AR SCÁTH A CHÉILE:  Baile an Droichid Joe Steve le craoladh arís chun ‘ardú croí’ a thabhairt d’éisteoirí RnaG

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”464226″ datetime=”2020-03-26T15:54:57+00:00″]

Baile an Droichid Joe Steve le craoladh arís chun ‘ardú croí’ a thabhairt d’éisteoirí RnaG

Baile an Droichid, sraithdhráma mór-ráchairte le Joe Steve Ó Neachtain, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta idir 1987-1997, le craoladh arís ar an stáisiún Gaeilge ón Domhnach beag seo ar aghaidh.

Duine de laochra shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann ab ea an scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain, fathach na Cré Duibhe.

D’fhág a bhás mí Eanáir na bliana seo pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge faoi scamall bróin.

Dúirt urlabhraí ó Raidió na Gaeltachta go raibh “an-tóir go deo” ar Baile an Droichid nuair a craoladh den chéad uair é agus gur mian leo “ardú croí” a thabhairt dá gcuid éisteoirí.

“Tá géarghá againn uilig le hardú croí sna laethanta corraitheacha seo sa domhan, is tráthúil anois go mbeidh deis eile ag an bpobal aithne a chur ar charachtair Bhaile an Droichid.

“Rinne an dráma cur síos cuimsitheach ar shaol phobal beag Gaeltachta i gConamara ag an am.  Tugadh léargas coinsiasach, tuisceanach ar na dúshláin a bhí le sárú ag pobal an bhaile sin, trí chaint nádúrtha na gcarachtar a chruthaigh Joe Steve agus, cé go mbíodh téamaí troma á bplé go minic, bhí an greann fite fuaite sa tsraith ar fad.”

Ba iad Joe Steve Ó Neachtain, Josie Ó Cualáin, Máire Phíotair Uí Dhroighneáin, Seán Ó Drisceoil, Máirín Uí Neachtain, Máire Ní Mháille, Seán Leainde, Máirtín Óg Ó Cualáin, Mícheál Mac Con Iomaire agus Caitlín Uí Chonghaile na príomhaisteoirí a bhí sa dráma.  Ba iad Máirtín Jaimsie agus Máirtín Ó Fátharta a léirigh an tsraith.

Craolfar an chéad dá mhír den dráma Baile an Droichid Dé Domhnaigh,  agus beidh athchraoladh ann gach Déardaoin ag 2pm. Beidh sé le fáil freisin ar an Seinnteoir Raidió ar líne, ar an aip, agus ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta.

[/live]

[live id=”12c25f” datetime=”2020-03-26T15:41:15+00:00″]

An gearrscannán Gaeilge Rúbaí ar fáil don lucht féachana sa bhaile

Tá an gearrscannán Gaeilge Rúbaí, a thuill go leor gradam, curtha ar fáil ar líne don lucht féachana sa bhaile ag RTÉ agus Screen Ireland.

Scannán gleoite faoi chailín beag atá i mbun ullmhúcháin dá céad chomaoineach é Rúbaí, Ba í Louise Ní Fhiannachta a stiúir agus Antoin Beag Ó Colla a scríobh.

Bíonn an sagart paróiste, an múinteoir agus a máthair bhocht cráite ag Rúbaí, nuair a fhógraíonn sí gur aindiachaí í agus nach mian léi a céad chomaoineach a dhéanamh ar chor ar bith.

Doireann Ní Fhoighil as Indreabhán i gConamara atá i bpáirt Rúbaí sa ghearrscannán seo a seoladh den chéad uair seacht mbliana ó shin.

[/live]

[live id=”a45875″ datetime=”2020-03-26T10:21:40+00:00″]

Céard faoin bhfoghlaimeoir ardleibhéil bocht sa mbaile? Tá ábhar ag aistear.ie dó…

Tá roinnt mhaith moltaí á scaipeadh maidir le hábhar Gaeilge do na páistí agus na daltaí scoile atá sáinnithe ag baile, ach cad faoin bhfoghlaimeoir a bhfuil píosa fada den aistear foghlama curtha de aige? Bheul, tá ábhar nua dósan curtha leis an áis oiliúna aistear.ie. Orthu siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna scríofa sa Ghaeilge le linn na géarchéime atá an t-ábhar nua seo ar an suíomh den scoth seo.

Is é an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn eagarthóir an tsuímh agus é mar aidhm ag aistear.ie cabhrú le daoine cleachtadh a fháil ar an aistriúchán agus ar an eagarthóireacht.

Tá cleachtadh nua curtha leis an rannóg ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ ar an suíomh le deireanaí.

Tá na nótaí agus freagraí a bhaineann leis an gcleachtadh ar fáil chomh maith.

Is ar aistritheoirí, eagarthóirí agus foghlaimeoirí ardleibhéil atá an t-ábhar dírithe.

[/live]

[live id=”67a8e2″ datetime=”2020-03-26T10:17:37+00:00″]

Crosfhocail Gaeilge ar fáil ar líne

Tá acmhainn nua ar líne dóibh siúd atá ag iarraidh an t-am a mheilt agus iad sáinnithe sa teach na laethanta seo.

