Amárach beidh mé 50 bliain d’aois – ‘an 30 nua’!

Agus é ag druidim leis an leathchéad, tá aiféala ar ár gcolúnaí faoin dearcadh a bhíodh aige faoin aois sin agus é níos óige

Amárach beidh mé 50 bliain d’aois – ‘an 30 nua’!

Beidh mé 50 amárach, rud a chiallaíonn go bhfuil mé scothaosta anois; scothaosta dá gcuirfeá ceist orm nuair a bhí mé 20.

Nuair a bhí mé 20, sheachain mé comhluadar daoine a bhí os cionn 25 den chuid is mó. Ní raibh siad ‘bainteach le hábhar’ agus dá mbeadh an téarma sin thart sna 1990idí, is cinnte go dtabharfainn ‘boomer’ orthu.

Cúis eile a bhí le mo neamhshuim sa saol ar an taobh thall den cheathrú céad ná eagla. Critheagla, go deimhin.

N’fheadar an bhfuil a mhacasamhail seo ann i saol na heitrighnéasach – an aois sin ag a n-iompaíonn fir agus mná áille ina ndaidithe agus ina mamaithe craptha cráite, cá bhfios? – ach i saol na bhfear a bhfuil dúil acu i bhfir, deirtear go leathmhagúil go bhfuil a leithéid ann agus an ‘bás aerach’, an aois sin ag a mbeáráiltear thú as an gclub go deo – club na ndaoine áille atá bainteach le hábhar.

Má bhíonn cuma na baoithe air seo, bíodh. Ach is cinnte go raibh mé chomh scanraithe sin roimh an tseanaois nuair a bhí mé i dtús na 20idí go ndeirinn le mo chairde ag an am go bhfacthas dom gur aois mhaith le bás a fháil a bhí i 48.

Ach ní stadann an clog. I bhfaiteadh na súl bhí an ceathrú céad sáraithe agam – roic ag teacht i m’éadan agus dath liath ag teacht ar mo chuid gruaige – agus sna seachtainí roimh mo 30ú breithlá bhí giodam orm, an saghas giodaim sin a thagann ar dhuine ar bharr aille.

Bhí an dá scór níos measa fós. Ní giodam ach dúlagar a bhí orm sna míonna roimh mo 40ú breithlá (ocht mbliana fágtha agam anois, a dúirt mé liom féin.)

Léiríonn taighde eolaíoch nach raibh mé i bhfad ón marc leis an 48 bliain sin a shamhlaigh mé mar cheann scríbe feiliúnach nuair a bhí mé óg, álainn agus aineolach: tá fianaise ann go mbuaileann an duine íosphointe ina shaol ag aois a 47.2, (cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí air nó uirthi nó cén cultúr lena mbaineann sé nó sí.

Ach léiríonn taighde, leis, gur suas a théann graf an tsonais ina dhiaidh sin. Agus más fianaise an chaoi a bhfuil mé inniu, an lá roimh mo 50ú breithlá, tá an ceart ag na heolaithe. Ní hé go bhfuil mé ag léimt suas agus síos le háthas faoin scéal, ach ní chuireann sé as dom ach oiread.

Go deimhin tá mé buíoch go bhfuil mé fós i measc na mbeo; tamall de mhíonna ó shin, d’imigh duine a bhí sa rang céanna liom ar an meánscoil ar shlí na fírinne.

Níor bhain sise an leathchéad amach; tá mise fós ag rothaíocht, ag ardú meáchain agus ag dornálaíocht liom agus tá an deis agam spriocanna nár bhain mé amach go fóill a bhaint amach, tús a chur le caibidil nua.

‘Is é 50 an 30 nua,’ a dúirt neacht de mo chuid liom an lá cheana (tá sí féin díreach tar éis an 30 a shárú.)

Agus is cinnte nach ionann a bheith 50 in 2025 agus a bheith 50 i 1995, nuair a bhí mise 20, agus oiread réamhchlaontaí agam i gcoinne daoine a bhí níos sine ná mé gur sheachain mé a gcomhluadar. Ach feictear dom – agus tá súil agam nach í m’aois féin amháin is cúis leis seo – go mbíonn i bhfad níos mó teagmhála idir na glúnta na laethanta seo ná mar a bhíodh 30 bliain ó shin; tá cairde agam atá 10, 15 nó fiú amháin 20 bliain níos óige ná mé, rud nár shamhlaigh mé go deo thiar i 1995.

Nár dheas an rud é dá ndéarfadh duine níos sine ná mé liom ag an am gur tuiscint fhorchéimnitheach ár dtuiscint ar chúrsaí aoise – ní hamháin ár dtuiscint phearsanta féin ach ár dtuiscint ar choincheap na haoise mar shochaí.

Ach is dócha nach n-éistfinn leis.

Fág freagra ar 'Amárach beidh mé 50 bliain d’aois – ‘an 30 nua’!'

  • MG

    Breithlá sona dhuit, a Alex! Is maith liom do chuid colúin

  • Indrek

    Fáilte romhat go Club 50, a Alex chóir, agus go maire tú an céad! Níl sé chomh dona sin. :) Má tá tú folláin go fóill, níl ann ach uimhir. Súil againn go gcoinneoidh tú ort ag soláthar ailt bhréatha dúinn.

  • Darragh

    Go maire tú an céad, a Alex.

  • alan titley

    Go maire tú an 100!

  • Éamonn Mac Niallais

    Fán go dtig tú go dtí’n chéad stad eile ar an aistear, 60, feicfidh tú go mbraitheann tú fos mar ógfhear! Lá breithe sona duit.

  • Pádraic

    Bíodh an-lá agat, a Alex! Is cinnte nach bhfuil aon mheath tagtha ar do chumas scríbhneoireachta ar aon nós ó bhí tú ag scríobh do Foinse! Go maire tú an céad agus tuilleadh lena chois.

  • Luke O'Connor

    Nil ionat ach buachaill og!
    Lucas

  • Póilín Ní Chiarain

    Sonas agus fad saoil Alex, bain ceol as