirthi.

Dúirt aire sláinte na Breataine Matt Hancock gur siomptóim éadroma a bhí air sin chomh maith agus go raibh sé ag fanacht amach ó dhaoine eile agus ag obair ón mbaile.

De réir na dtreoracha, tá an Príomh-Aire á choinneáil féin amach ó dhaoine i Sráid Downing.

Idir an dá linn, tá breis is 4,800 duine le Covid-19 básaithe sa Spáinn agus líon níos airde básanna anois á thuairisciú sa tír sin ná mar atá san Iodáil féin, an tír is measa atá buailte ag an ngalar a bhfuil an domhan mór ina chíor thuathail aige. 769 duine eile a bhásaigh sa Spáinn le lá anuas, an líon is mó daoine a fuair bás in aon lá amháin sa tír sin. 4,858 duine atá básaithe sa Spáinn go dtí seo de bharr an choróinvíris, an líon is mó in aon tír seachas an Iodáil.

8,000 cás nua den ghalar a fógraíodh sa Spáinn, ach dealraíonn sé go bhfuil an ráta fáis maidir le cásanna nua ag ísliú de bheagán.

 

Fág freagra ar 'Boris Johnson á leithlisiú féin i Sráid Downing agus é buailte ag Covid-19'