Tá an suíomh crosfhocail.ie cruthaithe ag Eoghan Mac Cormaic i gcomhpáirt le Glór na nGael chun crosfhocail Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.

Tá crosfhocail ann do dhaoine fásta agus do dhaoine óga agus tá sé i gceist cinn nua a chur ar an suíomh gach lá. Cuirfear freagraí chrosfhocal an lae ar fáil lá arna mhárach.

Tá sé i gceist chomh maith sraith cuardach focal do pháistí bunscoile a thosú ar an suíomh an tseachtain seo chugainn.

[/live]

[live id=”1263e9″ datetime=”2020-03-26T05:44:46+00:00″]

Fear an ‘Phoitín’ as Conamara iompaithe ar dhéantús an díghalráin lámh

Tá poitín á úsáid chun díghalrán lámh a dhéanamh agus driogaire as Conamara ag iarraidh cuidiú leis an iarracht dul i ngleic leis an nganntanas díghalrán atá ann de bharr na géarchéime sláinte i láthair nua huaire.

Tá cinneadh déanta ag Pádraic Ó Griallais, bunaitheoir Micil Poitín, úsáid a bhaint as a dhrioglann chun díghalrán lámh a dhéanamh agus é a sholáthar d’eagraíochtaí sláinte agus carthanachta.

Poitín agus jin a bhíonn á ndéanamh ag Griallais ina dhrioglann i mBóthar na Trá i gcontae na Gaillimhe ach tá cead faighte aige ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an díghalrán a dhéanamh.

Tá Ó Griallais in ann úsáid a bhaint as an trealamh atá aige cheana féin chun an díghalrán lámh a dhéanamh agus beidh poitín nó alcól eile i measc na gcomhábhar.

“Bhraith muid go raibh leor eagraíochtaí, go háirid eagraíochtaí carthanachta, i dtrioblóid mar go raibh an ganntan sin ann faoi láthair,” a dúirt Ó Griallais agus é ag labhairt le TG4.

“Rinne muid cinneadh, ós rud é nach mbeadh muid fhéin ag plé le haon phoitín ná jin as seo go ceann roinnt seachtainí, go gcuirfeadh muid ár n-iarrachtaí agus ár gcuid fuinnimh isteach anseo ar mhaithe leis na daoine atá á n-iarraidh”

Buidéil a fháil an fhadhb is mó a bhí ag an driogaire go dtí seo ó déantar an-chuid acu sa tSín ach deir Ó Griallais go bhfuil súil aige go mbeidh sé in ann buidéil atá déanta in Éirinn a úsáid.

Níl sé i gceist ag Ó Griallais aon bhrabach a dhéanamh ar an táirge seo agus deir sé go ndíolfar an dílghalrán ar bhunphraghas.

Tá suim léirithe ag eagraíochtaí amhail Cancer Care West agus Clann Shíomóin sa táirge cheana féin agus tá súil ag Ó Griallais go mbeidh an chéad bhaisc ar fáil an tseachtain seo chugainn.

Má bhíonn fuílleach aige, cuirfear an díghalrán lámh ar fáil don phobal.

Tá Drioglann an Daingin ar cheann de na drioglanna eile ar fud na tíre a bhfuil an togra céanna ar bun acu.

[/live]

[live id=”656903″ datetime=”2020-03-26T05:44:43+00:00″]

LITIR as ALBAIN: Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair – an ciúnas roimh an anfa

[/live]

[live id=”cec141″ datetime=”2020-03-26T05:44:46+00:00″]

‘Má fheicim é, beidh mé in ann high-five sciobtha a thabhairt dhó?’

[/live]

[live id=”169624″ datetime=”2020-03-26T05:44:46+00:00″]

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: A scéal féin inste ag Claire Byrne meitheal nuachta TG4 ar a mbarraicíní chomh maith le duine

[/live]

[live id=”5625ea” datetime=”2020-03-26T05:44:46+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 8!

[/live]

[live id=”8412f9″ datetime=”2020-03-26T05:43:46+00:00″]

An dóchas agus an t-uamhan ‘dáilte ar an uile dhuine beo’ – dán nua d’aimsir na géarchéime

[/live]

[live id=”ae21ff” datetime=”2020-03-26T05:42:46+00:00″]

An fiabhras fealltach a chuir scaoll i muintir Chonamara céad bliain ó shin

[/live]

[live id=”02774e” datetime=”2020-03-26T05:4o:46+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 25

[/live]

[live id=”ff028f” datetime=”2020-03-25T09:27:19+00:00″]

Dé Máirt, Márta 24

[/live]

[live id=”3ceb78″ datetime=”2020-03-24T05:06:45+00:00″]

Dé Luain, Márta 23

[/live]

[live id=”ba0443″ datetime=”2020-03-24T05:04:46+00:00″]

Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21

[/live]

[live id=”840ab8″ datetime=”2020-03-24T05:03:45+00:00″]

Déardaoin, Márta 19

[/live]

[live id=”bca8fc” datetime=”2020-03-24T05:02:46+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 18

[/live]

[live id=”c45ac0″ datetime=”2020-03-24T05:00:45+00:00″]

Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE:  Baile an Droichid Joe Steve le craoladh arís chun ‘ardú croí’ a thabhairt d’éisteoirí RnaG'