Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal don aisteoir, scríbhneoir agus gníomhaí pobail Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é

Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis

Tá an scríbhneoir agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain, duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis.

Bhí sé tinn le tamall.

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil. 

D’fhág Joe Steve Ó Neachtain lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach. 

Cuireadh aithne air chomh maith ar fud na tíre mar gheall ar a pháirt mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún agus thug sé 21 bliain leis an sobaldráma Gaeltachta.

Joe Steve Ó Neachtain, Macdara Ó Fatharta agus Diarmuid Mac an Adhastair ag obair ar Ros na Rún

Fear Gaeltachta go smior ab ea é agus ba iad a mhuintir féin, a phobal féin agus a theanga féin ba ghaire dá chroí. 

“Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin,” a scríobh sé féin ina leabhar Fad Saoil.

Scríbhneoir ildánach ab ea é a scríobh drámaí, gearrscéalta, úrscéalta, filíocht, sceitseanna, amhráin, geamaireachtaí, scoraíochtaí agus agallaimh bheirte. 

Bhí cáil air chomh maith mar dhuine croíúil lách cuiditheach é agus bhí cion dá réir ag daoine i bhfad is i ngearr air.

Chomh maith leis sin, bhí sé ar dhuine de bheagán scríbhneoirí Gaeilge ar thuill a shaothar meas lucht critice agus an phobail araon. Cé gur bhall d’Aosdána é ó 2014 agus gur ghnóthaigh sé iliomad duaiseanna agus gradam, ina measc céim oinigh ó Coláiste na hOllscoile Éireann, Gaillimh, ba thábhachtaí aige féin breithiúnas an phobail ná breithiúnas na léirmheastóirí nó na moltóirí.

Agus ba mhór an meas a bhí ag an bpobal air.

Bhí tóir mhór ar a chuid leabhar a raibh go leor acu i measc na leabhar Gaeilge is mó díol lena linn agus is cinnte gur chuir sé go leor daoine ag léamh na Gaeilge nach léifeadh go deo í murach é.

Bhí an-tóir ag an bpobal chomh maith ar a chuid filíochta agus ar a chuid drámaí.

Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar Joe Steve Ó Neachtain ag Féile an Oireachtais 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí tóir mhór ag muintir na Gaeltachta, ar a dhráma raidió Baile an Droichid a craoladh idir 1986-1996 agus a bhuaigh Gradam Raidió Jacobs in 1992, agus bhí a dhráma Níor Mhaith Linn do Thrioblóid, mar shampla, ar cheann de na drámaí Gaeilge ba mhó a mheall lucht féachana riamh.

Bhí an saibhreas teanga ina chomhartha sóirt ar a shaothar go léir agus ba dhuine de na cainteoirí dúchais is cumasaí sa tír é. Chreid sé féin gur “cur i géill a bheith ag caoineadh bás na Gaeltachta ar láimh amháin agus ag déanamh beag is fiú de shaibhreas cainte na cosmhuintire ar an láimh eile”.

Bhí an saibhreas sin agus tráthúlacht agus greann an traidisiúin bhéil an-tábhachtach dó mar scríbhneoir, ach rinne sé scagadh domhain ealaíonta chomh maith, go háirithe ina chuid próis, ar nádúr an duine agus ar dhuairceas agus ar ghruaim an tsaoil.

Mar ghníomhaí pobail agus teanga bhí sé lárnach i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, an ghluaiseacht as ar eascair Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, mar ar thug Joe Steve cuid mhór dá shaol oibre.

Sna blianta ina dhiaidh sin, ba mhinic a labhair sé amach go poiblí, bíodh sé ag ócáidí poiblí nó ina chuid aistí, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga.

Agus Léacht Uí Chadhain á thabhairt aige in 2016, dúirt sé go raibh “cic sa tóin” ag teastáil ó phobal na Gaeltachta ach go raibh faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge i ‘tobar beo’ na teanga.

Ach bhí dóchas aige leis go dtiocfadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge slán agus muinín go háirithe aige as an aos óg.

Ba é an cnuasach agallamh beirte agus bailéad Fead Ghlaice, a foilsíodh in 1986 an chéad leabhar uaidh.

I measc na saothar eile uaidh bhí na cnuasaigh filíochta, De Dhroim LeiceAn Dé Deireadh agus Fad Saoil agus na cnuasaigh gearrscéalta Cloch Mhóin, a bhuaigh Duais Sheán Uí Éigeartaigh agus Gradam Chló Iar-Chonnacht in 1998,  Salann Garbh agus Idir Neamh is Talamh.

I dtús na mílaoise a foilsíodh a chéad úrscéalta agus thuill Scread Mhaidine agus Láimh Láidir moladh agus duaiseanna go leor. Ar na drámaí a scríobh sé bhí In Ainm an Athar agus Níor Mhaith Linn do Thrioblóid agus Faoi Dheireadh Thiar. Foilsíodh Ag Caint Linn Fhéin, cnuasach aistí leis in 2013.

In 2018 foilsíodh a shaothar neamhfhicsin  Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir.

Joe Steve Ó Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dúirt sé i réamhrá an leabhair sin gur d’fhonn cur síos ar an bpobal as ar fáisceadh é seachas cuntas ar a shaol féin a bhreacadh a chrom sé a chuimhní cinn a scríobh.

Ba ‘chion Pháidín den mheacan’ a chuidse den scéal a dúirt sé “i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn”. 

Ag deireadh na bliana seo caite a foilsíodh an leabhar deireanach leis, an cnuasach gearrscéalta An Diabhal Déanta.

Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Máirín, a mbeirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mac Páid, a mhuintir agus a chairde go léir.

Fág freagra ar 'Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis'

  • Sean O Ciobhain

    Comhbhron.

  • uinseann

    mo chuimhne cinn ort a Joe ná gáire, gáire agus tuilleadh gáire , aimsir Bhaile an Droichid. Beannacht Dé ort!

  • An Teanga Bheo

    Laoch luachmhar a bhí ann ariamh Beannacht Dé leis an fear uasal agus comhbhrón lena mhuintir ar fad.

  • Ursula Mhic Cárthaigh

    Mar mhac léinn aibí rinne mé tráchtas bunchéime ar shaothar Joe Steve agus chuir mé agallamh air in aerfort BhÁC agus é féin agus Máirín ar a mbealach chun na Spáinne. Roinn sé a chuid ama go fial flaithiúil liom agus ní dhéanfaidh mé dearmad air an lá sin go deo. Fear uasal amach is amach agus comhbhrón lena mhuintir ar fad.

  • Caitríona Hastings

    Go ndéana Dia grásta air. File focal agus corp an duine uasail.