An fiabhras fealltach a chuir scaoll i muintir Chonamara céad bliain ó shin

Dá dhonacht agus dá shuaraí é an gadaí sin ar a dtugtar Covid-19, tá bealaí níos fearr ann anois le dul in éadan na hanachaine seo

An fiabhras fealltach a chuir scaoll i muintir Chonamara céad bliain ó shin

Bhí Doire Iorrais sroichte acu. Soir trasna an tsléibhe a bheidís gaibhte. Baile fearainn é Doire Iorrais atá ar imeall thoir leithinis Iorras Aithneach agus ar imeall thiar phobal Ros Muc in iarthar Chonamara. Mo shin-seanathair, Josie Phádraic na Coise, agus a mhac siúd, Sonaí Josie Phádraic na Coise, mo sheanathair. Na Catháin.

Aistir bhrónach a bhí inti. Bhí scéala tagtha anoir as Ros Muc go raibh mo shinsean-aintín básaithe. Ba dheirfiúr í le Josie. Casadh fear dóibh i nDoire Iorrais. Chuir sé caidéis orthu. Cá raibh a dtriall? D’insíodar dhó.

‘Má dhéanann sibh mo chomhairle,’ a deir fear Dhoire Iorrais ‘ní ghabhfaidh sibh níos faide. Tá an fiabhras go dona i Ros Muc.’

Ní fhéadfainn a rá cén bhliain a bhí inti ach bheadh sé níos mó ná céad bliain ó shin.

Fear óg a bhí i mo sheanathair san am ach bhí ciall na mblianta saothraithe ag a athair, Josie, faoin tráth sin. Rinne a chuid staidéir ar an bhfainic a cuireadh air. An fiabhras. Bhíodar idir dhá chomhairle. Ach tháinig an croí agus an ceangal teaghlaigh in uachtar. Choinníodar orthu.

Chuala mé an scéal á inseacht níos mó ná aon uair amháin agus is é an chaoi ab fhearr ar bhain mé meabhair as ná go raibh an bhean a bhí básaithe – mo shinsean-aintín – ina máthair ag Sonaí Ó Nídh i Ros Muc, nó Sonaí Mór mar a thugtaí air. Leis an scéal a thabhairt níos cruinne, ba chol ceathracha iad Sonaí Mór agus mo sheanathair, Sonaí Josie.

Go faiteach a rinne mo shin-seanathair agus mo sheanathair an treabhadh trí shliabh agus trí gharrantaí nó gur shroicheadar an teach tórraimh. Ag cuimhneamh dom ar an scéal anois, is dóigh gurbh é an fiabhras – pé cineál fiabhrais a bhí ann – a bhí ina shiocair bháis ag mo shinsean-aintín. Bhíodh rudaí ann ar nós an tífis agus aicídí eile agus gan feabhas ná faoiseamh i ndán do dhaoine dá mbarr, go minic.

Is cosúil go raibh drogall ar an mbeirt dul siar sa seomra ina raibh sí os cionn cláir. Ach fuaireadar an ceann ab fhearr ar an imní sin freisin – cé gur cosúil gur chuidigh braon poitín leo. Go deimhin, leagadh ar an bpoitín ar ball agus rinneadh dearmad ar dhainséar an fhiabhrais nó go raibh an corp le tabhairt chuig Teach an Phobail. Go deimhin bhí sé socraithe ag Sonaí Mór go n-iompródh sé féin cónra a mháthar ar a dhroim mura mbeadh aon bhealach eile ann! Bhí scéin i ndaoine roimh dhaoine a raibh an fiabhras orthu, bídís beo nó marbh. Ach, fuarthas fear carr capaill a d’iompair a corp.

Níor chóir a ligean i ndearmad, agus muid i sáinn ag an víreas atá ag treabhadh leis ar fud an domhain anois, go raibh an saol coimhthíoch agus cruálach go minic ag na glúnta a chuaigh romhainn. Níl aon ghá dúinn a dhul achar mór siar sa stair ach an oiread.

Beagán blianta ó shin scríobh mé píosa faoi Chóilín Bairéad as Leitir Ard agus é théis bháis san am. Bhásaigh a chuid deartháireacha uilig de bharr na heitinne (TB) sna blianta tar éis an dara Cogadh Mór. Dúradh go rabhadar ina bhfir fheiceálacha, ábalta. Leagadh iad ar nós tráithníní, triúr acu. B’uafásach an aicíd a bhí san eitinn, bhí sí tógálach agus contúirteach. Mhair Cóilín go raibh sé gaibhte go mór amach sna blianta. Ach, chaithfeadh sé gur minic a bhuail an t-uaigneas é – agus go leor nach é – de bharr a ndearna an eitinn de mhísc mharfach.

Dá dhonacht agus dá shuaraí é an gadaí sin ar a dtugtar Covid-19, nó an coróinvíreas, tá bealaí níos fearr ann anois le dul in éadan na hanachaine seo. De bharr a bhfuil de dhul chun cinn déanta i gcúrsaí leighis táthar in ann tuiscint a fháil níos tobainne ar nádúr an tinnis seo agus bealaí le cosaint éigin a thabhairt do dhaoine. Ansin tá na ceangail chumarsáide agus na deiseanna taistil ann.

Cé gur go drogallach atá an chuid is mó againn ag glacadh leis na ceangail atá curtha orainn anois de bharr Covid-19, níl muid gearrtha amach ón saol chor ar bith. Ar an gcéad iarraidh tá an teileafón sa teach ag go leor daoine, gan trácht ar an teileafón póca atá ina nglaic ag gasúir an bhaile anois.

Cén bhrí acu tá muid in ann pictiúr an té a bhfuil muid ag caint léi/leis a fheiceáil ar scáileán an teileafóin. Ansin tá an teachtaireacht téacs ann agus an t-idirlíon agus gach bealach eile cainte agus comhrá, bealaí go deimhin a thugann deis dúinn scéala a chur chuig duine éigin eile má tá cruachás i gceist.

Agus tá an carr ann. Is féidir píosa tiomána a dhéanamh beag beann ar an víreas agus is léir go bhfuil go leor daoine á dhéanamh sin.

Níl aon bheann ag Covid-19 orainn ach tuigeann muid an mhísc atá ag baint leis, agus tá eolas agus deis chosanta, go pointe ar chuma ar bith, againn agus go dtuga Dia chuile dhuine slán.

I gcoirnéal thoir thuaidh i reilig Chill Bhriocáin i Ros Muc atá mo shinsean-aintín agus a fear curtha. Ansin atá Sonaí Ó Nídh, a bhean agus a chlann freisin. Tá sé in am agam cuairt a thabhairt ar an spota sin aríst.

Fág freagra ar 'An fiabhras fealltach a chuir scaoll i muintir Chonamara céad bliain ó shin'